Ní mór d’iarratasóirí rathúla ar dhámhachtainí ón gComhairle Ealaíon, lena n-áirítear dámhachtainí sparánachta, dámhachtainí coimisiún, dámhachtainí tionscadal, agus dámhachtainí taistil agus oiliúna, ní mór dóibh tuairisciú ar úsáid a ndámhachtana agus
sonraisc nó eolas airgeadais ar bith eile a sholáthar nuair is cuí. Gheobhaidh tú dhá dhoiciméad leis an litir thairisceana ina mbeidh an t-eolas ábhartha faoi gach rud a chaithfidh tú a dhéanamh chun an t-airgead a fháil ón gComhairle Ealaíon: treoir
maidir le híocaíochtaí agus téarmaí agus coinníollacha mhaoiniú na Comhairle Ealaíon. Ní mór an tuairisc a chur isteach le d’iarratas chun an chuid deireanach de do mhaoiniú a fháil.
Coinníonn na tuairiscí seo an Chomhairle Ealaíon ar an eolas faoi raon agus faoi chineál na ngníomhaíochtaí a dtugaimid tacaíocht dóibh agus léiríonn siad dúinn cé chomh héifeachtach is atá ár gcórais iarratais agus cumarsáide.
Glac an t-am, más é do thoil é, le foirm thuairiscithe Deis agus Taifeadadh Deis a chomhlánú agus é a chur isteach tríd an suíomh seirbhísí ar líne agus d’íocaíocht dheireanach á hiarraidh agat. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú a dhéanamh
ar ár gcuid tacaíochtaí agus iad a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den scéim. Ní mór duit cuntas ioncaim agus caiteachais a chur isteach freisin, nach mór a bheith sínithe ag duine a bhfuil údarás aige/aici maidir leis an tionscadal. Ba chóir an
chóip shínithe a bheith scanta agus uaslódáilte tríd an suíomh seirbhísí ar líne ag an am céanna.
Chun an fhoirm thuairiscithe agus an teimpléad ioncaim agus caiteachais a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
D’fhonn an chéad tráthchuid de do dheontas faoi Scéim Infheistíochta na bhFéilte a fháil, caithfidh tú na nithe seo a leanas a chur isteach:
Plean agus Buiséad Leasaithe — Ní mór d’iarratasóirí rathúla breac-chuntas a thabhairt ar na hathruithe a dhéanfaidh tú ar do thogra bunaidh. Is féidir leat an teimpléad a íoslódáil anseo. Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2024 - Plean Leasaithe.
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí — Tá sí seo ag teastáil má fuair tú maoiniú d’obair lena mbaineann leanaí agus daoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach
trí na seirbhísí ar líne. Is féidir treoracha a íoslódáil maidir le Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta ón nasc a leanas: How to complete the Child Protection and Welfare - Quality Assurance Self-Audit
Íocaíocht Deiridh
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do dheontas faoi Scéim Infheistíochta na bhFéilte a fháil, caithfidh tú foirm thuairisce agus cuntas ioncaim agus caiteachais a chur isteach trí do chuntas seirbhísí ar líne. Cabhróidh do chuid faisnéise
linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú do bhabhtaí eile den scéim.
Chun na teimpléid a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Na hEalaíona sa Luathfhoghlaim agus Cúram agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile – Scéim Phíolótach 2023
An Chéad Íocaíocht
D’fhonn an chéad tráthchuid de do Mhaoiniú Píolótach – Ealaíona sa Luathfhoghlaim agus Cúram (LFC) agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile (CLAS) a fháil, caithfidh tú na nithe seo a leanas a chur isteach:
- Meabhrán Tuisceana
Iarrtar ort Meabhrán Tuisceana (MT) cothrom le dáta idir na suíomhanna comhpháirtíochta agus an t-ealaíontóir nó eagras ealaíon a chur ar fáil. Ba cheart go léireodh sé seo an stádas reatha agus an comhaontú
atá i réim anois agus an maoiniú dearbhaithe. Tá an teimpléad MT ar fáil lena íoslódáil anseo.
Más amhlaidh go bhfuil níos mó ná an t-aon cháipéis MT amháin agat, iarrtar ort iad a scanadh in éineacht lena chéile agus a uaslódáil mar cháipéis PDF amháin.
- Ioncam & Caiteachas Athbhreithnithe
Más amhlaidh gur tairgeadh suim duit is éagsúil leis an tsuim a iarradh, nó má sonraíodh mar riachtanas é i do litir thairisceana, iarrtar ort foirm ioncam agus caiteachas réamh-mheasta leasaithe
a sholáthar agus tabhair breac-chuntas ar aon athruithe ar do thogra. Is féidir é seo a chur isteach trí rphost.
- Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí
Bíonn sí seo ag teastáil má fuair tú maoiniú d’obair lena mbaineann leanaí agus daoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach
trí na seirbhísí ar líne. Chun treoracha a íoslódáil maidir le Cosaint agus Leas Leanaí - Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar na nasc a leanas: How to complete the Child Protection and Welfare - Quality Assurance Self-Audit
Dara hÍocaíocht
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do Mhaoiniú Píolótach – Ealaíona sa Luathfhoghlaim agus Cúram (LFC) agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile (CLAS) a fháil, caithfidh tú foirm tuairisce agus cuntas ioncaim agus caiteachais
a chur isteach trí do chuntas seirbhísí ar líne. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú do bhabhtaí eile den scéim. Beidh na teimpléid don fhoirm tuairisce agus don chuntas
ioncaim agus caiteachais ar fáil lena n-íoslódáil sna seachtainí beaga atá romhainn.
D’fhonn an chéad tráthchuid de do Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona a fháil, caithfidh tú na nithe seo a leanas a chur isteach:
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí: tá sí seo ag teastáil cibé an bhfuair nó nach bhfuair tú maoiniú as obair atá ábhartha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a
shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Chun treoracha a íoslódáil maidir le Cosaint agus Leas Leanaí - Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar na nasc a leanas: conas a chriochnu - Child Protection and Welfare - Quality Assurance Self-Audit
Glac an t-am, más é do thoil é, an fhoirm seo a chomhlánú agus é a chur isteach tríd an suíomh seirbhísí ar líne agus d’íocaíocht dheireanach á hiarraidh agat. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus iad
a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den scéim. Chun d’íocaíocht dheireanach a fháil ní mór duit an doiciméad seo a chur isteach le do thuairisc ar chaiteachas agus ioncam.
Chun an fhoirm agus an teimpléad ioncaim agus caiteachais a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Chun an chéad íocaíocht a fháil ní mór duit an teimpléad buiséid agus plean athbhreithnithe a chur isteach. Chun an fhoirm a íoslódáil, cliceáil ar an nasc seo thíos:
Tá an fhoirm thuairiscithe um chamchuairteanna seo ann chun gur féidir cuntas fíorasach a sholáthar don Chomhairle Ealaíon maidir le líon an lucht féachana agus líon na dticéad a díoladh. Chun d’íocaíocht dheireanach a fháil ní
mór duit an doiciméad seo a chur isteach i dteannta le tuairisc ar ioncam agus caiteachas deimhnithe ag cuntasóir. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus iad a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den
scéim. Chun na foirmeacha a íoslódáil, cliceáil ar an nasc seo a leanas:
Caithfidh na daoine a gheobhaidh an Dámhachtain um Léiriúchán Ceoldráma na rudaí seo a leanas a chur isteach ionas go mbeidh siad in ann an íocaíocht dheireanach a tharraingt anuas. Soláthróidh an t-eolas seo sonraí tábhachtacha fíorasacha don Chomhairle
Ealaíon maidir le léiriú ceoldrámaí agus líon an lucht féachana ag Ceoldrámaí.
1. Tuairisc mhionsonraithe den tionscadal lena n-áirítear:
Cuntas iomlán ar gach gné den tionscadal ó pheirspictíocht ealaíne, airgeadais agus margaíochta de.
Sceideal Tionscadail
Achoimre ar fhreagairt chriticiúil agus an lucht féachana
Léargas ar cé acu ar cuireadh an tionscadal i gcrích de réir mar a bhí beartaithe.
2. Cuntas Ioncaim agus Caiteachais bunaithe ar an M45 - Éileamh ar Dheontais - Ráiteas Teicniúil Ilchineálach*
3. Buiséad deireanach trí úsáid a bhaint as teimpléad Buiséid Deiridh um Léiriúchán Ceoldráma*
4. Tuairisc chomhlánaithe ar líon na dticéad a díoladh/an lucht féachana tríd an teimpléad ceart a úsáid*
*Chun iad a íoslódáil cliceáil ar na naisc thíos:
Glac an t-am, más é do thoil é, an fhoirm thuairiscithe a chomhlánú agus é a chur isteach tríd an suíomh seirbhísí ar líne agus d’íocaíocht dheireanach á hiarraidh agat. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí
agus iad a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den scéim. Ní mór duit cuntas ioncaim agus caiteachais a chur isteach freisin, nach mór a bheith sínithe ag duine a bhfuil údarás aige/aici maidir leis an tionscadal. Ba chóir an chóip shínithe a bheith
scanta agus uaslódáilte tríd an suíomh seirbhísí ar líne ag an am céanna. Chun an fhoirm thuairiscithe agus an teimpléad caiteachais agus ioncaim a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Chun do chéad íocaíocht a fháil ní mór duit teimpléad buiséid leasaithe a chur isteach. Chun d’íocaíocht dheireanach a fháil ní mór duit foirm thuairiscithe chaighdeánach ar dhámhachtainí a chur isteach i dteannta le tuairisc
ar ioncam agus caiteachas deimhnithe ag cuntasóir i gcásanna ina mbíonn an méid atá ar fáil níos mó ná €25,000. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus iad a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den scéim.
Chun na foirmeacha a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do dheontas faoi Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne a fháil, caithfidh tú foirm thuairisce agus cuntas ioncaim agus caiteachais a chur isteach trí do chuntas seirbhísí ar líne:
Ón mbliain 2015 i leith, tá ceangal ar eagraíochtaí ealaíon a fhaigheann maoiniú an Scála Trédhearcachta Rialachais d’eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú athfhillteach ón gComhairle Ealaíon (0.04 MB, PDF) a chomhlíonadh, rud ar cód trédhearcachta rialachais
é atá bunaithe ar an gceann atá ag Boardmatch Éireann. Tógadh an Scála Trédhearcachta as an gCód Rialachais d’Eagraíochtaí Pobail, Deonacha agus Carthanacha, www.governancecode.ie, rud arb ionann é agus cód cleachtais a comhaontaíodh sa bhliain
2012 le haghaidh dea-rialachais san earnáil neamhbhrabúis.
Tabhair faoi deara: ní mór d’eagraíochtaí an Ráiteas Carthanas ar Chleachtas Molta (SORP) a chomhlíonadh, de réir mar is cuí. Agus a ráitis airgeadais don bhliain 2014 á n-ullmhú aici, is é an t-aon cheanglas atá ar d’eagraíocht ná gealltanas a thabhairt
go gcuirfear an SORP chun feidhme. Ní mór é a chur chun feidhme sa bhliain 2016 ansin nuair a bheidh na cuntais don bhliain 2015 á n-ullmhú.
Sular féidir an íocaíocht deiridh a chur ar fáil, ní mór d’eagraíochtaí litir a uaslódáil ar an suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne, agus iad ag deimhniú go gcomhlíonann siad an cód.
D’fhonn d’íocaíocht deiridh a tharraingt anuas, beidh ort cuntas ioncaim agus caiteachais a sheoladh isteach, mar aon le foirm thuairisce. Chun na foirmeacha a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
D’fhonn an chéad tráthchuid de do Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona a fháil, caithfidh tú na nithe seo a leanas a chur isteach:
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí: tá sí seo ag teastáil cibé an bhfuair nó nach bhfuair tú maoiniú as obair atá ábhartha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a
shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Chun treoracha a íoslódáil maidir le Cosaint agus Leas Leanaí - Féin-iniúchadh i gcomhair
Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar na nasc a leanas:
Child Protection and Welfare - Quality Assurance Self-Audit
D’fhonn an tráthchuid dheiridh de do Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona a fháil, caithfidh tú roinnt cáipéisí a chur isteach, ina measc:
Foirm thuairisce: caithfear d’fhoirm thuairisce chomhlánaithe, ina gcuimsítear rannóg dearbhaithe, a shíniú agus a chur isteach trí Sheirbhísí ar Líne. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh faisnéise a fháil: Foirm Thuairisce (0.45
MB MS Word)
M45: i gcás gurb ionann an méid a thairgtear agus €100,000 nó níos mó, ní mór duit cuntas Ioncaim agus Caiteachais a réiteach ar bhonn an Ráitis Theicniúil Ilghnéitheach M45 – Éilimh Dheontais. Caithfear é seo a sheoladh isteach trí
sheirbhísí ar líne. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh faisnéise a fháil: M45 (0.11 MB, PDF)
Caithfear Cuntas Ioncaim agus Caiteachais atá ullmhaithe agus sínithe de réir luach do dhámhachtana a chur isteach ar Sheirbhísí ar Líne. Féach ar chodanna 16 agus 17 de na Coinníollacha maidir le Cúnamh Airgeadais chun na riachtanais
ar leith a fheiceáil. Caithfear an Cuntas Ioncaim & Caiteachais a chruthú le tairseach thuarascáil gníomhaíochta ealaíon ar líne na Comhairle Ealaíon (AAR), aar.artscouncil.ie.
Scoileanna Ildánacha 2023
D’fhonn an tráthchuid dheiridh de do mhaoiniú Scoileanna Ildánacha a fháil, caithfidh tú na triúr cháipéis a leanas a chur isteach. Cabhróidh an fhaisnéis a thugann tú linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den scéim seo.
Scoileanna Ildánacha 2022
D’fhonn an tráthchuid dheiridh de do mhaoiniú Scoileanna Ildánacha a fháil, caithfidh tú na triúr cháipéis a leanas a chur isteach. Cabhróidh an fhaisnéis a thugann tú linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú
le haghaidh babhtaí eile den scéim seo.
D’fhonn do dhara íocaíocht bhliantúil a tharraingt anuas (má tá clár maoinithe trí bliana á fháil agat) nó íocaíocht dheiridh (má tá dámhachtain taighde á fháil agat) iarrtar ort Foirm Tuairisc sínithe agus Ioncam sínithe a chur isteach agus Tuarascáil
ar chaiteachas. Chun na foirmeacha a íoslódáil, cliceáil ar an nasc thíos le do thoil:
D’fhonn an chéad tráthchuid de do Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona a fháil, caithfidh tú na nithe seo a leanas a chur isteach:
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí: tá sí seo ag teastáil cibé an bhfuair nó nach bhfuair tú maoiniú as obair atá ábhartha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a
shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Chun treoracha a íoslódáil maidir le Cosaint agus Leas Leanaí - Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar na nasc a leanas: Child Protection and Welfare - Quality Assurance Self-Audit