-
Access Cinema
Eagraíocht
acmhainne náisiúnta is ea Access Cinema a chuireann scannáin chultúrtha ar fáil
i réigiúin na hÉireann. Tá 77 ionad, ionad ealaíne, cumann scannáin agus cumann
ar fud na tíre mar chomhaltaí ann. Cuireann sé clár pictiúrlainne agus
seirbhísí tacaíochta ar fáil dá n-eagraíochtaí comhalta.
http://www.accesscinema.ie
-
Cork Film Festival
Féile seachtaine atá i bhFéile Scannán Chorcaí a reáchtáiltear go bliantúil i mí na Samhna. Scannáin dhomhanda chomhaimseartha a bhíonn ar an gclár agus dírítear go sonrach ar ghearrscannáin agus ar scannáin cheoil.
http://www.corkfilmfest.org
-
Dublin International Film Festival
Reáchtáiltear Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath go bliantúil thar 11 lá i mí an Mhárta. Déanann an fhéile ceiliúradh ar scannán mar fhoirm ealaíne agus cuireann sé clár ilchineálach ar fáil ina bhfuil scannáin idirnáisiúnta agus Éireannacha, mar aon le sraith imeachtaí lena n-áirítear agallaimh le haíonna speisialta.
http://www.jdiff.com
-
Galway Film Fleadh
Reáchtálann Fleadh Scannán na Gaillimhe dhá fhéile go bliantúil: an phríomhfhéile a mhaireann sé lá i mí Iúil agus an fhéile do dhaoine óga agus leanaí a mhaireann trí lá i mí na Samhna. Scannáin dhomhanda chomhaimseartha a thaispeántar le linn phríomhfhéile Fhleadh Scannán na Gaillimhe agus dírítear go sonrach ar scannáin nua Éireannacha a thaispeáint den chéad uair.
http://www.galwayfilmfleadh.com
-
Institiúid Scannán na hÉireann
Is í Institiúid Scannán na hÉireann institiúid náisiúnta scannán na hÉireann agus cuireann sí cláir thaispeántais, chaomhnaithe agus oideachais ar fáil ó cheann ceann na bliana. Tá sí lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus taispeánann sí clár coimeádta de scannáin idirnáisiúnta agus Éireannacha agus is ann atá Cartlann Scannán na hÉireann.
http://www.ifi.ie
-
aemi
Is
eagraíocht é aemi a thacaíonn le healaíontóirí agus le déantóirí scannán
trialach agus a chuireann saothair íomhánna gluaisteacha leo ar taispeáint go
rialta.
http://aemi.ie/artist-support/