Ní foláir nó go gcomhlíonfadh do ríomhaire agus do bhrabhsálaí Idirlín na riachtanais seo a leanas le go mbeifí in ann úsáid a bhaint as seirbhísí ar líne:
PC
Windows 7 nó níos déanaí
le
Internet Explorer 8.0 nó níos déanaí NÓ Firefox 27 nó níos déanaí NÓ Chrome 33 nó níos déanaí
Mac
Mac OS X v10.5 Leopard nó níos déanaí
le
Safari 3.1 nó níos déanaí NÓ Firefox 27 nó níos déanaí NÓ Chrome 32 nó níos déanaí
Tabhair faoi deara: Ní mór duit Microsoft Word nó OpenOffice a bheith agat ar do ríomhaire freisin chun on fhoirm iarratais féin a chomhlánú. Is bogearra soar in aisce é OpenOffice agus is féidir é a íoslódáil anseo: http://www.openoffice.org. Ní mór duit OpenOffice leagan 4.0.1 nó níos luaithe a úsáid.
Téigh chuig suíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne - http://onlineservices.artscouncil.ie. Feicfidh tú rannóg ar an leathanach ina ndeirtear: Úsáideoir nua. Cláraigh! Cliceáil ar an gcnaipe ‘cláraigh’ chun an próiseas clárúcháin a thosú.
Iarrfar ort tú féin a aithint mar dhuine aonair nó mar eagraíocht/ghrúpa.
Ansin iarrfar ort d’ainm, do shonraí cánach (tá PSP éigeantach más duine aonair tú), sonraí teagmhála, modhanna cumarsáide, pasfhocal agus scagaire turscair a sholáthar.
Cliceáil ar chláraigh.
Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon do shonraí clárúcháin a fhíorú ansin, d’fhéadfadh go dtógfadh sé seo suas le cúig lá oibre. Nuair atáthar tar éis do chuid sonraí a fhíorú seolfar ríomhtheachtaireacht chugat le treoracha chun logáil isteach.
D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil chun do chlárú a phróiseáil ag brath ar an méid a fhaightear. Is gnách go mbíonn níos mó daoine ag clárú roimh spriocdhátaí. Mar sin de, moltar duit clárú a luaithe agus is féidir más mian leat iarratas a dhéanamh.
Má chláraigh tú agus mura bhfuair tú deimhniú ríomhphoist, amharc i do scagairí turscair toisc go mb’fhéidir go gcuirtear ríomhphoist uathoibrithe ansin.
Má tá tú cláraithe mar úsáideoir agus go ndearna tú dearmad ar do phasfhocal, cliceáil ar an gcnaipe ‘ARN/Pasfhocal Dearmadta’ agus gheobhaidh tú ríomhtheachtaireacht le pasfhocal sealadach nua inti. Féadfaidh tú é sin a athrú i ndiaidh duit logáil isteach.
Iarrfar ort pasfhocal a chruthú le linn an phróisis chlárúcháin. Beidh do phasfhocal ag teastáil uait le logáil isteach chun iarratas a dhéanamh.
Má chláraíonn tú mar úsáideoir tugtar ARN duit sa ríomhtheachtaireacht chlárúcháin a sheolann an Chomhairle Ealaíon chugat. Mura bhfuil an t-ábhar seo agat féadfaidh tú úsáid a bhaint as an nasc ‘ARN Dearmadta?’ ar an leathanach um logáil isteach.
Tabhair faoi deara go mbeidh ort ainm d’eagraíochta agus an seoladh ríomhphoist a chláraigh tú le seirbhísí ar líne a iontráil.
