Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 13 Aibreán 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €16,500 |
---|
Foirm ealaíne | Ealaín Áitiúil Áite agus Poiblí, Féilte, Ionaid tionóil |
---|
Cineál lucht éisteachta | Grúpa, Eagraíocht, Údarás áitiúil, , |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Eimear Kelleher |
---|
ríomhphoist | Eimear.Kelleher@artscouncil.ie |
---|
Maidir le hOíche Chultúir Dhéanach
Cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana Dearadh Oíche Chultúir Dhéanach chun tacú le himeachtaí a gcuirfear tús leo i ndiaidh 9 p.m. agus a leanfaidh ar aghaidh go déanach san oíche ar Oíche Chultúir, Dé hAoine an 22 Meán Fómhair 2023. Cuirtear an dámhachtain seo ar fáil i gcomhpháirtíocht
leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin Tascfhórsa um Geilleagar Oíche chun níos mó éagsúlachta a chur ar fáil dá gcuid eispéireas Oíche Chultúir mall san oíche, agus chun imeachtaí ealaíon níos ionchuimsithí
agus nuálaí atá feiliúnach do réimse cineálacha lucht féachana a spreagadh amach anseo.
Tacóidh an dámhachtain
- a) (Snáithe 1) le himeachtaí déanach san oíche, a bhfuil áit iontu do os cionn 500 duine, arna aithint agus arna threorú ag údarás áitiúil i gcomhpháirtíocht le hionad ealaíon/eagraíocht ealaíon/féile ealaíon amháin nó níos mó agus/nó coimeádaí amháin
nó níos mó, nó
- b)(Snáithe 1) le himeachtaí déanach san oíche, a bhfuil áit iontu do os cionn 500 duine, arna threorú ag ionad ealaíon/eagraíocht ealaíon/féile ealaíon i gcomhpháirtíocht leis an údarás áitiúil cuí, nó
- c) (Snáithe 2) ionaid ealaíon ar mian leo cur isteach ar mhaoiniú breise chun tacú le hoscailt dhéanach san oíche ar Oíche Chultúir.
Tá bunús na scéime daingnithe sna beartais atá leagtha síos i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (2016–25), Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon
Éirinn a Threorú (féach anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/straiteis-na-comhairle-ealaion/)
agus i dTuarascáil an Tascfhórsa Geilleagair Oíche (féach anseo: https://www.gov.ie/en/publication/c1ba7-report-of-the-night-time-economy-taskforce/) de chuid Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Íoslódáil Ceisteanna Coitianta Oíche Chultúir Déanach anseo
Spriocdháta:
5.30 pm, Déardaoin, an 13 Aibreán 2023
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú