D’fhógair an Chomhairle Ealaíon agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu gur seoladh Ealaín:2023, clár mór imeachtaí i rith 2023 agus a fhad le hAibreán 2024 a chuirfidh clabhsúr le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Cuirfidh an clár seo leis an gclár Ealaín 2016, ar tugadh tacaíocht dó cheana.
Is deis é an clár Ealaín: 2023 d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon chun saothair iontacha úra, a bhfuil uaillmhian agus scála ag baint leo, a chruthú, agus machnamh á dhéanamh ar théamaí Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
Is é €2M luach an mhaoinithe a cuireadh ar fáil, atá ag dul i dtreo dámhachtainí Gairmeacha Oscailte agus Dámhachtain do Rannpháirtíocht sna hEalaíona, agus €600,000 eile ag dul chuig ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile. Tá 10 dtionscadal maoinithe ar fud Gairmeacha Oscailte agus Rannpháirtíocht sna hEalaíona, agus maoineofar 24 ealaíontóir tríd an gCéad Ghlúin Eile. Is méadú é seo ó 2022, nuair a maoiníodh 20 ealaíontóir den Chéad Ghlúin Eile.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire Martin: “Sonraíonn an chomhpháirtíocht seo an ról tábhachtach a bhí ag ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha – agus atá acu ar fad – i gClár Dheich mBliana na gCuimhneachán I gcás go leor den phobal, is é seo an chaoi a roghnóidh siad dul i ngleic leis na téamaí casta a chuireann Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán i láthair. Cuireann EALAÍN:2023 deis ar leith ar fáil d'ealaíontóirí do chruthaitheoirí agus léireoidh sé an meas atá orthu agus muid ag leanúint ar aghaidh ag plé agus ag déanamh díospóireacht faoi bhunú ár Stáit. Tá áthas orm go bhfuil mo Roinn ag tacú leis an gComhairle Ealaíon chun cabhrú leis na healaíontóirí seo na tionscadail chomhoibríocha agus cheannródaíocha seo a sholáthar."
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter: “Tá ríméad orm go pearsanta seoladh EALAÍN:2023 a fhógairt, a léiríonn, i dteannta le gach rud eile, an chéim dheireanach dár gcomhoibriú le Deich mBliana na gCuimhneachán. Bhí ról ríthábhachtach ag ealaíontóirí i saol na hÉireann ó bunaíodh an Stát. Ceadóidh an raon éagsúil eagraíochtaí ealaíon agus ealaíontóirí a bhfuil baint acu le EALAÍN:2023 dúshlán agus léirmhíniú méadaithe ar ár stair choiteann agus ár dtodhchaí roinnte."
D’fháiltigh Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, roimh an bhfógra: “Agus muid ag bogadh isteach sa tríú deich mbliana den mhílaois nua, tá sé de dhualgas orainn smaoineamh ar an todhchaí. Ag teacht lenár straitéis 10 mbliana, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, is é sprioc EALAÍN:2023 a bheith ag tacú le cruthú saothair ealaíne uaillmhianacha a chomhtháthaíonn ár stair le fís láidir d’Éirinn chomhaimseartha; táimid tógtha guth a thabhairt do na healaíontóirí agus na heagraíochtaí sin atá ag cur le dearcadh nua ar ár sochaí, ag tabhairt spléachadh dúinn ar an chuma gur féidir a bheith ar ár dtodhchaí agus an chuma a ba cheart a bheith air.
Tá trí shnáithe a chuimsíonn dámhachtain Ealaín :2023
• Gairmeacha Oscailte
Is deis uathúil é Gairmeacha Oscailte d’ealaíontóirí samhlaíocht na hÉireann a athspreagadh agus machnamh a dhéanamh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán ó dhearcthaí nua trí thograí uaillmhianacha a chruthú don phobal. Tugaimid cuireadh d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon chun tionscadail chomhoibritheacha cheannródaíocha atá dírithe ar an bpobal a chruthú a bhfuil uaillmhian, tionchar agus scála ag baint leo a spreagann plé, agus a ghríosaíonn nó a thugann freagra i dtaca le háit agus féiniúlacht mar chuid d’Éirinn na linne seo.
I measc na n-ealaíontóirí agus eagraíochtaí ar bronnadh dámhachtain orthu i mbliana, tá; Féile Cairde Teo, Féile Ealaíon Éigse Cheatharlach, Amanda Coogan, Helium: Ealaíona & Sláinte Leanaí, The Ark, Ionad Ealaíon an Ghrianstad, Compántas Amharclannaíochta Smashing Times, Amharclann Damhsa CoisCéim, Junction Festival Chluain Meala agus Ionad Ealaíon Draíocht.
• Dámhachtain Markievicz
Bunaíodh Dámhachtain Markievicz chun onóir a thabhairt don Chuntaois de Markievicz – ba ealaíontóir í féin go deimhin – agus an chéad bhean a toghadh chuig Parlaimint agus a ainmníodh sa Chomh-aireacht. Tá sé i gceist aici tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí as gach cúlra agus seánra a ligfidh dóibh am agus spás a chur i leataobh le saothar nua ina léirítear ról na mban sa tréimhse a chumhdaítear le Deich mBliana na gCuimhneachán agus ina dhiaidh sin a fhorbairt. Fógrófar na dámhachtaithe sna seachtainí amach romhainn.
• Cuntas pearsanta na Chéad Ghlúine Eile
Bunaíodh Dámhachtana d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile in 2016 (ainmníodh an dámhachtain 16 x 16 ar dtús) mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán chun tacaíocht a thabhairt do scata ealaíontóirí tréitheacha san uile dhisciplín ag pointe luath ach ríthábhachtach ina ngairm. Fógrófar na dámhachtaithe i mí Aibreáin.
Beidh clár oibre ann atá sármhaith, uaillmhianach agus a chuireann béim ar an bpobal ann de thairbhe na ndámhachtainí seo, a spreagann ionchuimsitheacht, éagsúlacht, rannpháirtíocht, griogadh agus dioscúrsa maidir le féiniúlacht áite, spáis agus daoine agus deireadh cheiliúradh ár gcuimhneachán deich mbliana ag teannadh linn.
Ainm an iarratasóra | Ainm/teideal an tionscadail | An tsuim a ceadaíodh |
Féile
Cairde Teo. | Hereditas
/ Future Heritage (Teideal Sealadach) | 84,410.00 |
Féile
Ealaíon Cheatharlach | Cycles | 97,980.00 |
Coogan,
Amanda | Possession | 180,888.00 |
Helium:
Ealaíona & Sláinte Leanaí | My
Place to Be (Teideal Sealadach):seónna luathbhlianta ionchuimsitheacha do
leanaí óga faoi mhíchumas | 150,000.00 |
The
Ark | Right
Here Right Now, A Festival of Children | 67,000.00 |
Solstice
Arts Centre (Ionad Ealaíon an Ghrianstad) | Hairline
Crack [Dialóg] | 218,155.00 |
Compántas
Amharclannaíochta Smashing Times | States
of Independence | 227,466.00 |
Amharclann
Damhsa CoisCéim | THE
HOUR WE KNEW NOTHING OF EACH OTHER | 494.379.00 |
Junction
Festival Chluain Meala | From
Out The Land | 250,000.00 |
Ionad
Ealaíon Draíocht | NEST | 310,000.00 |
←Fill ar ais go dtí an nuacht