Mark O'Kelly | Johannesburg | 2005 | Ola ar línéadach | 117 x 173 cm
Agus muid ag dul isteach i dtréimhse nua dóchais mar a bhfuilimid ag súil leis an todhchaí níos gile atá romhainn, táimid ag roinnt rogha saothar ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, faoin téama ‘Aistear na nEalaíontóirí’. Ag cur béim ar 10 saothar a rinneadh idir 1977 agus 2013 a dhéanann iniúchadh ar áiteanna gar don bhaile agus iad siúd níos faide i gcéin. Ghabh ealaíontóirí an tírdhreach i gcónaí, ó chian agus ó chóngar, agus tá súil againn go léiríonn an roghnú na tírdhreacha áille a chruthaigh ealaíontóirí in Éirinn, agus thar lear.
Anseo, insíonn Mark O’Kelly, a bhfuil a shaothar ar taispeáint faoin téama ‘Aistear na nEalaíon,’ níos mó dúinn faoin saothar ealaíne a bhí le feiceáil. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag instagram.com/artscouncilireland/
Péinteáladh Johannesburg in 2004 agus ba íomhá iar-9/11 é a shaothraigh mé trí shraith d’aistriúcháin, de scriosadh agus d’aisiompuithe. Bhí tábhacht mhór pholaitiúil ag baint leis an bpictiúr agus lena theideal i bhforbairt na bpríomhchoincheap i mo chleachtas. Bhí mé ag péinteáil cathair nua-aimseartha na hAfraice agus mé ag samhlú Chathair Nua-Eabhrac - stair NE le déanaí sa choimhlint iar-mhílaoiseach, imeacht as radharc an dá thúr ó spéirlíne Nua-Eabhrac agus freisin New Amsterdam, an chéad ainm a chuir Coilínigh na hÍsiltíre ar Nua-Eabhrac. Níor thug mé cuairt riamh ar chathair Johannesburg ach phéinteáil mé íomhánna de roinnt uaireanta amhail is dá mba i réaltacht chomhthreomhar, nó in aisling a bhí sí, mar a bheifí ag breathnú anuas uirthi ón aer. Is pictiúr é Johannesburg a bhaineann leis an bpolaitíocht agus leis an trádáil, leis an domhandú agus le hidirnascthacht an domhain, is saothar é faoin gcoilíneachas agus faoin iarchoilíneachas agus faoi stair chonspóideach an nua-aoiseachais seo agus faoi na hiarmhairtí leanúnacha a bhaineann leis an stair seo sna híomhánna agus sna himeachtaí laethúla a inmheánaímid chun ár bhfeasacht ar na spéartha leathana ar domhan a dhíriú níos faide ná ár gceantar féin.
—Mark O’Kelly
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Cuirtear leis an mBailiúchán fós sa lá atá inniu ann, agus níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann lena n-áirítear dealbhóireacht, péintéireacht, taibhiú, clóbhualadh, físeán, suiteáin, grianghrafadóireacht agus saothair eile a bhfuil go leor acu ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic le agus taitneamh a bhaint as an ealaín lena súile féin.
Is ealaíontóirí a chónaíonn agus a oibríonn i bpobail na hÉireann agus go hidirnáisiúnta araon a dhéanann na saothair ealaíne a bhíonn á gcur leis an mBailiúchán gach bliain, ag leanúint ar aghaidh le stair bhródúil na Comhairle Ealaíon a cheannaíonn ealaín den scoth agus ealaín uaillmhianach, agus léiríonn sé caighdeán ollmhór an chleachtais sna hamharcealaíona sa lá atá inniu ann. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: www.artscouncil.emuseum.com.