Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do litríocht agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF,
2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil
agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Reatha Litríochta ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontacha a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis maidir le Litríocht 2018 (PDF, 0.60 MB).
Tá an litríocht ina dlúthchuid de shaol mhuintir na hÉireann: tá leabhair, scéalta, teanga agus léitheoireacht ríthábhachtach dár gcultúr agus dár sochaí. Cuireann scríbhneoirí comhaimseartha leis an gcáil atá ar Éirinn go hidirnáisiúnta i gcúrsaí litríochta.
Baineann na scríbhneoirí seo ardmholadh amach, bronntar duaiseanna móra liteartha orthu agus bíonn lucht léitheoireachta mór acu ar fud an domhain. Bíodh is go dtiocfaidh athruithe eile ar an gcaoi a ndéanaimid teagmháil leis an litríocht, fanfaidh
an scríbhneoir agus an léitheoir ag croílár na foirme ealaíne seo.
Faoi shainchúram na Comhairle Ealaíon i leith na litríochta, áirítear filíocht, ficsean, ficsean gearr, litríocht do leanaí, scríbhneoireacht chriticiúil agus roinnt cineálacha neamhfhicsin chruthaithigh ar ardchaighdeán. Tá tacaíochtaí na Comhairle Ealaíon
le haghaidh scríbhneoirí aonair deartha d’fhonn an timpeallacht is fearr agus is féidir a chruthú do scríbhneoirí chun an saothar is fearr atá acu a chumadh. Trí thacaíocht dhíreach agus trí chomhpháirtíochtaí le leabharlanna agus le daoine agus grúpaí
eile, bíonn an Chomhairle Ealaíon ag obair chun deiseanna a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre dul i dteagmháil leis an scríbhneoireacht ó Éirinn agus ó thíortha eile. Téann tionscal idirnáisiúnta na foilsitheoireachta tráchtála chun tairbhe do roinnt
scríbhneoirí bunaithe Éireannacha, agus dá bhrí sin bíonn tacaíocht na Comhairle Ealaíon ag díriú ar fhoilsitheoirí liteartha dúchasacha agus neamhspleácha a chuireann ardán ar fáil do scríbhneoirí nua agus do scéalta nua a bhaineann go sainiúil le
hÉirinn.