The Missing Scarf le hEoin Duffy, faighteoir Frameworks 2012.
Tá méid áirithe scéimeanna agus tionscnaimh bunaithe i gcomhar thacaíocht ar leith do scannán.
Reel Art
Scéim na Comhairle Ealaíon is ea Reel Art atá deartha chun deiseanna uathúla ar mhaithe le cláir fhaisnéise ardchruthaitheacha, shamhlaíocha is thurgnamhaíocha faoi théama ealaíonta a sholáthar d’ealaíontóirí scannáin. Ag feidhmiú i gcomhar le Filmbase agus an Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath urraithe ag Jameson (JDIFF), tacaíonn Reel Art le déanamh an dá scannáin le deontas €70-80,000 an tionscadal.
Is é spriocdháta d’iarratais Reel Art 2013 ná 17:00 Dé hAoine, 18ú Deireadh Fómhair 2013.
Ealaíontóirí scannáin ar spéis leo cur isteach chuig Reel Art, tá cuireadh acu freastal ar sheisiún eolais faoin scéim Dé Máirt, 17 Meán Fómhair ag 3i.n. i Filmbase.
Splanc!
Comhthionscnamh na Comhairle Ealaíon agus TG4 is ea Splanc! Tacaíonn sé le cláir fhaisnéise chruthaitheacha faoi na healaíona a dhéanamh trí Ghaeilge agus feidhmítear é ar bhonn débhliantúil. Beidh sonraí iomlán don chéad bhabhta eile de Splanc! le foilsiú san Fhómhar 2013.
Frameworks
Scéim is ea Frameworks do dhéanamh gearrscannáin bheoite chruthaitheacha le haghaidh craolacháin is thaispeántas féile. COmhthionscnamh is ea é idir an Chomhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann agus RTÉ.