Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 13 Márta 2025 |
---|
Suim a dámhadh | €5,000 |
---|
Foirm ealaíne | Rince |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Teagmhálaí | Adele Kirwan |
---|
Teileafón | 087 1175134 |
---|
ríomhphoist | Adele.Kirwan@artscouncil.ie |
---|
Is
dámhachtain téarma-teoranta í Dámhachtain Joan Denise Moriarty, a mhairfidh
thar dhá bhliain (2025 agus 2026) agus atá á tairiscint i gcuimhne ar an
iardhamhsóir bailé, cóiréagrafaí, múinteoir agus stiúrthóir Joan Denise Moriarty. Tá an Chomhairle Ealaíon ina coimeádaí ar iontaobhas
Joan Denise Moriarty. Cuireadh de chúram orainn maoirsiú a dhéanamh ar
dháileadh an iontaobhais de réir thoil agus tiomna Joan Denise Moriarty.
Tá
Dámhachtain Joan Denise Moriarty oscailte do mhic léinn damhsa:
- Atá ag tabhairt faoi oiliúint ghairmiúil sa damhsa
- Ar glacadh leo i gclár damhsa a bhfuil dea-chlú air,
is fearr ag leibhéal fochéime nó ar ghairmchlár lánaimseartha.
Chun
cloí le rún an iontaobhais seo, leagann an dámhachtain béim ar leith ar bhailé.
Tá mic léinn ó gach seánra damhsa i dteideal iarratas a dhéanamh, áfach.Tá
Dámhachtain Joan Denise Moriarty oscailte do dhaoine atá paiseanta faoin damhsa
agus atá cíocrach chun na hardleibhéil scile agus ealaíonta a theastaíonn le
bheith i do dhamhsóir gairmiúil a bhaint amach. Leis an dámhachtain seo,
tacaítear le damhsóirí a lánacmhainneacht a bhaint amach trí oiliúint
ghairmiúil go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta.
Má
tá ceisteanna eile agat maidir leis an gciste iontaobhais seo déan teagmháil le
Karen Hennessy ag karen.hennessy@artscouncil.ie
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú