By the lemon tree, 2018, Ola ar línéadach, 55.5 x 43 cm
D’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe 2021 mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí (BITG), chun feasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann le torthaí agus glasraí do gach duine. Chun BITG 2021 a cheiliúradh, tá rogha saothar ealaíne ina bhfuil torthaí agus/nó glasraí tugtha le chéile againn ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Clúdaíonn na saothair ealaíne sa taispeántas seo stair an bhailiúcháin, agus an ceann is sine ó 1964 agus an ceann is nuaí ó 2018.
Anseo, insíonn Sven Sandberg, a bhfuil a shaothar sa taispeántas ar líne, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne atá le feiceáil ann mar chuid de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag instagram.com/artscouncilireland/.
“Tá mé ag scríobh seo ar an naoú parailéal is daichead... Níl na torthaí thar mholadh beirte, áfach. D'ith mé roinnt piorraí deasa, ach táim ag tnúth le fíonchaora agus figí.” Mar sin a thosaíonn dúspéis Goethe i dtorthaí ina Thuras Iodálach, torthaí an deiscirt agus an tseansaoil chlasaicigh go háirithe. Ar an ochtú parailéal is daichead, agus é sa Ghearmáin go fóill, blaiseann sé a chéad fhigí. Tá siad go haoibhinn, ach ar an iomlán níl sé róthógtha leo. Ní go dtrasnaíonn sé an séú parailéal is daichead, agus é san Iodáil ar deireadh, a bhfuil sé sásta: “Tá na figí agus na piorraí an-bhlasta, agus ní haon ionadh é, ós rud é go n-aibíonn siad i réigiún ina bhfuil crainn líomóidí ag fás.”
Bíonn torthaí, ar nós daoine, ag taisteal - téann Goethe thar phéitseoga agus fíonchaora ag dul ó thuaidh. D’fhéadfá a rá gur thaistil Goethe féin ó dheas chun aibiú: “Ní raibh smaoineamh amháin agam fiú a bhí go hiomlán nua ná iontach, ach tá mo sheansmaointe tar éis éirí chomh docht, tábhachtach agus ciallmhar sin go bhféadfaí smaointe nua a thabhairt orthu.” Ar ndóigh, is duine eile é Van Gogh a chuaigh ó dheas chun aibiú, áit a bhfásann crainn líomóidí faoi “dhiosca ollmhór ar dhath líomóide” na gréine, nó a n-éiríonn siad dorcha faoi “luí na gréine ar dhath mífholláin na líomóide, mistéireach, d'áilleacht shuaithinseach.” Labhair sé ar son na beirte nuair a d'fhiafraigh sé, “Cé hiad na daoine a chónaíonn faoi láthair sna garráin ológ, oráistí, líomóidí?”, agus b’fhada leis an mbeirt acu, ar feadh tréimhse ama, bheith ar dhuine de na háitritheoirí sin.
—Sven Sandberg
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Táthar fós ag cur leis an mBailiúchán sa lá atá inniu ann, agus tá níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann; píosaí dealbhóireachta, pictiúir, taibhithe, priontaí, físeáin, suiteáin, agus grianghraif agus saothar eile san áireamh; a bhfuil go leor acu ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic leis an ealaín agus taitneamh a bhaint aisti lena súile féin.
Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com.