Sorcha Fox and Donal O'Kelly in Fishamble's Little Thing, Big Thing. (Photo: Pat Redmond)
Beartas i leith Camchuairteanna 2010-2015
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis glacadh le beartas nua i leith camchuairteanna a chuirfear i bhfeidhm sa tréimhse sé bliana 2010–2015. Bíodh is go n-aithnítear go mbeadh roinnt buntáistí ann de thoradh beartas camchuairteanna a bheadh maoinithe go maith, is mian leis an gComhairle tús áite a thabhairt do riachtanais an lucht féachana/éisteachta réigiúnaigh. Is é príomhchuspóir bheartas na Comhairle Ealaíon i leith camchuairteanna ná a chinntiú go mbeidh rochtain ag lucht féachana agus éisteachta réigiúnach ar roinnt foirmeacha ealaíne ardchaighdeáin.
Is é príomhbhéim an bheartais seo go gcuirfidh an Chomhairle Ealaíon tacaíochtaí faoi leith ar fáil do chamchuairteanna atá dírithe ar an lucht féachana agus éisteachta. Sa chomhthéacs seo is é an míniú a thugtar ar chamchuairteanna atá dírithe ar an lucht féachana ná go mbeadh na daoine atá páirteach sna camchuairteanna freagrach as lucht féachana/éisteachta a chur ar fáil le haghaidh obair na camchuairte. Tá réamhriachtanas san fhreagracht seo go socródh gach duine atá páirteach iontu cad iad na róil faoi leith atá acu ó thaobh ceisteanna ealaíonta agus margaíochta agus go mbeidís sásta rioscaí tráchtála an fhiontair a roinnt eatarthu.
Turgnamh na Camchuairte
Tionscadal taighde a bhí i dTurgnamh na Camchuairte lena chuir an Chomhairle Ealaíon tús in 2006. Bhí an tionscadal ar an gcéad cheann dá chineál in Éirinn, agus ba é ba chuspóir leis faisnéis ardchaighdeáin a bhailiú maidir leis na healaíona a thabhairt ar camchuairt sa tír seo. Is ábhar saothair gan fasach é an tionscadal críochnaithe a bheidh ina bhonn eolais faoin bhforbairt straitéiseach um na healaíona a thabhairt ar camchuairt amach anseo.
Tionscadal ‘taighde gnímh’ a bhí i dTurgnamh na Camchuairte. I dtaighde gnímh bíonn cleachtóirí ina rannpháirtithe sa phróiseas agus bíonn siad ina dtaighdeoirí agus rannpháirtithe ina gceart féin. Áiríodh ar Thurgnamh na Camchuairte rannpháirtíocht dhíreach cleachtóirí camchuairteanna éagsúla; 49 camchuairt ar fud sé fhoirm ealaíne agus tionscadal amháin ina ndearnadh taighde ar thionchar an chaidrimh phoiblí mhéadaithe agus saineolas teicniúil maidir le léiriúcháin chamchuairteanna.
Touring policy 2010-2015
Download touring policy 2010-2015 (0.04 MB, Word)
A future for arts touring in Ireland 2010-2015
Report - A future for arts touring in Ireland 2010-2015 (0.24 MB, PDF)
Appendix 1 - A review of touring policy from 1970s to 2000 (0.15 MB, PDF)
Appendix 2 - Dance Tour Case Study - Dance Theatre of Ireland - Slow Down.pdf (0.14 MB, PDF)
Appendix 3 - Music tour case study - Early music group Armoniosa - For several friends (0.14 MB, PDF)
Appendix 4 - Theatre tour case study Nomad Network and Livin' Dred (0.1 MB, PDF)
Appendix 5 - Visual arts tour case study exhibition surface tension (0.1 MB, PDF)
Appendix 6 - Summary of 50 research meetings by The Touring Experiment with tour producers (0.06 MB, PDF)
Appendix 7 - Audience attitudes and behaviour (phases I to III)
Appendix 8 - Detailed analyses and findings in six art forms (This appendix is confidential for commercial reasons. For access, please contact the Head of Venues at the Arts Council.)
Appendix 9 - Comparative analysis (conditions for artists) in dance, music, theatre and traditional arts (1.2 MB, PDF)
Appendix 10 - Research agenda options for future research related to audiences and touring (0.05 MB, PDF)
Appendix 11 - Tour distribution maps by art form and location
Appendix 12 - Mediamarket - media analysis and evaluation report (2.4 MB, PDF)
Appendix 13 - Acknowledgements (0.04 MB, PDF)
Appendix 14 - References (0.04 MB, PDF)