Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Cuspóir an Mhaoinithe Cobhsaithe Éigeandál
Is é cuspóir an Mhaoinithe Cobhsaithe Éigeandála tacaíocht airgeadais aonuaire a chur ar fáil d’eagraíochtaí a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú d’Ionaid Ealaíon a dteastaíonn cúnamh deontais éigeandála uathu idir seo agus an 31 Nollaig 2021.
Níor cheart d’eagraíochtaí a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú d’Ionaid Ealaíon iarratas a dhéanamh ar an maoiniú seo ach amháin más dóchúil go mbeidh deacrachtaí suntasacha airgeadais acu mar thoradh díreach ar COVID-19 agus ar na bearta sláinte poiblí lena mbaineann. Tá an maoiniú seo ceaptha cabhrú le nach ndúnfar eagraíochtaí ealaíon agus lena chinntiú nach bhfuil eagraíochtaí ag tabhairt fiachas suntasach ar aghaidh go 2022 mar thoradh ar thionchar COVID-19.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú