Cleachtadh don léiriúchán ar an gceoldráma Gaeilge Rabhlaí Rabhlaí mar chuid den chéad Fhéile Leabhar do Pháistí i Sligeach, Ciorcal Drámaíochta Shligigh, Clós an Mhargaidh, Sligeach. Aitheantas: Jamie Killgallen/The Hawk's Well Theatre, Sligeach.
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do na healaíona traidisiúnta agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Reatha Ealaíona Traidisiúnta ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis maidir leis na hEalaíona Traidisiúnta 2018 (PDF, 0.57 MB).
Aird a tharraingt ar scoth ealaíontóirí na hÉireann
Tá na healaíona traidisiúnta i gcroílár phobal i ngach cearn d’Éirinn, féiniúlacht i gcomhroinn, cé go bhfuil éagsúlachtaí i gcanúintí agus i dteicnic. Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht, agallamh beirte agus lúibíní. Tá gnéithe bunúsacha a bhaineann leis an ealaíontóir agus le cleachtadh na n-ealaíon, go háirithe an seachadadh, ag croílár bheartas agus chinntí caiteachais na Comhairle Ealaíon maidir leis na healaíona traidisiúnta.
Tá borradh faoi na healaíona traidisiúnta, déanann dílseacht na Comhairle Ealaíon don earnáil é sin a threisiú. Tacaímid leis na healaíona traidisiúnta trí eagraíochtaí tábhachta straitéiseacha a mhaoiniú agus trí ealaíontóirí aonair a spreagadh chun tabhairt faoi thionscadail dúshlánacha agus faoi thionscadail nuálacha trí shraith duaiseanna aonair agus tríd an tsainshraith maoiniú ealaíon traidisiúnta Deis a chur ar fáil. Féachann an Chomhairle Ealaíon le deiseanna a chruthú i gcomhair chleachtóirí na n-ealaíon traidisiúnta, tacaíocht a thabhairt do na gníomhaithe ríthábhachtacha, agus bonneagar na n-ealaíon traidisiúnta a chomhdhlúthú.
Tá ról tábhachtach ag na healaíona traidisiúnta chun aird a tharraingt ar scoth ealaíontóirí na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Oibríonn an Chomhairle Ealaíon go dlúth le gníomhaireachtaí ar nós Fáilte Éireann agus Cultúr Éireann lena chinntiú go mbeidh an deis ag lucht féachana agus éisteachta na hÉireann agus ag cuairteoirí ar Éirinn blaiseadh a fháil de na healaíona traidisiúnta ar an gcaighdeán is airde amach anseo. Agus na healaíona traidisiúnta a thabhairt do dhiaspóra na hÉireann i gcoitinne agus do lucht féachana agus éisteachta nua níos faide i gcéin.