Suim a dámhadh | €5,700 |
---|
Foirm ealaíne | Na healaíona agus míchumas |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Áisínteacht sheachtrach | Arts & Disability Forum |
---|
Teagmhálaí | Gillian Porter |
---|
Teileafón | 048 9023 9450 |
---|
ríomhphoist | gillian@adf.ie |
---|
Post | Administrator |
---|
Suíomh gréasáin | http://www.adf.ie |
---|
Arna feidhmiú ag The Arts and Disability Forum (ADF)
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is The Arts and Disability Forum (ADF) a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig ADF.
Cur síos
Tá Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais na hÉireann á gcómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Tugann na Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais tacaíocht airgeadais dealaíontóirí faoi mhíchumas agus cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann atá ag obair i ngach foirm ealaíne. Tá sí mar aidhm ag an scéim seo dúshlán a sholáthar agus spreagadh a thabhairt do chruthaitheacht, thástáil agus scoth na n-ealaíon. Is féidir le gach iarratasóir cur isteach ar £5,000 nó a chomhluach in euro ar an uasmhéid.
Tá pacáistí faisnéise agus foirmeacha iarratais le fáil ó shuíomh gréasáin an ADF, www.adf.ie.
Spriocdhátaí
Bealtaine agus Samhain gach bliain (déan teagmháil le ADF do thuilleadh eolais).
Sonraí teagmhála
The Arts and Disability Forum
Ground Floor
109/113 Royal Avenue
Béal Feirste BT1 1FF
Tuaisceart Éireann
Teil: +44 28 9023 9450 (048 9023 9450 ó Phoblacht na hÉireann)
Facs: +44 28 9024 7770 (048 9024 7770 ó Phoblacht na hÉireann)
Fón téacs: +44 28 9032 5744 (048 9032 5744 ó Phoblacht na hÉireann)
Ríomhphost: gillian@adf.ie
Suíomh gréasáin: www.adf.ie
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú