Suim a dámhadh | €3,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Tá ciste speisialta á thabhairt isteach ag an gComhairle Ealaíon chun cur ar chumas ealaíontóirí gairmiúla atá lonnaithe in Éirinn a gcuid ealaíne nua agus bunaidh a chur ar fáil don phobal le linn thréimhse aonraithe COVID-19.
Dámhachtain na Comhairle Ealaíon chun Freagairt do Ghéarchéim COVID-19 a thugtar ar an gciste.
Cuspóir agus tosaíocht
Is é cuspóir na dámhachtana ná tacú le saothar ealaíonta nua a chruthú agus a scaipeadh, bíodh sin ar líne, trí bhíthin é a chraoladh nó trí bhíthin modh fíorúil eile, chun leasa an phobail.
Tá an dámhachtain oscailte do dhuine ar bith atá in ann cuntas teiste ar chleachtadh gairmiúil mar ealaíontóir a léiriú, fiú amháin mura bhfuil siad cláraithe leis an gComhairle Ealaíon faoi láthair, nó fiú mura ndearna siad iarratas ar mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon roimhe seo, nó mura bhfuair siad maoiniú roimhe seo.
Ní mór d’iarratasóirí nua clárú do ARN na Comhairle Ealaíon sula ndéanann siad iarratas:* https://onlineservices.artscouncil.ie/register.aspx?&lang=gd-ge
*Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sular féidir clárú a phróiseáil.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú