
Photo: Niamh O’Malley, ‘Gather’. Installation view,
Pavilion of Ireland, 59th International Art Exhibition – La Biennale di
Venezia. Photography by Ros Kavanagh
Is i measc na n-institiúidí cultúrtha is mó le rá ar domhan le 120 bliain anuas é Biennale na Veinéise. Bunaíodh an Biennale in 1895 nuair a eagraíodh an chéad Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta. Cuireadh tús le féilte nua sna 1930idí: Forbraíodh an carachtar
ildisciplíneach atá ag an gCeol, ag an Scannánaíocht, ag an Amharclannaíocht agus ag an Biennale fós sa lá atá inniu ann. Freastalaíonn os cionn 500,000 cuairteoir ar an mBiennale gach bliain.
Is é Biennale na Veinéise an taispeántas idirnáisiúnta is tábhachtaí i leith na n-ealaíon comhaimseartha fós. A bhuí leis an Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta débhliantúil, tugtar deis uathúil d’Éirinn ealaín chomhaimseartha na hÉireann a chur ar taispeáint
ar stáitse domhanda. Tá an Biennale ina ardán riachtanach d’ealaíontóirí, do choimeádaithe agus do choimisinéirí na hÉireann sa chaoi is go dtugtar deis ann dóibh próifíl idirnáisiúnta a fhorbairt mar aon le deiseanna eile. A bhuí le Biennale na Veinéise,
cuirtear taispeántas suntasach ar fáil inar féidir le healaíontóirí a gcuid saothar a chur ar taispeáint os comhair an tsaoil mhóir agus tugtar ardán iontach d'ealaíontóirí na hÉireann dul i dteagmháil le lucht féachana, coimeádaithe agus úinéirí
dánlainne go hidirnáisiúnta.
Ó bhí 2005 ann, is tionscnamh Rialtais faoi stiúir Chultúr Éireann é an ionadaíocht náisiúnta ag Biennale na Veinéise, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon. Tá an dá chomhpháirtí den tuairim gur
deis thábhachtach é Biennale na Veinéise chun gur féidir le healaíontóirí forbairt a dhéanamh agus chun gur féidir le coimeádaithe oibriú i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Tar éis bheith curtha i láthair sa Veinéis, filleann taispeántas na hÉireann sa Veinéis ar Éirinn chun Camchuairt Náisiúnta a dhéanamh. Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon a bheith in ann tacú leis an taispeántas Éireannach den Chamchuairt Náisiúnta,
Éire sa Veinéis, mar chuid dár dtiomantas inár straitéis deich mbliana, ‘Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh’, a bhfuil sé mar aidhm léi tacú le healaíontóirí chun
saothair uaillmhianacha agus nuálacha a chruthú chun luchtanna féachana a ghabháil ar fud na tíre.
Eisítear gairm oscailte go débhliantúil chun léirithe spéise a fháil ar mhaithe le Coimeádaí agus Coimisinéir a cheapadh i leith Ionadaíocht Náisiúnta na hÉireann sa Veinéis. Déantar an fhoireann a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann a chinneadh
tar éis próiseas iomaíoch oscailte le moltóirí idirnáisiúnta, i gcomhpháirtíocht le Cultúr Éireann agus leis an gComhairle Ealaíon.
Ionadaíocht na hÉireann ag an 59ú ócáid de Biennale Ealaíne na Veinéise in 2022

Photo: Centre: Niamh O’Malley, artist; Left: Clíodhna Shaffrey, TBG+S Director; Right: Michael Hill, TBG+S Programme Curator. Photograph: Dragana Jurišić. Courtesy Temple Bar Gallery + Studios.
Tá áthas orainn a fhógairt go ndéanfaidh an tEalaíontóir Niamh O’Malley, mar choimeádaí le Temple Bar Gallery & Studios (Dánlann agus Stiúideonna Bharra an Teampaill),
ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag an 59ú ócáid de Biennale Ealaíne na Veinéise in 2022.
Seo mar a labhair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.:
“Guím gach rath ar Niamh O’Malley agus ar Dhánlann agus Stiúideonna Bharra an Teampaill agus ionadaíocht á ndéanamh acu ar Éirinn sa Veinéis in 2022. Is tráth thar a bheith tábhachtach i ngairm an ealaíontóra é sin ós rud é gur taispeántas domhanda é
Biennale na Veinéise. Éireoidh le Niamh O’Malley tuilleadh aitheantas idirnáisiúnta a tharraingt ar a cleachtas agus rachaidh an t‑eolas atá ag daoine ar earnáil amharc-ealaíon na hÉireann i méid a bhuí sin le hobair na gcoimeádaithe le TBG+S”.
Sa togra le Niamh O’Malley, dar teideal “To mark a space, to hold a spot,” le haghaidh Phailliún na hÉireann, leagtar béim ar a thábhachtaí is atá an stiúideo agus an ról atá aige i gcruthú saothair. Cuirfear saothar O’Malley, a chuireann sí i gcrích
go sofaisticiúil agus go beacht, i láthair tríd an gcomhoibriú sin le TBG+S.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stiúrthóir TBG+S, Clíodhna Shaffrey: “Is mór an t-údar áthais do Dhánlann agus Stiúideonna Bharra an Teampaill an t-ealaíontóir Niamh O’Malley a chur i láthair i bPailliún na hÉireann ag an 59ú ócáid de Biennale
na Veinéise, 2022. Sa togra le Niamh O’Malley, tugtar ar thuras ealaíonta muid ag tosú sa stiúideo TBG+S dá cuid agus ag dul amach sa domhan mór linn ansin sa Veinéis. Agus cáil bainte amach aici de thoradh a cuid dealbh agus suiteán d’íomhánna gluaisteacha
a bhfuil scoth na ceardaíochta le feiceáil iontu araon, tarraingíonn O’Malley aird ar ghníomh na féachana, agus spreagadh á thabhairt aici don bhreathnóir é nó í féin a mhoilliú agus fanacht socair ar feadh nóiméid. Tá a cleachtas fréamhaithe in ealaín
an chruthaithe agus na hábharthachta agus tá ceisteanna maidir leis an gcaoi a bhfuil tionchar againn ar an domhan mar bhonn leis.”
Nótaí: Beidh an coimeádaí Clíodhna Shaffrey, atá ina stiúrthóir ar Dhánlann agus Stiúideonna Bharra an Teampaill, ag obair i gcomhar leis an gCoimeádaí Cláir, Michael Hill, agus foireann Dhánlann agus Stiúideonna Bharra an Teampaill chun an taispeántas
a chur ar siúl.
Tá Éire sa Veinéis suite i gcuid Arsenale ag Biennale Arte agus beidh sé ar oscailt don phobal ar feadh thréimhse an Biennale, a chuirfear ar siúl ó mhí Bealtaine - mí na Samhna, 2022.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig: Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta ag Biennale na Veinéise