Suim a dámhadh | €50,000 |
---|
Foirm ealaíne | Litríocht |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Jennifer Lawless |
---|
Teileafón | 01 6180 250 |
---|
ríomhphoist | jennifer.lawless@artscouncil.ie |
---|
Post | Litríocht roinn |
---|
Cuspóir na dámhachtana
Tá an Chomhairle Ealaíon i mbun cuíchóiriú ar a cláir mhaoinithe agus, chun na críche sin, ní chuirfear babhta de Scéim na bhFoilseachán/Teideal ar Theideal ar siúl in 2018.
D'fhéadfadh sé go mbeadh suim ag foilsitheoirí agus irisí, lena n-áirítear iad siúd a rinne iarratas ar Scéim na bhFoilseachán/Teideal ar Theideal roimhe seo, iarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona, clár nua maoinithe a forbraíodh mar chuid de chreat nua maoinithe na Comhairle Ealaíon.
Tacaíonn an clár maoinithe nua seo leis an bhfoilsitheoireacht san uile fhoirm, agus tá an Chomhairle Ealaíon ag súil le hiarratais a fháil ó fhoilsitheoirí agus irisí, idir nua agus seanbhunaithe.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú