Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 19 Meán Fómhair 2024 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Martin Rochford |
---|
Teileafón | (01) 618 0284 |
---|
ríomhphoist | martin.rochford@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir
Is é is cuspóir leis an Maoiniú d’Ionaid Ealaíon infheistíocht a chur i mbonneagar a theastaíonn in Ionaid Ealaíon chun na healaíona a chothú agus a fhorbairt in Éirinn agus tacaíocht a thabhairt don bhonneagar sin.
Sainmhínítear ionaid ealaíon
mar eagraíochtaí ealaíon lánaimseartha, atá os comhair an phobail, atá faoi bhainistíocht ghairmiúil agus atá bunaithe ar na healaíona a chothú. Tacaíonn siad le healaín a chruthú, a chur i láthair agus idirghabháil ealaíon thar raon foirmeacha ealaíne
agus cleachtas ealaíon. Tacaíonn siad le cleachtas ealaíon gairmiúil, comhoibritheach, deonach agus amaitéarach.
Ní mór dóibh siúd a fhaigheann Maoiniú d’Ionaid Ealaíon obair ríthábhachtach a dhéanamh le go gcuirfí na tosaíochtaí beartais
a shonraítear i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh,
i gcrích.
Agus Maoiniú d’Ionaid Ealaíon á tairiscint aici, is mian leis an gComhairle Ealaíon an méid seo a leanas a chinntiú:
Gníomhaíochtaí, imeachtaí agus seirbhísí ealaíon den scoth a chur ar fáil agus a scaipeadh ar fud na tíre ar feadh na bliana
Go mbainfidh líon níos mó daoine taitneamh as eispéireas ealaíon ar ardchaighdeán
Go dtacófar le healaíontóirí ina gcleachtas gairmiúil
Go léireoidh lucht féachana, ealaíontóirí agus rannpháirtithe éagsúlacht na hÉireann comhaimseartha
Go mbeidh rannpháirtíocht níos mó ag an bpobal agus leis an bpobal
Ardchaighdeáin sa rialachas agus sa bhainistíocht.
I gcomhréir leis an mBeartas agus Straitéis d’Ionaid Ealaíon,
is mian leis an gComhairle Ealaíon ionaid ealaíon a spreagadh chun caidreamh a bhunú le healaíontóirí agus tacaíochtaí dóibh a fhorbairt tuilleadh. Seo a leanas roinnt samplaí:
Deiseanna den scoth san fhorbairt ghairmiúil d’ealaíontóirí a chur ar fáil trí:
Bainistíocht a dhéanamh ar spásanna fisiciúla d'ealaíontóirí chun saothar a fhorbairt
Cónaitheachtaí atá sách fada le go mbeadh fiúntas leo, a bhfuil luach saothair cuí ag gabháil leo agus atá ábhartha do riachtanais ealaíontóirí atá ag plé le foirmeacha agus cleachtais éagsúla ealaíne
Léiriúcháin/comhléiriúcháin intí
Samhlacha eile tacaíochta de réir mar is cuí
Obair a dhéanamh i gcomhar le heagraíochtaí cultúrtha agus eagraíochtaí eile (e.g. ionaid ealaíon agus ionaid tionóil eile, oifigí ealaíon údaráis áitiúla, féilte, leabharlanna, scoileanna, ionaid chúraim, etc.) chun caidreamh a dhéanamh le daoine
mar ealaíontóirí, baill den lucht féachana, comhoibrithe agus rannpháirtithe
Pleanáil chun foirgnimh atá cliste go digiteach a fhorbairt, ag tacú le nuálaíocht sa chruthú agus sa scaipeadh; ag tabhairt isteach solúbthachta maidir le freagra a thabhairt ar éilimh thimpeallacht reatha na paindéime.
Ba cheart achoimre a thabhairt ar na tacaíochtaí breise sin d'ealaíontóirí ar an bhfoirm iarratais mar ghníomhaíochtaí in 2025.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Níl Clár Maoinithe an Ionaid Ealaíon oscailte ach d'eagraíochtaí ealaíon atá bunaithe ar fhoirgnimh, a bhainistítear go gairmiúil, atá oscailte don phobal ó cheann ceann na bliana.
Más é seo an chéad uair a rinne d'eagraíocht iarratas ar Mhaoiniú faoin Ionad Ealaíon, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le Val Ballance, Ceann na nIonad Ealaíon, sula ndéanann tú iarratas.
D'fhaisnéis rannpháirtíochta a ullmhú
Tá treoir bhreise maidir le faisnéis rannpháirtíochta a ullmhú d'iarratas ar fáil inár rannán rannpháirtíochta poiblí lena n-áirítear sainmhínithe, uirlisí agus acmhainní chun tacú leat.
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú