Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 29 Feabhra 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €25,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Eimear Harte |
---|
Teileafón | 01 6180200 |
---|
ríomhphoist | YPCE@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir na dámhachtana
Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir 10 agus 24 bliana daois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (m.sh. sorcas, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, téatar, litríocht, na físealaíona nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh grúpaí/ensembles comhdhéanta de thriúr ball nó níos mó.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú