Déanann an Chomhairle
Ealaíon clinicí faisnéise a sceidealú go rialta d’iarratasóirí féideartha
féilte agus clinicí tuairiscithe dóibh siúd a bhfuil maoiniú faighte acu. Seo
anois liosta na gclinicí a bheidh ar bun sa bhliain 2023. Déantar an liosta seo
a nuashonrú go rialta; mar sin, moltar an leathanach seo a sheiceáil d’aon
nuashonruithe. Cuirtear na clinicí ar fad ar fáil ar líne faoi láthair.
Má tá tuilleadh eolais
ag teastáil uait téigh i dteagmháil le Martin Rochford, Cúntóir Féilte
Scéim
Infheistíochta na bhFéilte - Clinic Tuairiscithe
(d’Fhaighteoirí
Dámhachtana Bhabhta 2 2023 amháin)
Déardaoin 28 Meán Fómhair 2023 ag 2.30i.n.
Tugtar cuireadh
d’fhéilte a bhfuil dámhachtain Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2023 (Babhta 2)
faighte acu freastal ar chlinic tuairiscithe. Tacóidh an seisiún praiticiúil
seo le féilte agus treoróidh sé iad maidir le conas an fhoirm tuairisce féilte
2023 a chomhlánú, conas a dtuairisciú Ioncaim agus Caiteachais a dhéanamh, agus
na céimeanna a bhaineann le híocaíochtaí a sceidealú. Cuirfear an clinic seo ar
fáil ar líne níos déanaí d’eagraíochtaí féilte.
Ní gá d’fhéilte é a chur
in áirithe, cuirfear cuireadh uathoibríoch amach chuig faighteoirí dámhachtana
ag tabhairt cuireadh dóibh freastal ar líne.
Scéim
Infheistíochta na bhFéilte 2024, Babhta 2 - Clinic Iarratais
(maidir le féilte a
bheidh ar siúl Iúil-Nollaig 2024)
Déardaoin, 12 Deireadh
Fómhair ar 2i.n.
Is é cuspóir Scéim
Infheistíochta na bhFéilte 2024 tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte
beaga/meánacha chun gníomhaíocht cláir féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar
oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirme ealaíne aonair a
bheidh ar siúl sa dara leath de 2024 (Féilte a thosóidh idir an 01 Iúil agus an
31 Nollaig 2024). Ba chóir d’iarratasóirí atá ag filleadh ar an scéim
chomh maith le hiarratasóirí nua freastal ar an gclinic iarratais seo ina
leagfar amach athruithe ar an bhfoirm iarratais agus ar an treoir
d’iarratasóirí. Beidh deis ann freisin do rannpháirtithe an chlinic ceisteanna
a chur.
Is féidir áiteanna don
chlinic seo a chur in áirithe anseo Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2024, Babhta 2
Dámhachtain
Lúfaireachta - Clinic Iarratais
Dé Céadaoin, 31 Bealtaine ar 11r.n.
Dé Máirt, 6 Meitheamh ar 1i.n.
Déardaoin, 15 Meitheamh ar 3i.n.
Dé Luain, 19 Meitheamh ar 1i.n.
Cuspóir na Dámhachtana:
Maidir leis an dámhachtain seo i bhFéilte, ní mór d'iarratasóirí a bheith ina
lucht déanta féilte, ina gcoimeádaithe féilte nó ina cláreagraithe féilte atá
ag iarraidh a gcuid scileanna agus a gcleachtas déanta féilte a fhorbairt. Ní
mór spriocanna soiléire forbartha gairmiúla a bheith ag tograí i réimsí a
chomhlánaíonn cleachtas na féile – e.g. meantóireacht a fháil ó chleachtóirí
féile, forbairt coimeádaíochta, léiriúchán. Ba cheart d'ealaíontóirí atá ag
iarraidh saothar a fhorbairt agus é ar intinn acu é a chur i láthair i gclár
féile iarratas a dhéanamh faoin bhfoirm ealaíne a bhaineann lena gcleachtas.
