Lime Tree Theatre interior, Limerick. (Photo: Maurice Gunning) Bailiúchán cás-staidéar, treoirlínte, tuairiscí agus cáipéisí eile is féidir a íoslódáil
Sa chuid seo tá bailiúchán cás-staidéar, treoirlínte, tuairiscí agus cáipéisí eile is féidir a íoslódáil. Tá siad tar éis a bheith roinnte acu siúd a oibríonn in earnáil na n-ionad ar fud na tíre toisc gur ábhar úsáideach tagartha iad.
Tá siad ceaptha do bhainisteoirí ionaid agus do dhaoine eile atá ag lorg smaointe le haghaidh gníomhaíochtaí nua nó atá ag iarraidh cláir a fhorbairt a bhaineann le foirmeacha ealaíne nó le réimsí cleachtais nach bhfuil cur amach acu orthu.
- Ag obair le healaíontóirí: cás-staidéir agus cáipéisí samplacha a bhaineann le cónaitheachtaí agus comhaontuithe ealaíontóirí, le taispeántais, le gradaim ealaíontóirí, srl.
- For-rochtain: cás-staidéir agus cáipéisí samplacha a bhaineann le tionscadail oideachais, le ceardlanna, leis an bhfor-rochtain óige agus pobail, srl.
- Margaíocht & Caidreamh Poiblí: acmhainní agus treoirleabhair maidir leis an margaíocht agus margaíocht ar líne, dul ar camchuairteanna, an preas, ceisteanna a bhaineann le díolachán ticéad, srl.
- Ceisteanna eagraíochtúla: treoirlínte agus cáipéisí beartais a bhaineann le ceisteanna foirne/acmhainní daonna, cosaint leanaí, an bord agus rialachas, ráitis mhisin, srl.
- Ceisteanna foirgnimh: cáipéisí agus treoirlínte a bhaineann le cead isteach i bhfoirgneamh, le ceisteanna ealaíon agus míchumais, leis an mbainistíocht riosca, srl.
Rinne an Chomhairle Ealaíon an acmhainn seo a choimisiúnú mar chuid dá gealltanas tacaíocht a thabhairt d’ionaid agus do léiritheoirí. Tugtar samplaí dea-chleachtais ann a bhaineann leis an uile fhoirm ealaíne ó eagraíochtaí a n-aithnítear a bheith ar thús cadhnaíochta ina réimsí féin.
Is leis na heagraíochtaí i gceist atá cóipcheart na gcáipéisí in-íoslódáilte uile sa réimse acmhainní seo. Níl an Chomhairle Ealaíon freagrach as a bhfuil san ábhar sin ná ar aon láithreán Idirlín seachtrach.