Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 13 Feabhra 2025 |
---|
Suim a dámhadh | €20,000 |
---|
Foirm ealaíne | Litríocht |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Teileafón | 01 6180 200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir na dámachtana
Is é cuspóir na Dámhachtana Sparánachta Litríochta don Ghaeilge tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair i réimse na litríochta Gaeilge, le béim faoi leith ar ealaíontóirí atá níos aitheanta.
Tugann an dámhachtain am agus acmhainní do scríbhneoirí agus do mhaisitheoirí leabhar pictiúr atá i lár a ngairmréime agus aitheanta chun smaoineamh, taighde, machnamh, cruthú agus scríbhneoireacht a dhéanamh. Cuireann sé ar chumas scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar pictiúr díriú ar a n-obair chruthaitheach ar feadh tréimhse ama, ach iad a scaoileadh óna gceangaltais airgeadais de ghnáth.
Seisiún Eolais
Reáchtálfar seisiún eolais maidir leis an Dámhachtain Sparánachta Litríochta don Ghaeilge Déardaoin, an 30 Eanáir ag 12:30.
Cláraigh anseo
Is í Aisling Nic Artáin, Ceann na nEalaíon Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge a bheidh i mbun an tseisiúin. Pléifidh sí leis na nithe seo a leanas:
- Cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana
- Ábhair thacaíochta
- Seisiún Q & A
Iontaobhas Denis Devlin
Tá dámhachtain sparánachta breise aonuaire á tairiscint againn san fhilíocht faoi Litríocht na Gaeilge do Bhabhta 1 den Dámhachtain Sparánachta 2025.
Is ann don dámhachtain seo, a bhfuil luach suas le €20,000 i gceist léi, de bharr Iontaobhas Denis Devlin.
Tá tuilleadh sonraí i gcuid 1.2 sna treoirlínte.
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú