Work Suite, Áine McBride, 2018.
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do na físealaíona agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do thacú le pobal bríomhar amharcealaíontóirí
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do thacú le pobal bríomhar amharcealaíontóirí agus le grúpaí agus le heagraíochtaí amharcealaíon chun deis a bheith ag an bpobal an caighdeán is airde sna hamharcealaíona a bhlaiseadh, i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe na hÉireann. Táimid den tuairim go bhfuil réimse meán sna hamharcealaíona: péinteáil, líníocht, dealbhóireacht, déanamh priontaí, grianghrafadóireacht, ealaín bheo/ léiriú beo, scannáin, físeáin nó meáin eile íomháú digiteach.
An phríomhthosaíocht atá againn sa réimse ná an bealach a réiteach don phobal amharcealaíon chun barr a chumais a bhaint amach, rud a chinntíonn inbhuanaitheacht agus spleodar an phobail amharcealaíon san am atá le teacht. Chun é sin a chur i gcrích cuirimid roinnt áiseanna comhlántacha ar fáil ionas go mbeidh ealaíontóirí amharcealaíon in ann a gcleachtadh a fhorbairt agus saothar a chruthú. Ina theannta sin, tá rún daingean againn go rachaidh na hamharcealaíona i gcion ar phobail ar fud na tíre agus chuige sin tacóimid le camchuairteanna agus tugaimid ár mBailiúchán ar iasacht d'institiúidí ar fud na hÉireann chun é a thaispeáint go poiblí ar bhonn leanúnach.
Cé gurb í an Chomhairle Ealaíon an phríomhghníomhaireacht chun na hamharcealaíona a fhorbairt go náisiúnta, tá roinnt eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eile ann a thacaíonn leis an bpobal. Cuireann an Chomhairle Ealaíon airgead ar fáil go príomha do spásanna poiblí, agus glacann an Chomhairle Ealaíon leis an tábhacht a bhaineann le gailearaithe faoi úinéireacht phríobháideach atá ríthábhachtach d’amharcealaíontóirí chomh maith. Tugann siad deiseanna dóibh a gcuid saothair a dhíol agus a thaispeáint ag aontaí idirnáisiúnta ealaíon. A bhuí lenár gcomhpháirtíocht le Cultúr Éireann tacóimid le hionadaíocht thar ceann ár n-amharcealaíontóirí is fearr ag an Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíon ag Biennale na Veinéise. Tá ról lárnach ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chomh maith, go háirithe trína Chlár Náisiúnta.