-
Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna
Áis chónaitheach ghearrthéarmach í seo le haghaidh amharcealaíontóirí i mBaile an Chaisil i gContae Mhaigh Eo. Tá 4 stiúideo faoi leith ann, teachíní cónaithe agus ceardlann priontála. Lena chois sin tá spás gailearaí ann agus cnuasach ealaíon agus reáchtálann sí ceardlanna oideachasúla le haghaidh scoileanna áitiúla.
http://www.ballinglenartsfoundation.org
-
Black Church Print Studio
Ceardlann chun priontaí mínealaíne a dhéanamh is ea í seo inar féidir le healaíontóirí, idir bhaill agus eile, trealamh le haghaidh eitseála, priontáil scáileáin agus priontáil rilífe mar aon le trealamh ilmheán agus digiteach a úsáid. I measc na bpríomhimeachtaí atá aici tá clár taispeántas, cónaitheachtaí, for-rochtana agus oideachais.
http://www.print.ie
-
Dánlann Butler
Gailearaí taispeántais chomhaimseartha suite ar thailte Chaisleán Meánaoiseach Chill Chainnigh. Tá bailiúchán ionadaíoch d'Ealaín na hÉireann ón naoú agus fichiú haois déag sa ghailearaí freisin.
http://www.butlergallery.com
-
Cork Printmakers
Tá ealaíontóirí gairmiúla in ann rochtain a fháil ar an gceardlann phriontála seo ina bhfuil áiseanna le haghaidh eitseála, intaglio grianghrafadóireachta, priontáil scáileáin, liteagrafaíochta agus priontáil rilífe. Lena chois sin cuireann sí cláir agus imeachtaí oideachais ar siúl ar féidir leis an bpobal freastal orthu.
http://www.corkprintmakers.ie
-
Douglas Hyde Gallery
Spás gailearaí taispeántais chomhaimseartha ar thailte Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath a leagann cláir amach d'ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon.
http://www.douglashydegallery.com
-
EV+A
Féile bhliantúil d'ealaín chomhaimseartha i Luimneach a oibríonn le coimeádaithe idirnáisiúnta chun dul i bhfeighil ar thaispeántas in aon ionad amháin d'ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon.
http://www.eva.ie
-
Fire Station Artists' Studios
Áis le haghaidh amharcealaíontóirí i lár Bhaile Átha Cliath is ea é seo. Tá 8 stiúideo cónaithe ann, ceardlann dealbhóireachta agus 4 stiúideo lae. Cuireann sé oiliúint agus tacaíocht ar fáil d'ealaíontóirí agus cuireann sé cláir shuntasacha sna hamharcealaíona ar a chlár le béim ar cleachtas rannpháirtíochta ealaíon.
http://www.firestation.ie
-
Graphic Studio, Baile Átha Cliath
Ceardlann déanta priontaí í seo a chuireann áiseanna agus tacaíocht ar fáil le haghaidh ealaíontóirí priontaí i lár Bhaile Átha Cliath. Tá ról nach beag aici freisin maidir le forbairt clár agus seirbhísí oideachais.
http://www.graphicstudiodublin.com/
-
Highlanes Gallery
Is spás taispeántais chomhaimseartha é Highlanes Gallery atá sa sean-Mhainistir Proinsiasach a bhí i nDroichead Átha tráth; cuireann sé clár taispeántas sealadach agus taispeántais ó Bhailiúchán Cathrach Ealaíne Dhroichead Átha i láthair chomh maith.
http://www.highlanes.ie
-
Irish Arts Review
Is iris ealaíne ráithiúil í an Irish Arts Review atá tiomnaithe le heolas agus léirthuiscint a chur chun cinn maidir le healaín na hÉireann, idir ealaín stairiúil agus chomhaimseartha, agus lucht féachana nua a fhorbairt d'ealaíontóirí na hÉireann.
http://www.irishartsreview.com
-
Leitrim Sculpture Centre
Áis amharcealaíon í seo atá á forbairt i gCluainín i gContae Liatroma. Tá 6 stiúideo cónaitheacha ann faoi láthair mar aon le ceardlann mhór agus spás le haghaidh tionscadal agus taispeántas. Reáchtálann sí cláir agus taispeántais freisin.
http://www.leitrimsculpturecentre.ie
-
Dánlann Lewis Glucksman
Spás gailearaí comhaimseartha ar thailte Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Déantar clárú agus feighil ar ealaíontóirí idirnáisiúnta agus náisiúnta.
http://www.glucksman.org
-
Limerick City Gallery
Spás gailearaí comhaimseartha ina bhfuil bailiúchán buan freisin d'ealaín na hÉireann, agus an Bailiúchán Náisiúnta de Líníocht Chomhaimseartha.
http://www.limerickcity.ie
-
Limerick Print Makers
Saotharlann priontála í seo a chuireann áiseanna agus tacaíocht ar fáil d'ealaíontóirí priontála atá ag obair i lár Chathair Luimnigh. Tá spás gailearaí agus clár oideachais aici freisin.
http://www.limerickprintmakers.com
-
National Irish Visual Arts Library
Is í seo an eagraíocht forbartha náisiúnta le haghaidh théatar agus dhrámaíocht na hÓige in Éirinn. Tugann NAYD tacaíocht d'fhorbairt an téatair do dhaoine óga trí chláir ealaíon, eolas agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil mar aon le comhairle i leith beartas.
http://www.ncad.ie/nival
-
National Sculpture Factory
Acmhainn agus eagraíocht tacaíochta le haghaidh ealaíontóirí is ea an National Sculpture Factory agus reáchtálann sé cláir imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
http://www.nationalsculpturefactory.com
-
RHA
A large contemporary gallery space in the centre of Dublin city. Programmes both Irish and international artists.
http://www.rhagallery.ie/
-
Source Magazine/Photoworks
Iris ráithiúil de ghrianghrafadóireacht chomhaimseartha. Eagraítear taispeántais agus cainteanna freisin i mBéal Feirste agus tugtar taispeántais ealaíontóirí Éireannacha ar chamchuairt go dtí gailearaithe san Eoraip.
http://www.source.ie
-
Temple Bar Gallery & Studios Ltd
Spás gailearaí agus stiúideo comhaimseartha i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Tá 28 ealaíontóir sna stiúideonna agus cláraíonn an gailearaí ealaíontóirí idirnáisiúnta agus as Éirinn.
http://www.templebargallery.com
-
Tulca
Féile bhliantúil d'ealaín chomhaimseartha i gcathair na Gaillimhe ina mbíonn taispeántais, taibhléirithe ealaíne beo, plé & cainteanna.
http://www.tulca.ie
-
Visual Artists Ireland
Eagraíocht uile-Éireann d'amharcealaíontóirí gairmiúla í seo a chuireann seirbhísí, áiseanna agus acmhainní ar fáil d'ealaíontóirí. Tionscnaíonn sí tionscadail agus foilseacháin agus déanann stocaireacht thar ceann ealaíontóirí faoi leith.
http://www.visualartists.ie
-
Gallery of Photography
Ionad do ghrianghrafadóireacht chomhaimseartha i mBaile Átha Cliath. Chomh maith leis an gclár taispeántas atá ann, reáchtálann an Gailearaí siopa leabhar, bíonn cúrsaí grianghrafadóireachta ar siúl ann, foilsíonn sé leabhair ghrianghraf agus soláthraíonn sé seomraí dorcha bána/dubha seirbhísithe agus áiseanna stiúideo digiteacha den scoth.
www.galleryofphotography.ie