Tairiscint ar Sholáthar Seirbhísí Comhairleoireachta
Ailtireachta
Is ar an gComhairle Ealaíon atá an phríomhfhreagracht
as foirm ealaíne na hailtireachta a fhorbairt in Éirinn. Comhlíonaimid an
fhreagracht sin trí fhorbairt chruthaitheach ailtirí agus idirghníomhaíocht an
phobail le cúrsaí ailtireachta a fhorbairt, ag úsáid roinnt gradam agus deontas
do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí. Níl aon bhaint dhíreach againn leis na
gnéithe trádála/tionsclaíochta den earnáil.
Is mian leis an gComhairle Ealaíon Comhaontú Creata
Aon Pháirtí do Sholáthar Seirbhísí Comhairleoireachta Ailtireachta a bhunú, a
fhreastalóidh ar riachtanais na heagraíochta ó thaobh sheachadadh agus
chaighdeán na seirbhísí. Mairfidh téarma an chomhaontaithe bliain amháin agus
beidh rogha ann tréimhse bhreise amháin sé mhí a chur leis. Maidir leis an
tairgeoir a n-éireoidh leis, beidh an saineolas agus an taithí a theastaíonn
aige chun comhairle chriticiúil a thabhairt ar shaothar ealaíonta agus le
cuidiú leis an gComhairle sa phróiseas meastóireachta ar iarratais a fhaightear
ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí do ghradaim, scéimeanna, deontais agus
deiseanna maoinithe eile a chuireann an Chomhairle ar fáil (bíodh sé sin ar
bhonn neamhspleách nó i gcomhar le gníomhaireacht eile).
Déantar iarratas ar an gconradh seo go heisiach trí phróiseas
tairisceana poiblí a chuirfear ar
fáil tríd an suíomh gréasáin soláthair eTenders: www.etenders.gov.ie. Ba
cheart na tograí ar fad a chur isteach faoi 12:00 Dé hAoine, 4 Nollaig 2020. Ba
cheart aon cheist i dtaobh an chonartha seo a chur de réir mar a leagtar amach
san fhógra tairisceana, agus níor cheart iad a chur chuig an gComhairle
Ealaíon.