The Fidelio Trio ag seinm do leanaí scoile ag The Ark (Grianghraf: The Ark/Camilla Cerea)
Tionscadal comhpháirtíochta de chuid na Comhairle Ealaíon i gcomhar le Taisce Chultúrtha Bharra an Teampaill is ea Lucht Féachana na nEalaíon (http://artsaudiences.ie/). Tá sé mar aidhm ag tionscadal Lucht Féachana na nEalaíon an smaointeoireacht atá dírithe ar an lucht féachana a thionscnamh agus tacú léi, go háirithe mar a dtagann cúrsaí margaíochta agus forbartha an lucht féachana le chéile.
Is iad seo spriocanna Lucht Féachana na nEalaíon:
- Acmhainn eagraíochtaí ealaíon a fhorbairt le go mbeidh siad in ann margaíocht a phleanáil de réir na riachtanas atá acu.
- Tús a chur leis an dea-chleachtas, tacaíocht a thabhairt dó agus béim a chur air.
- Rannpháirtíocht an sprioclucht féachana a mhéadú an oiread agus is féidir agus a dtaithí ar na healaíona a fheabhsú
Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Lucht Féachana na nEalaíon chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí agus imeachtaí. Faigh tuiscint níos fearr ar na cineálacha daoine is cuid de lucht féachana na n-ealaíon trí athbhreithniú a dhéanamh ar thuairiscí freastail an lucht féachana. Déan réimse mór acmhainní margaíochta úsáideacha a rochtain, nó tabhair faoin gcúrsa oiliúna ar líne sa mhargaíocht dhigiteach do na healaíona.
Is í Una Carmody Stiúrthóir Lucht Féachana na nEalaíon.