Ní Bhriain, Ailbhe | Great Good Places IV | 2011 | FÍSEÁN HD le Dath | 6nóim 54soic
Tá doiciméadú agus athshamhlú á dhéanamh ag ealaíontóirí ar an tírdhreach leis na céadta. Ní haon eisceacht iad na healaíontóirí comhaimseartha. Thall ar ár gcuntas Instagram táimid ag roinnt saothair ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ina bhfuil íomhánna den Saol Amuigh Faoin Spéir, ag meabhrú dúinn faoin tábhacht a bhaineann le taitneamh a bhaint as an dúlra i ngach gné de.
Anseo, insíonn Ailbhe Ní Bhriain, a bhfuil a saothar ar taispeáint faoi théama ‘An Saol Amuigh Faoin Spéir’, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne a bhí le feiceáil agus cad is brí lena saothar ealaíne a bheith mar chuid de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon. Breathnaigh air seo agus tuilleadh ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag https://www.instagram.com/artscouncilireland/
Tógann an saothar seo a theideal ó ghearrscéal Henry James The Great Good Place. I scéal James déantar carachtar a aistriú go draíochtúil ó strus a shaoil go háit fionraí foirfe. Tá an áit seo chomh leamh is atá sé mistéireach - téann am agus ciall agus abairtí go simplí le sruth.
Thosaigh mé ar Great Good Places a dhéanamh deich mbliana ó shin, cúpla seachtain sular rugadh mo chéad leanbh, agus mé ag obair air go ceann 16 mhí, ag amanna néal codlata, nuair a chodail sé, agus istoíche, nuair ba chóir dom féin a bheith i mo chodladh. San iarnóin, dhéanfaimis ciorcal timpeall ar an ‘Tank Field’ le chéile - réidhe féir áitiúil nach raibh iontach ar chor ar bith ach amháin mar an t-aon spás glas atá gar dúinn. Is le taobh an chúlra seo a oibríodh an scannán amach, mise ag rá a chuid codanna agus iomalartuithe amach os ard agus mo mhac ag cuimhneamh air go léir go ciúin as a phram, cosúil le teiripeoir i gclár teilifíse.
Le déanaí, taobh istigh den dianghlasáil COVID-19 agus leis an Tank Field ag gníomhú arís mar sheasamh don Saol Amuigh Faoin Spéir agus don Domhan Lasmuigh, cuirtear an tréimhse seo i gcuimhne dom.. an teorainn.. an teannas. Ach amháin gur bhraith mé, ag an am sin, ar nós go raibh mé i ndáiríre in Great Good Place de mo chuid féin. Agus an uair seo, bhuel an uair seo ní bhraitheann sé chomh mór sin ná chomh maith sin. Sa scannán, tá tírdhreacha, músaeim agus oifigí ina gcúlraí hibrideacha aisteacha, a cuireadh ar bun ar nós na prapaí nó iarsmalanna ón saol a bhíodh ann. Soláthraíonn blúire plaisteach an t-aon fhéidearthacht scéalaíochta - bríomhar, taomach, éabhlóideach, oibríonn sé chun ár n-aird a choimeád, agus ar an iomlán ní tharlaíonn aon rud i ndáiríre. Ag an am smaoinigh mé ar an bplaisteach seo mar chineál tosú-arís, comhartha síoraí rud-ó-fhaic, splanc shamhlaíoch i gcoinne cúlra féidearthachtaí atá tite as a chéile. Anois, ag dul i dtaithí ar an saol mar atá le músaeim, oifigí, tírdhreacha folmha, fiafraím díom féin an bhfuil an blúire plaisteach sin díreach mar atá mé féin, muide, le cibé duine, díreach ag crochadh timpeall, ag greadadh go neamhtháirgiúil.
Ach b’fhéidir sa nóiméad seo níl uaim ach praiseach na healaíne, le ciall réamhdhéanta nó leigheasanna míorúilteacha bainte de. Cibé scéal é, tá an scannán Great Good Places fós ina shaothar tábhachtach domsa agus is ionann é fós agus bealach oibre - cluiche de pháirteanna agus féidearthachtaí atá á mbogadh agus á n-imirt agam ó shin i leith. Agus leanfaidh mé orm á n-imirt, chomh luath agus is féidir liom m’aird a dhíriú...
— Ailbhe Ní Bhriain
ailbhenibhriain.com
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharc-ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Cuirtear leis an mBailiúchán fós sa lá atá inniu ann, agus níos mó ná 1,100 pictiúr, dealbh agus saothar eile ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic agus taitneamh a bhaint as an ealaín lena súile féin. Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com