Má tá an pasfhocal á chlóscríobh agat, bí cinnte go bhfuil sé á chlóscríobh i gceart agat, díreach mar atá sé sa ríomhphost. Má tá tú tar éis an pasfhocal a chóipeáil ón ríomhphost agus a ghreamú isteach sa réimse, bí cinnte nár chóipeáil tú ach an pasfhocal féin agus nach ndearna tú aon spásanna ná aon charachtar eile mór thimpeall, m.sh. lánstad, á chóipeáil leis. Féadfaidh tú an pasfhocal a ghreamú isteach i ndoiciméad Word ar dtús, mar shampla, chun é seo a sheiceáil. Ar athraigh tú an pasfhocal ón am a ndearna tú logáil isteach? Má athraigh ní bheidh an pasfhocal i do ríomhtheachtaireacht bailí a thuilleadh. Má athraíodh an pasfhocal agus nach féidir leat cuimhneamh air, iarraidh pasfhocal nua a fháil. Déan deimhin de gurb é an pasfhocal atá á chur isteach i réimse an phasfhocail agat seachas aon fhaisnéis logála isteach eile ar nós ARN nó seoladh ríomhphoist.
D’fhéadfadh cúpla cúis a bheith leis sin:
- Níl cuntas agat le Seirbhísí ar Líne agat. Fiú má tá ARN agat ó bheith i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon roimhe seo, b’fhéidir go mbeidh ort clárú le haghaidh cuntais mura ndearna tú iarratas ar líne riamh, nó go ndearna tú é roimh mhí am Mhárta 2010. Mura bhfuil tú cinnte go bhfuil cuntas agat le Seirbhísí ar Líne, déan teagmháil linn.
- Ní hionann an seoladh ríomhphoist a chuir tú isteach agus an ceann a ghabhann le do chuntas le Seirbhísí ar Líne. Is iondúil gurb é sin an seoladh ríomhphoist a thug tú nuair a chláraigh tú.
- Chuir tú ARN agus/nó seoladh ríomhphoist mícheart isteach. Mura bhfuil tú cinnte faoin ARN agus/nó faoin seoladh ríomhphoist a ghabhann le do chuntas, déan teagmháil linn.
- Tá dhá ARN ag roinnt úsáideoirí – ceann amháin dóibh féin agus ceann le haghaidh eagraíochta/grúpa a mbaineann siad leo. Bí cinnte go bhfuil an ARN agus an seoladh ríomhphoist ceart á gcur isteach agat.
Is de bharr luasanna uaslódála leathanbhanda malla a tharlaíonn sé sin de ghnáth.
Is é atá i gceist le luas uaslódála ná an chaoi a thomhaistear cé chomh tapa is a seachadtar ábhar nuair a sheolann tú comhaid ó do ríomhaire nó ó do líonra achair logánta chuig daoine eile ag baint úsáide as an Idirlíon.
Chun do luas uaslódála a sheiceáil nó a thomhas molaimid duit dul chuig an leathanach seo a leanas ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide, ina thabharfar treoir duit chuig suíomhanna inar féidir leat do luas leathanbhanda a thomhas.
http://www.askcomreg.ie/internet/broadband.59.LE.asp#L901
D’fhéadfadh cúpla cúis a bheith leis sin:
- Glactar le hiarratais ar an gcuid is mó de na cineálacha maoiniúcháin le linn tréimhse iarratais ar leith – a gcuirtear tús léi ceithre seachtaine roimh an spriocdháta de ghnáth. Is iondúil go dtugtar tús na tréimhse sin ar an leathanach faisnéise le haghaidh an chineáil maoiniúcháin áirithe sin sa rannán ‘Tacaíocht Airgeadais’ ar an suíomh Gréasáin seo.
- Ní gá go mbeadh maoiniú ar fáil i ngach foirm ealaíne i ngach babhta. Mar shampla, d’fhéadfadh dhá bhabhta de Dhámhachtainí Tionscadail a bheith ann i mbliain amháin ach b’fhéidir nach nglacfaí le hiarratais ar Cheol ach i gceann amháin de na babhtaí.
- D’fhéadfadh cineálacha maoiniúcháin áirithe a bheith ar fáil do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí/grúpaí, ach ní don dá dhream. Aithníonn córas na Seirbhísí ar Líne an cineál cuntais atá agat agus liostaíonn sé an maoiniú atá ar fáil faoi láthair a bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh air. Sonraítear cé atá incháilithe sna treoirlínte a ghabhann le gach cineál maoiniúcháin.
- Déanann eagraíochtaí eile corrmhaoiniú a riar ar son na Comhairle Ealaíon. Ina leithéid de chás, ní ghlactar le hiarratais trí na Seirbhísí ar Líne. Féach ar an leathanach faisnéise le haghaidh an chineáil maoiniúcháin sa rannán ‘Tacaíocht Airgeadais’ ar an suíomh Gréasáin seo i gcomhair sonraí.
Seo a leanas an próiseas chun iarratas a dhéanamh ar líne:
- Mura bhfuil sé déanta agat cheana féin, cláraigh agus breac síos do ARN agus do phasfhocal.
- Logáil isteach chuig do chuntas.
- Roghnaigh an cineál cuí maoinithe.
- Lean na leideanna agus líon isteach na réimsí riachtanacha.
- Íoslódáil an fhoirm iarratais agus sábháil í ar do ríomhaire.
- Comhlánaigh an fhoirm iarratais agus sábháil í.
- Fill ar an suíomh ar líne, logáil isteach agus téigh go dtí do leathanach baile.
- Brabhsáil chuig d’fhoirm iarratais agus uaslódáil í.
- Brabhsáil chuig d’ábhar tacaíochta agus uaslódáil é.
- Caith súil siar ar d’iarratas. Ní féidir iarratais a leasú ná ní féidir cur leo tar éis iad a chur isteach (feic an Cheist Choitianta thíos).
- Brúigh an cnaipe Cuir isteach (ní bhfaighimid d’iarratas mura mbrúfaidh tú ‘Cuir isteach’).
Is ionann an pasfhocal chun do shonraí bainc a dheimhniú agus an ceann logála isteach. Má dhéanann tú an pasfhocal a chóipeáil agus a ghreamú isteach sa réimse deimhniúcháin, áfach, d’fhéadfadh spásanna a bheith san áireamh agus ní aithneoidh an córas do pasfhocal dá thoradh. Má tharlaíonn sé sin, clóscríobh do phasfhocal isteach sa réimse go díreach in áit é a ghreamú.
Íoslódáil an fhoirm iarratais chuig do ríomhaire, agus ansin beidh tú in ann í a chomhlánú agus a shábháil gan a bheith ar líne.
Ní féidir an fhoirm iarratais seo a chomhlánú ach trí Microsoft Word nó an ríomhchlár saor in aisce foinse-oscailte OpenOffice a úsáid. Ní mór duit OpenOffice leagan 4.0.1 nó níos luaithe a
úsáid.
Ná húsáid aon ríomhchlár eile chun an fhoirm seo a chomhlánú, mar ní bheidh tú ábalta d’iarratas a sheoladh isteach agus beidh ort d’iarratas a dhéanamh arís ag baint úsáide as an ríomhchlár cuí.
Ná athraigh formáid an doiciméid a íoslódálann tú. Ní féidir ach foirmeacha iarratais atá sábháilte mar .doc nó .docx a chur isteach.
Cliceáil anseo chun OpenOffice a íoslódáil saor in aisce
Féach ar ár bhfís YouTube mar chabhair duit agus an fhoirm iarratais á comhlánú.
Ní mór duit an fhoirm a íoslódáil agus a
shábháil mar chomhad .doc.
Ní cheadóidh leaganacha nua de OpenOffice (níos
déanaí ná 4.0.1) téacs a chóipeáil agus a ghreamú ó cháipéis eile isteach sna
réimsí téacs ar an bhfoirm. Beidh ort do théacs a chlóscríobh go díreach
isteach san fhoirm.
I gcás mhóramh na n-iarratas ar mhaoiniú, ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a uaslódáil agus a chur isteach go leictreonach ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon um Sheirbhísí ar Líne.
Tá roinnt eisceachtaí an-teoranta ann i gcás ábhair thacaíochta ar leith a bhaineann le cineálacha maoiniúcháin áirithe. Ba chóir duit breathnú ar na treoirlínte sonracha a bhaineann leis an iarratas maoiniúcháin atá á dhéanamh agat chun iad sin a fháil amach. Sa chás go nglactar le cruachóip den ábhar, ní mór an t-ábhar sin a bheith faighte roimh an spriocdháta don iarratas.
Amach ó na heisceachtaí sonracha a shonraítear sna treoirlínte maoiniúcháin, tabharfar neamhaird ar aon ábhar tacaíochta a fhaightear i gcruachóip agus ní dhéanfar measúnú air mar chuid de d’iarratas.
Is féidir leat suas le 40MB d’ábhar a chur isteach ar líne.
Teorainn san iomlán é sin; mar sin de, ba chóir duit méid gach comhaid atá ar intinn agat a uaslódáil a sheiceáil lena chinntiú nach bhfuil na comhaid uile níos mó ná 40MB san iomlán.
Is féidir leat réimse leathan ábhar a uaslódáil lena n-áirítear íomhánna, físeáin agus comhaid fuaime (suas le teorainn iomlán 40MB agus iad le chéile).
Tá liosta thíos de na cineálacha comhaid a nglactar leo: Cuireann an iarmhír comhadainm (na litreacha tar éis an phoinc sa chomhadainm) an cineál comhaid in iúl.
- comhaid íomhá - (.jpg/.gif/.tiff/.png)
- comhaid fuaime - (.wav/.mp3/.m4a)
- comhaid físeáin - (.avi/.mov/.mp4)
- téacschomhaid - (.rtf/.doc/.docx/.txt)
- comhaid Adobe Reader - (.pdf)
- scarbhileoga (.xls/.xlsx)
Is féidir; tig leat naisc chuig URLanna a uaslódáil. Is féidir leat é a úsáid chun naisc a thabhairt dúinn chuig suíomhanna Gréasáin áirithe eile ar a bhfuil gearrthóga fuaime nó físe.
Féadfaidh tú naisc a chur ar fáil chuig
ábhar atá á óstáil ar ardáin sruthaithe nach gcuireann teorainn ar rochtain trí
shíntiús airgeadais. Chun é sin a dhéanamh, cóipeáil an URL (seoladh iomlán an
tsuímh ar a bhfuil d’ábhar á óstáil) isteach i gcáipéis Microsoft Word nó
OpenOffice Writer nó doiciméad PDF agus uaslódáil é mar cháipéis tacaíochta
ina bhfuil nasc gréasáin.
Cé nach liosta iomlán é seo, is samplaí d’ardáin chomhroinnte inghlactha iad
YouTube, Vimeo, SoundCloud agus Bandcamp.
Tabhair faoi deara nach nglacfaimid le naisc chuig suíomhanna gréasáin ar
féidir comhaid a chomhroinnt orthu (e.g. Google Drive) ná naisc chuig ardáin
meán sóisialta ná chuig suíomhanna gréasáin de chuid iarratasóirí aonair.
Molaimid duit an méid seo a leanas a dhéanamh lena chinntiú nach mbeidh d’ábhar ar fáil go poiblí:
YouTube: I socruithe an fhíseáin, cuir tic leis an rogha ‘Unlisted’ i rannán an Phríobháideachais. Mar thoradh air sin, ní bheidh ach na daoine ag a bhfuil nasc díreach chuig an bhfíseán in ann féachaint air. Ní thiocfaidh an físeán aníos i dtorthaí cuardaigh nó ar do chainéal YouTube (má tá ceann agat). Ná cuir tic leis an rogha ‘Private’ toisc go bhféadfadh sé sin cosc a chur orainne ó amharc ar an bhfíseán le linn an mheasúnaithe. Tá tuilleadh faisnéise anseo.
Léirítear an líon uasta
foirmeacha ealaíne ba chóir duit a roghnú sa rannán ‘Foirmeacha breise
ealaíne/cleachtais ealaíon a bhaineann le d’iarratas’ ar an bhfoirm. Má
sheiceálann tú níos mó ná trí bhosca sa rannán seo, áfach, cuirfidh an córas
cosc go huathoibríoch ar uaslódáil na foirme.
Nuair a chliceálann tú an cnaipe ‘Cuir isteach’:
- Tiocfaidh teachtaireacht aníos ar an scáileán a léireoidh gur cuireadh an t-iarratas isteach;
- Cuirfear ríomhphost tosaigh chugat á dheimhniú gur cuireadh an t-iarratas isteach;
- Cuirfear ríomhphost eile chugat ina mbeidh d’uimhir iarratais. Ba chóir duit tagairt a dhéanamh di sin más gás duit teagmháil a dhéanamh linn i dtaca le d’iarratas;
- Déarfar ar do leathanach baile go bhfuil an t-iarratas ‘Curtha isteach’.
Cuimhnigh go bhfuil na ríomhphoist deimhniúcháin uathoibrithe agus, dá bhrí sin, go mb’fhéidir go gcuirfí iad i d’fhillteáin turscair/dramhphoist. Breathnaigh sna fillteáin sin mura bhfuair tú iad.
Ní féidir é sin a dhéanamh. Más mian leat iarratas a cuireadh isteach a leasú nó cur leis, beidh ort iarratas eile a thosú agus é sin a chur isteach mar iarratas ionaid, lena n-áirítear an t-ábhar tacaíochta uile ba mhian leat a chur san áireamh, roimh an spriocdháta. Caithfidh tú a dheimhniú i scríbhinn freisin cén t-iarratas ar mhaith leat go ndéanfaí measúnú air, mar aon leis an uimhir iarratais/na huimhreacha iarratais. Tig leat é sin a dhéanamh ach ríomhphost a chur chuig an bhfoireann ábhartha a bhaineann leis an bhfoirm ealaíne, e.g. Ceol, nó chuig an rannóg tacaíochta le haghaidh na Seirbhísí ar Líne ar onlineservice@artscouncil.ie.
Ní féidir leat na sonraí bainc a nuashonrú má tá leagan Safari 6.2, 7 nó 8 á úsáid agat mar gur gá duit do phasfhocal a athiontráil i bhfuinneog aníos. Ní thaispeánfaidh na leaganacha Safari sin an fhuinneog aníos duit.
Mar mhalairt ar Safari, íoslódáil agus úsáid Google Chrome uaidh seo https://www.google.ie/chrome/browser/desktop/.
B’fhéidir go bhfuil fadhb comhoiriúnachta ann le do bhrabhsálaí, agus tá cúpla réiteach ann.
- Is féidir leat brabhsálaí Google Chrome a íoslódáil agus a úsáid, nó
- Mura dteastaíonn uait Chrome a íoslódáil agus má tá Internet Explorer 10 nó 11 in úsáid agat, beidh ort an mód comhoiriúnachta a athrú. Chun é sin a dhéanamh, beidh ort:
- logáil isteach ar do chuntas seirbhísí ar líne,
- dul chuig an roghchlár ag barr an bhrabhsálaí,
- ‘Tools’ (giar beag nó roth fiaclach ar barr an roghchláir ar dheis) a roghnú
- dul chuig ‘Compatibility View Settings’,
- ‘artscouncil.ie’ a chur leis, agus é a dhúnadh.
Anois ba cheart go mbeadh ar do chumas na doiciméid tacaíochta a uaslódáil.