Aithníonn an Chomhairle Ealaíon an
éagsúlacht shaibhir de réimsí cleachtais foirm ealaíne a chuireann féilte i
láthair agus an ról ríthábhachtach atá acu chun rochtain an phobail ar na
healaíona a leathnú. Bíonn féilte lárnach go minic do phobail agus iad ag cur a
n‑aitheantas áitiúil i láthair agus á bhfiosrú, rud a chuireann rochtain ar
fáil ar na healaíona agus a chruthaíonn deiseanna d’ealaíontóirí a gcleachtas a
fhorbairt.
Russango Family, First Fortnight. Tramline, Dublin 2017. (Grianghraf: Kieran Frost)
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na
Comhairle Ealaíon d’fhéilte agus imeachtaí agus do gach foirm ealaíne agus gach
réimse cleachtas ealaíon eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na
Comhairle Ealaíon (2016–2025) (PDF, 3.29 MB). Déantar cur síos ann ar conas a
stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach
romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir;
rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus
dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Féilte reatha ailínithe
leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a
Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo Beartas agus Straitéis na bhFéilte 2020–2025.
Cuireann siad réimse tacaíochtaí
airgeadais ar fáil do mhúnlaí féile éagsúla
Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le
féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a
chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus
idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna
do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm
ealaíne, tacaíocht d’fhéilte beaga chun taithí ealaíon ardchaighdeáin a
sheachadadh do lucht féachana agus cláir féile atá ag obair leis an bpobal
áitiúil, agus ábhartha dó.
Is minic gur buaicphointí cultúrtha na
bliana iad na féilte a reáchtáiltear i bpobail ar fud na hÉireann, idir bheag
agus mhór. Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht airgeadais do roinnt féilte a
phléann le foirm ealaíne amháin (m.sh. amharclannaíocht, damhsa, scannán) agus
tugtar tacaíocht do na féilte sin i gcomhthéacs na mbeartas a bhaineann leis na
foirmeacha ealaíne sin. Tacaímid le cuid mhór féilte ealaíon ildisciplíneach
chomh maith, is iad siúd na féilte sin a bhfuil clár foirmeacha éagsúla ealaíne
acu, lena n-áirítear litríocht, ceol, ealaíona sráide, téatar, amharcealaíona
agus réimsí éagsúla de chleachtadh na n-ealaíon.
Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht
airgeadais d’fhéilte ealaíon:
- a bhfuil
ról an-tábhachtach acu nó atá lárnach in infreastruchtúr na n-ealaíon
- a
chuireann le saothar an ealaíontóra nó forbairt cleachtais foirme ealaíne
- a
chuireann taithí ar ealaíona ardcháilíochta ar fáil agus a thugann tosaíocht do
chláir a bhfuil baint acu le pobail áitiúla nó pobail arb ábhar spéise iad, nó
atá ábhartha dóibh.
- a bhfuil
ról an-tábhachtach acu i gcur chun cinn agus i seachadadh foirme ealaíne nó
cleachtais ealaíon
- a léiríonn
comhpháirtíochtaí éifeachtacha áitiúla, náisiúnta nó idirnáisiúnta sna
healaíona
- a
chuireann deiseanna ar fáil don phobal mór a bheith páirteach i dtaithí ar
ealaíona ardcháilíochta.
Tugann an Chomhairle Ealaíon tosaíocht
d’fhéilte a chuireann le forbairt ealaíona sráide agus seónna ealaíon in Éirinn
agus ceaptar gur timpeallachtaí riachtanacha iad leis na saothair seo a
thástáil agus a chur i láthair don phobal mór.
Rinne an Chomhairle Ealaíon na nithe seo
in 2022:
- chuir sí
€2.17 milliún de thacaíocht mhaoinithe ar fáil do 137 clár féile atá beag nó ar
mheánmhéid ar fud na hÉireann
- thacaigh
sí le 15 choimisiún arna stiúradh ag féilte agus le 27 tionscadal a dhéanann
acmhainn a fhorbairt chun tacú le forbairt ealaíne agus eagraíochtúla na
bhféilte trí €477,146 a chaitheamh orthu agus 2 Chónaitheacht Idirnáisiúnta dar
luach €94,000 a chur ar fáil.
- thacaigh
sí leis na hÚdaráis Áitiúla le maoiniú chun féilte a chur ar siúl ina gceantair
áitiúla
- chuir sí
tacaíocht bhliantúil ar fáil mar Mhaoiniú Straitéiseach do 6 fhéile
ildisciplíneacha agus maoiniú do 13 fhéile foirm ealaíne aonair ar fud na
hÉireann. B’ionann an infheistíocht iomlán i maoiniú straitéiseach do réimse na
féile ealaíon in 2022 agus €8.2 milliún
- rinne sí
infheistíocht dar luach €1.64 milliún i gcláir féile agus i dtionscadail
forbartha féile trí Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona i 19 bhféile mheánmhéide
ar fud na hÉireann.
B’ionann infheistíocht bhliantúil in
2022 ina hiomláine agus €12,597,288.