Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 14 Meán Fómhair 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €50,000 |
---|
Foirm ealaíne | Na físealaíona |
---|
Cineál lucht éisteachta | Grúpa, Eagraíocht, |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Maeve O'Flaherty |
---|
Teileafón | +353 (0)1 618 0236 |
---|
ríomhphoist | maeve.oflaherty@artscouncil.ie |
---|
Post | Na Físealaíona - Oifigeach |
---|
Tosaíochtaí na scéime
Tá sé d’aidhm ag Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí tacaíocht a thabhairt do spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht oibre is fearr agus is féidir a sholáthar d’amharc-ealaíontóirí agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú do na healaíontóirí a oibríonn sna spásanna sin.
Luíonn an straitéis seo le straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (2016–25),Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú , straitéis atá tiomanta do chinntiú ‘go gcuirtear timpeallacht thacúil oibre ar fáil a théann i ngleic le príomhphointí sa timthriall chruthaitheach trína ndéantar ealaín’.
Bronnfar deontas de suas le €50,000 faoin scéim i dtreo costais reatha cosúil le solas, teas, cíos, cláir forbartha ealaíontóirí, costais riaracháin agus/nó costais oiriúnacha eile. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar chostais chaipitil faoin scéim seo.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá
fáilte roimh iarratais ó na spásanna oibre seo a leanas:
- Spásanna oibre atá tiomanta do thacaíocht a thabhairt
d’amharc-ealaíontóirí.
- Spásanna oibre a fhreastalaíonn ar cheathrar amharc-ealaíontóirí
gairmiúla ar a laghad a oibríonn ar an láthair.
- Spásanna oibre a bhfuil sé beartaithe acu acmhainní a roinnt chun
tairbhe na n-ealaíontóirí a oibríonn ann.
- Spásanna oibre a chuir isteach ar Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona,
2020 nó a bhfuil sé ar intinn acu cur isteach ar Mhaoiniú Tionscadail 2020 le
haghaidh ngníomhaíochtaí poiblí (e.g. taispeántais, léiriúcháin, etc.) agus NÍ
LE HAGHAIDH TACAÍOCHTA DON STIÚIDEO.
- Spásanna oibre nach gcuirfidh isteach ar thacaíocht stiúideo trí
Mhaoiniú Straitéiseach na Comhairle Ealaíon, 2020.
Ní
mór go mbeadh na spásanna oibre lonnaithe i bPoblacht na hÉireann.
Tá
an Chomhairle Ealaíon tiomanta don chothromas agus don chuimsiú agus fáiltíonn
sí roimh iarratais ó dhaoine nó ó ghrúpaí ó phobail ina bhfuil cultúir éagsúla agus ó ealaíontóirí faoi mhíchumas.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú