Mar fhreagra ar an gcéim dheiridh de Dheich mBliana na gCuimhneachán, tá clár náisiúnta, Ealaíon 2023 beartaithe
ag an gComhairle Ealaíon, gairm oscailte ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí
ealaíon, chun ionadh a chur orainn agus chun an stát a athnuachan.
I
gcomhpháirt le agus le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon,
Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, beidh an glaoch ar siúl i 2022; fógrófar agus
cuirfear tús le clár deiridh i 2023; is deis uathúil í d’ealaíontóirí athbhrí a
chur i samhlaíocht na hÉireann agus féachaint ar Dheich mBliana na
gCuimhneachán ó dhearcthaí nua trí thograí uaillmhianacha a chruthú.
Cuirfidh
an clár seo leis an gclár Ealaíon
2016,
a chuir an Chomhairle Ealaíon i láthair roimhe le tacaíocht ón Rialtas.
Gairm Oscailte ar ealaíontóirí agus
ar eagraíochtaí ealaíon na hÉireann chun tionscadail chomhoibritheacha
cheannródaíocha atá dírithe ar an bpobal a chruthú a bhfuil uaillmhian,
tionchar agus scála ag baint leo a spreagann plé, agus a ghríosaíonn nó a thugann
freagra i dtaca le háit agus féiniúlacht mar chuid d’Éirinn na linne seo.
Is clár é Gairmeacha
Oscailte d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon chun a gcleachtas a
fhorbairt agus a athrú ó bhun agus aird a tharraingt ar a saothar don phobal ar
scála náisiúnta, agus ealaín ag a bhfuil próifíl ard a bheidh lárnach i saol
daoine a chruthú.
Laistigh de chomhthéacs na dámhachtana seo, tagraíonn comhoibriú
d’oibriú le healaíontóirí nó eagraíochtaí eile, nó d'fhéadfadh sé tagairt do
chomhoibriú le pobail áite nó pobail chomhspéise. Tuigtear tionscadail lena
mbaineann ‘scála agus uaillmhian’ mar shaothar nach féidir a bhaint amach i do
chleachtas reatha, atá suntasach ó thaobh físe de, is cuma faoin scála
fisiciúil, saolta nó cainníochtúil.
D’fhéadfadh na tionscadail
a bheartaítear mar fhreagairt don Ghairm Oscailte a bheith i bhfoirm ealaíne ar
bith nó d’fhéadfadh siad a bheith trasdisciplíneach nó idirdhisciplíneach.
Is le haghaidh tionscadail a thosófar in 2023 agus a chríochnófar in
2023, nó an chéad ráithe de2024, Gairmeacha
Oscailte 2023 i gcomhpháirtíocht le Deich mBliana na gCuimhneachán.
Spriocdhátaí
Cuirfear tús leis an tréimhse inar
féidir iarratais a chur isteach le haghaidh Gairmeacha Oscailte 2023 (Céim a
haon) ar an 01 Feabhra 2022. Is é an spriocdháta don Scéim seo ná 5.30 p.m.
Déardaoin, 03 Márta, 2022. Glacfar le hiarratais ar shuíomh gréasáin
na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
An Próiseas iarratais
Tá dhá shnáithe i nGairmeacha
Oscailte 2023, Snáithe Íochtair do dhámhachtainí idir €100,000-€250,000 chun tacú le tograí uaillmhéine ar mheán-scála, agus Snáithe Uachtair do
dhámhachtainí agus €251,000-€500,000 chun tacú le cláir atá ar scála
níos mó. Tá gach snáithe deartha chun tacú le tograí ar mhéideanna difriúla agus le cláir mar fhreagra ar Dheich mBliana
na gCuimhneachán.
Féadfaidh
duine ar leith nó eagraíocht iarratas amháin a dhéanamh ar Ghairmeacha
Oscailte 2023, agus dá bharr ní féidir ach iarratas a dhéanamh ar cheann
amháin den dá shnáithe atá ar fáil.
Tabhair faoi
deara go mbeifear ag súil go gcuirfidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo tús
lena gcuid tograí tionscadail i 2023 agus go gcuirfear i gcrích nó go
ndéanfar iad a sheachadadh gan a bheith níos déanaí ná an chéad ráithe de 2024
de réir na bliana deiridh de Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Soláthrófar sonraí iomlána an phróisis
iarratais i dtreoirlínte na scéime ón 1ú Feabhra 2022.
Treoirlínte
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus
d’eagraíochtaí ar cónaitheoirí de chuid (Phoblacht) na hÉireann iad. Bíonn
cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais
incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid (Phoblacht) na hÉireann iad.
Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratas den sórt sin
incháilithe, áfach, bheadh ar an gComhairle a bheith sásta go gcuirfeadh
torthaí togra den sórt sin le healaíona (Phoblacht) na hÉireann. Ní mór do
thograí a fhaightear ó eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon
faoi Mhaoiniú Straitéiseach, Comhpháirtíochta nó d'Ionaid Tionóil fianaise a
sholáthar gur tionscadal eisceachtúil atá i gceist agus go bhfuil sé taobh
amuigh de shainchúram a ngníomhaíochtaí maoinithe.
Clinic
Maoinithe
Reáchtálfar
clinic maoinithe Gairmeacha Oscailte 2023 ina gcuirfear eolas ar fáil
d’iarratasóirí ar an gCéadaoin 2ú Feabhra 2022 ag 2 p.m.
Chun clárú le haghaidh
chlinic Gairmeacha Oscailte cliceáil anseo.