Goulding, Tim, At His Feet, 1979, Ola ar chanbhás 102 x 61 cm
D’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe 2021 mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí (BITG), chun feasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann le torthaí agus glasraí do gach duine. Chun BITG 2021 a cheiliúradh, tá rogha saothar ealaíne ina bhfuil torthaí agus/nó glasraí tugtha le chéile againn ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Clúdaíonn na saothair ealaíne sa taispeántas seo stair an bhailiúcháin, agus an ceann is sine ó 1964 agus an ceann is nuaí ó 2018.
Anseo, insíonn Tim Goulding, a bhfuil a shaothar sa taispeántas ar líne, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne – ‘At his feet’ – atá le feiceáil ann agus cén tábhacht a bhaineann lena shaothar ealaíne a bheith mar chuid de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag instagram.com/artscouncilireland/.
Péinteáladh an pictiúr seo tar éis cuairt a thabhairt ar ashram Indiach in 1972. Tháinig 3,000 iartharach, chomh maith le ceathrú milliún Indiach, chun an Gúrú Maharaji ceithre bliana déag d’aois a fheiceáil i lár Dheilí Nua.
Pictiúr deabhóideach i dtraidisiún Bhakti Yoga a bhí sa phictiúr. Léiríodh ann an Gúrú i bhfeisteas dubh agus bán le bláthanna fiáine Iarthar Chorcaí agus torthaí ag a chosa. Tar éis a fháil amach go raibh sé féin ina tháirge eile de dhíonteagasc cultais, ghearr mé amach an figiúr in 1979 (bhí an pictiúr 8 dtroithe ar airde) agus chuir mé poncanna dubha agus bána in áit na gcos a raibh cuaráin orthu.
Coinníodh an teideal toisc go raibh an rún deabhóideach agus rinneadh é sa mheon sin ach tá tábhacht níos leithne leis anois. Péinteáladh ón saol é agus thóg sé sé seachtaine é a chríochnú.
Ó 1969 i leith, bhog mé trí go leor cineálacha cur chuige agus sraitheanna, idir hipirmhacasamhlach agus iomlán teibí. Fíor i gcónaí do shreabh na beatha. Bhí comhartha ag Joan Miro ar bhalla a stiúideo ar a raibh ‘ní stadann aon traein anseo’ scríofa.
Ba iad an dá shraith dheireanacha a bhí agam ná ‘Patching the Void’ in 2015, comhartha aitheantais d’aeistéitic Wabi-Sabi na Seapáine agus an tsraith reatha MUSIC atá le taispeáint in 2021. Comhartha aitheantais is ea an saothar nua seo d’ealaín an fichiú haois luath. Tá sé amhail is gur shuigh Miro, Mondrian agus Klee síos le haghaidh cupán tae.
Is mór an phribhléid dom é a bheith i láthair i mbailiúchán na Comhairle Ealaíon.
—Tim Goulding
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Táthar fós ag cur leis an mBailiúchán sa lá atá inniu ann, agus tá níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann; píosaí dealbhóireachta, pictiúir, taibhithe, priontaí, físeáin, suiteáin, agus grianghraif agus saothar eile san áireamh; a bhfuil go leor acu ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic leis an ealaín agus taitneamh a bhaint aisti lena súile féin.
Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com.