Spriocdháta iarratais 09 Meitheamh 2022 17:30
|
Is é cuspóir na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh uaillmhianacha, nuálacha agus chruthaitheacha ar ardchaighdeán – e.g. taispeántais, imeachtaí, féilte agus cláir. Tá sé mar aidhm shonrach aici cur le taithí an phobail ar an ailtireacht agus a rannpháirtíocht léi. Scéim forbartha atá anseo agus is é is aidhm léi gréasán ailtirí, coimeádaithe, ríomhchláraitheoirí ealaíon, féilte agus ionaid ealaíon sa réimse cleachtais seo san ailtireacht a chruthú. Is é cuspóir na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh uaillmhianacha, nuálacha agus chruthaitheacha ar ardchaighdeán – e.g. taispeántais, imeachtaí, féilte agus cláir. Tá sé mar aidhm shonrach aici cur le taithí an phobail ar an ailtireacht agus a rannpháirtíocht léi. Scéim forbartha atá anseo agus is é is aidhm léi gréasán ailtirí, coimeádaithe, ríomhchláraitheoirí ealaíon, féilte agus ionaid ealaíon sa réimse cleachtais seo san ailtireacht a chruthú.
|
Dámhachtain ar uasmhéid
€25,000
Iarratas dúnta
|
Spriocdháta iarratais 28 Márta 2024 17:30
|
Níl Snáithe 1 agus Snáithe 2 oscailte ach d’fhaighteoirí Dámhachtainí Áiteanna Cruthaitheacha atá ann cheana féin ar bronnadh maoiniú trí bliana orthu cheana féin sa chlár Áiteanna Cruthaitheacha. Tá Snáithe 3 oscailte d’iarratasóirí nua, ar nós oifigí ealaíon na n-údarás áitiúil, lena n-áirítear Ealaín na Gaeltachta, eagraíochtaí ealaíon agus eagraíochtaí forbartha pobail (m.sh. ionaid acmhainní teaghlaigh, gníomhaireachtaí nó eagraíochtaí a thacaíonn le grúpaí ar leith).
|
Dámhachtain ar uasmhéid
€30,000
Iarratas dúnta
|
Spriocdháta iarratais 03 Márta 2022 17:30
|
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon na hÉireann chun tionscadail chomhoibritheacha cheannródaíocha a chruthú a bhfuil uaillmhian, tionchar agus scála ag baint leo a spreagann plé, agus a ghríosaíonn nó a thugann freagra i dtaca le háit agus féiniúlacht mar chuid d’Éirinn na linne seo. An chéad spriocdháta eile le fógairt.
|
Dámhachtain ar uasmhéid
€500,000
Iarratas dúnta
|
Spriocdháta iarratais 22 Aibreán 2021 17:30
|
In the Open | Faoin Spéir, scéim maoinithe sainchuspóra a fhógairt in 2021, a forbraíodh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19.
|
Dámhachtain ar uasmhéid
€90,000
Iarratas dúnta
|
Spriocdháta iarratais 07 Márta 2024 17:30
|
Tá Culture Night Late deartha chun tacú le himeachtaí a thosaíonn tar éis 9pm agus a leanann ar aghaidh go déanach san oíche ar an Oíche Chultúir, Dé hAoine 20 Meán Fómhair 2024. Tá an gradam á thairiscint i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Tascfhórsa um Gheilleagar na Oíche chun éagsúlacht níos mó a thairiscint don lucht féachana ina n-eispéireas Oíche Chultúir go déanach san oíche, agus chun imeachtaí ealaíon déanach san oíche níos cuimsithí agus níos nuálaí a spreagadh a bheidh oiriúnach do raon cineálacha lucht féachana amach anseo.
|
Dámhachtain ar uasmhéid
€12,500
Iarratas dúnta
|
Spriocdháta iarratais 14 Meán Fómhair 2023 17:30
|
Tacaíonn an Dámhachtain um Chuireadh chun Comhoibrithe le tionscnaimh i réimse fhorbairt na n-ealaíon atá á stiúradh ag údaráis áitiúla.Tá bunús na scéime sna beartais atá leagtha síos i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (2016-2025), Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú agus in Creatlach don Chomhoibriú: Comhaontú idir an Chomhairle Ealaíon agus Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach. Cuirtear béim ar thacú le comhpháirtíochtaí atá dírithe ar thionscadail, acmhainní nó seirbhísí a fhorbairt atá uaillmhianach agus ceannródaíoch.
|
Dámhachtain ar uasmhéid
€90,000
Iarratas dúnta
|