Dances for Inside and Outside (damhsa a cumadh i rith paindéime), Irish Modern Dance Theatre
Leanann an Chomhairle Ealaíon a bheith ag feidhmiú i gcaitheamh na géarchéime COVID-19. Is é tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon le linn na tréimhse deacra seo ár dtosaíocht. Cuirfear nuashonruithe rialta ar fáil anseo, níl ort ach cliceáil ar na naisc thíos, agus ar ár gcainéil meán sóisialta freisin.
Déanaimid teagmháil lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus i rannóga Rialtais eile ar bhonn laethúil chun an bealach is fearr a aimsiú le maireachtáil tríd an ngéarchéim.
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn mar is gnáth ar an bhfón nó le ríomhphost. Cliceáil anseo do na sonraí teagmhála le haghaidh na foirne a bhaineann le d’fhoirm ealaíne nó le do chleachtas ealaíne.