Cór aireagail Voci Nuove ag cur tús leis an 59ú Cór Fhéile Idirnáisiúnta Chorcaí ar bharr Cloigthúr an tSeandúin, Séipéal Naomh Anna (Church of St Anne), An Seandún (Grianghraf: Clare Keogh)
Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as na healaíona in Éirinn a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus as tacú leo. Mar an sainchomhlacht reachtúil sna healaíona, bíonn ár gcuid oibre faoi stiúir ag beartais agus dírithe go straitéiseach.
Leagaimid síos beartas le cinntiú go bhfuil gach a ndéanaimid agus a gcinnimid á ndéanamh ar bhealach straitéiseach a théann chun leas fadtéarmach na n-ealaíon in Éirinn. Is iad infheistíochtaí airgeadais na Comhairle Ealaíon an dóigh is feiceálaí a dtugaimid aghaidh ar ár sainchúram, ach mar sin féin, ní lú tábhacht na comhairle, na tacaíochta ná na comhpháirtíochta chuige sin.
Tá sé d'aidhm againn beartais chomhaimseartha ábhartha a dhéanamh atá múnlaithe ag saineolas agus ag taithí 60 bliain ár sainghníomhaireachta sna healaíona. De bharr an tsaineolais sin, táimid in ann soláthar a phleanáil le haghaidh gach gné de na healaíona, sainchomhairle agus tacaíocht dhiongbháilte a thabhairt, comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus cinntí maithe a dhéanamh i dtaobh maoinithe.
Oibríonn an Chomhairle Ealaíon faoi chreat straitéiseach foilsithe. Léirítear in Na hEalaíona a fhorbairt in Éirinn: Forbhreathnú Straitéiseach na Comhairle Ealaíon 2011-2013 treoir straitéiseach na Comhairle Ealaíon thar thréimhse trí bliana 2011-2013.
Bunaíodh Rannóg Forbartha Straitéisí in 2013 a dhíríonn go sainiúil ar na gnéithe sin d’obair na Comhairle Ealaíon a bhaineann lena feidhmeanna mar ghníomhaireacht forbartha nach iad infheistíochtaí airgeadais ná caidrimh mhaoinithe is mó is cás léi. Is iad seo príomhréimsí oibre na Rannóige Forbartha Straitéisí:
- Straitéis na Comhairle Ealaíon (2014–2016) lena n-áirítear Athbhreithniú 2014
- Tionscadal Taighde agus Forbartha Lucht Féachana agus Éisteachta na nEalaíon
- Pleanáil agus Soláthar Spásúil – conas a sholáthraímid do na healaíona go náisiúnta agus i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla
- Sonraí agus Faisnéis – conas a bhailímid, a bhainistímid agus a úsáidimid faisnéis faoi na healaíona mar mhúnla d’fhorbairt beartais, do phleanáil straitéiseach, agus don tacaíocht
- Tionscadail agus comhpháirtíochtaí taighde