Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr.
Cuirtear leis an mBailiúchán fós sa lá atá inniu ann, agus níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann lena n-áirítear dealbhóireacht, pictiúir, taibhiú, priontaí, físeáin, suiteáin, grianghrafadóireacht agus saothar eile a bhfuil go leor acu ar taispeáint
i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann blaiseadh a fháil díobh agus taitneamh a bhaint astu lena súile féin.
Is le healaíontóirí a bhfuil cónaí orthu agus a oibríonn i bpobail ar fud na hÉireann agus thar lear araon na saothair ealaíne arna gcur leis an mBailiúchán gach bliain, ag leanúint de stair bhródúil na Comhairle Ealaíon maidir le healaín den scoth agus
uaillmhianach a cheannach, ealaín lena léirítear sár-chaighdeán chleachtas na n-amharc-ealaíon sa lá atá inniu ann.
Ráiteas misin na Comhairle maidir lena Bailiúchán:
‘Tacaíonn bailiúchán na Comhairle Ealaíon le rannpháirtíocht ealaíontóirí agus an phobail leis na healaíona. Déanann sí é sin trí shaothar comhaimseartha den scoth a cheannach a mbainfear sult as agus a bheidh fiúntach trí thaispeántas agus cláir a sheachadtar go díreach agus le comhpháirtithe. Tríd an mbailiúchán, gníomhaíonn an Chomhairle Ealaíon freisin mar choimeádaí agus mar chúramóir ealaíne den scoth thar ceann mhuintir na hÉireann.’
Amharc ar an mBailiúchán
Amharc ar na saothair atá i mBailiúchán na Comhairle Ealaíon ag http://artscouncil.emuseum.com/
Foghlaim tuilleadh faoi na saothair ealaíne agus na healaíontóirí arna gcuimsiú sa Bhailiúchán, agus léigh freagairt na n-ealaíontóirí tar éis dá gcuid saothar a bheith curtha leis an mBailiúchán ag An Bailiúchán ar Taispeáint.
Fógraítear na Saothair Nua a chuirtear le Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar leathanach Instagram na Comhairle Ealaíon ag https://www.instagram.com/artscouncilireland
Acquisitions for the Collection
Policy
Is faoi réir beartas foirmiúil arna ghlacadh ag an gComhairle Ealaíon in 2018 iad na saothair nua a chuirtear leis an mbailiúchán: http://www.artscouncil.ie/ga/Foilseachain/Na-fisealaiona/Arts-Council-Collection-Policy-2018-22/
Is iad seo a leanas na critéir nach mór a chomhlíonadh chun saothair nua a chur leis an mbailiúchán:
Ní mór sár-shaothar a bheith ann (ar ardchaighdeán agus uaillmhianach)
Ní mór saothar a rinneadh le déanaí a bheith ann
Ní mór céim thábhachtach i ngairm an ealaíontóra a léiriú sna saothair
Ní chuirfear saothair le healaíontóirí atá ceannaithe ag an gComhairle Ealaíon leis an mBailiúchán, cé is moite de shaothar ina bhfuil athrú suntasach i gcleachtas an ealaíontóra sin léirithe
Ní ghlacfar le saothair a dhéantar iarracht iad a chur le Bailiúchán na Comhairle Ealaíon trí chur chuige gan iarraidh ná le bronntanais a thabharfar don Bhailiúchán.
Is faoi réir beartas na Comhairle Ealaíon maidir le Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht iad Saothair Nua atáthar le cur leis an mBailiúchán,
mar aon leis an mbeartas maidir le Luach Saothair don Ealaíontóir agus Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh.
Taighde
Déanann foireann an bhailiúcháin taighde leanúnach d’fhonn an t-eolas is déanaí a bheith orthu maidir le cleachtas amharc-ealaíontóirí ar fud na hÉireann agus thar lear, agus d’fhonn súil a choinneáil amach le haghaidh saothair a d’fhéadfaí cur leis an mBailiúchán amach anseo.
Cé nach féidir cuairt a thabhairt ar stiúideonna ealaíontóirí aonair, molaimid d’ealaíontóirí foireann an bhailiúcháin a choinneáil ar an eolas maidir le taispeántais agus tionscadail, trí ríomhphost.
Coiste Éadálacha an Bhailiúcháin
Bíonn na saothair uile a cheannaítear lena gcur leis an mBailiúchán faoi mhaoirseacht Choiste Éadálacha an Bhailiúcháin, coiste ina bhfuil baill den Chomhairle Ealaíon, an feidhmeannas, ealaíontóirí a bhfuil ionadaíocht acu sa bhailiúchán cheana agus saineolaithe neamhspleácha. Roghnaítear baill arb as cúlraí éagsúla iad d’fhonn a chinntiú go dtabharfar aird chuí ar réimse leathan ealaíontóirí agus cleachtas.
Tagann an coiste le chéile roinnt uaireanta in aghaidh na bliana d’fhonn na saothair ar cheart a chur leis an mBailiúchán a scrúdú, a phlé agus a chinneadh, i gcomhréir leis na critéir a luaitear faoi chuid na mBeartas thuas.
Conas saothair a fháil ar iasacht ó Bhailúchán na Comhairle Ealaíon
Bailiúchán iasachtaí is ea Bailiúchán na Comhairle Ealaíon agus is féidir saothair a fheiceáil ar iasacht fhadtéarmach i scoileanna, in ospidéil, i bhfoirgnimh na hearnála poiblí agus freisin mar chuid de thaispeántais i ndánlanna, i músaeim agus in eagraíochtaí ealaíon eile ó cheann ceann na hÉireann agus thar lear.
Le Bailiúchán na Comhairle Ealaíon, fáiltítear roimh iarratais ar iasachtaí agus is próiseas sách simplí é saothair ón mbailiúchán a fháil ar iasacht lena cur ar taispeáint. De ghnáth, tar éis an chéad iarraidh ar iasacht, ní bhíonn ach tréimhse 3 mhí i gceist go dtí go mbeidh na saothair suiteáilte.
Más spéis leat saothair a iarraidh ar iasacht ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, is é an chéad chéim nach mór duit, mar iasachtaí, a dhéanamh ná dul i dteagmháil le foireann an Bhailiúcháin chun a chur in iúl dúinn gur spéis leat saothair a fháil ar iasacht.
Agus í ag feidhmiú mar uirlis forbartha lena dtacaítear le healaíontóirí agus lena méadaítear rannpháirtíocht an phobail sna healaíona, tá foireann an Bhailiúcháin sa Chomhairle Ealaíon ar fáil chun cuidiú le hiasachtaithe lena gcuid pleananna, lena n-áirítear comhairle a roinnt maidir le Coistí Ealaíne a chur ar bun agus na próisis a bhíonn i gceist agus obair á roghnú.
Ó thaobh an phróisis de, tar éis duit teagmháil a dhéanamh linn, thabharfaimis cuairt ar an suíomh inar mhaith leat na saothair a chur ar taispeáint d’fhonn na spásanna sin a fheiceáil. Nuair a bheidh an saothar/na saothair ar mhaith leat a fháil ar iasacht curtha in iúl dúinn, beimid in ann a dheimhniú má tá na saothair ar fáil lena dtabhairt ar iasacht, má tá sonraíochtaí ó na healaíontóirí maidir leo nach mór cloí leo agus aon ábhar eile lena mbaineann. Níos déanaí, déanfaimid comhaontú foirmiúil iasachta a eisiúint ina ndéanfar an saothar/na saothair, an luacháil agus téarmaí tagartha na hiasachta a dheimhniú.
Ní ghearrtar aon táille ar shaothair ealaíne a fháil ar iasacht ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Ceanglófar ar an eagraíocht a gheobhaidh an saothar ar iasacht costas árachais an tsaothair ealaíne a chlúdach le haghaidh thréimhse na hiasachta, mar aon leis na costais a bhaineann le hiompar agus le suiteáil d’fhonn an saothar a chur ar taispeáint agus é a chur ar ais chuig Bailiúchán na Comhairle Ealaíon. Ní mór láimhseálaí ealaíne a úsáid chun gach saothar a iompar.
D’fhonn a chinntiú go mbeidh an lucht féachana is leithne is féidir in ann blaiseadh a fháil de Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon agus plé leis, ní mór saothair ealaíne atá ar iasacht a chur ar taispeáint i bhfoirgnimh a mbeidh an pobal in ann teacht orthu go héasca. Ní thabharfaidh an Chomhairle Ealaíon saothair ealaíne ar iasacht ach amháin do thaispeántais atá in Éirinn agus nach bhfuil táille iontrála i gceist leo. I gcásanna eisceachtúla e.g. taispeántais idirnáisiúnta a mbeidh ticéid i gceist leo, ní dhéanfar iasachtaí a mheas ach amháin sa chás ina dtabharfar luach saothair cothrom don ealaíontóir/do na healaíontóirí i gcomhréir leis na prionsabail a chuimsítear sa bheartas Luach Saothair don Ealaíontóir.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiasachtaí ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon a aimsiú sa Bheartas Bailiúcháin.
Ríomhphost teagmhála: collection@artscouncil.ie