Tá sé mar aidhm ag an
Dámhachtain Lúfaireachta tacaíocht a thabhairt do shaorealaíontóirí gairmiúla
aonair agus oibrithe ealaíona ag céim ar bith dá ngairmréimeanna.
Is iad na príomhphointí
a chlúdófar sa seimineár gréasáin ná:
-
Athruithe ar Threoirlínte na Dámhachtana Lúfaireachta do 2023.
-
- Na príomhdhifríochtaí idir an Dámhachtain Lúfaireachta agus an
Dámhachtain Sparánachta.
-
- An próiseas iarratais.
-
- An próiseas scórála.
-
- Seisiún C&F.
Cliceáil do rogha dáta
thuas agus cuir do shonraí leis an gclár. Tar éis duit clárú, gheobhaidh tú
ríomhphost deimhnithe le heolas maidir le conas dul isteach sa seimineár
gréasáin.
Scéim
Infheistíochta na bhFéilte 2024, Babhta 1 - Clinic Iarratais
(maidir le féilte a
bheidh ar siúl Eanáir-Meitheamh 2024)
Déardaoin, 18 Bealtaine
ar 2i.n.
Is é cuspóir Scéim
Infheistíochta na bhFéilte 2024 tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte
beaga/meánacha chun gníomhaíocht cláir féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar
oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirme ealaíne aonair a
bheidh ar siúl sa chéad leath de 2024 (Féilte a thosóidh idir an 01 Eanáir
agus an 30 Meitheamh 2024). Ba chóir d’iarratasóirí atá ag filleadh
ar an scéim chomh maith le hiarratasóirí nua freastal ar an gclinic iarratais
seo ina leagfar amach athruithe ar an bhfoirm iarratais agus ar an treoir
d’iarratasóirí. Beidh deis ann freisin do rannpháirtithe an chlinic ceisteanna
a chur.
Is féidir teacht ar
shleamhnáin ó Chlinic Iarratais Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2024, Babhta 1
anseo
Scéim
Tacaíochta Forbartha Acmhainne d’Fhéilte - Clinic Iarratais
Déardaoin, 6 Aibreán ar
2i.n.
Is é cuspóir na Scéime
Tacaíochta Forbartha Acmhainne tacaíocht a thabhairt d’fhéilte le go mbeidh
siad in ann a samhlacha eagraíochta agus/nó gnó a athbhreithniú agus a oiriúnú
agus a bhforbairt straitéiseach a fhorbairt sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Tacaíonn an scéim le gníomhaíochtaí a chabhróidh le hacmhainn eagraíochta a
fhorbairt, ionchuimsitheacht a fhorbairt, forbairt ghairmiúil a chothú, agus/nó
piarthacaíocht agus comhoibriú a mhéadú.
Is féidir teacht ar
shleamhnáin ó Chlinic Iarratais na Scéime Tacaíochta Forbartha Acmhainne anseo
Scéim
Infheistíochta na bhFéilte - Clinic Tuairiscithe
(d’Fhaighteoirí
Dámhachtana Bhabhta 1 2023 amháin)
Déardaoin, 23 Feabhra ar
2.30i.n.
Tugtar cuireadh
d’fhéilte a bhfuil dámhachtain Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2023 (Babhta 1)
faighte acu freastal ar chlinic tuairiscithe. Tacóidh an seisiún praiticiúil
seo le féilte agus treoróidh sé iad maidir le conas an fhoirm tuairisce féilte
2023 a chomhlánú, conas a dtuairisciú Ioncaim agus Caiteachais a dhéanamh, agus
na céimeanna a bhaineann le híocaíochtaí a sceidealú. Cuirfear an clinic seo ar
fáil ar líne níos déanaí d’eagraíochtaí féilte.
Ní gá d’fhéilte é a chur
in áirithe, cuirfear cuireadh uathoibríoch amach chuig faighteoirí dámhachtana
ag tabhairt cuireadh dóibh freastal ar líne.
Dámhachtain
Coimisiún d’Fhéilte – Clinic Iarratais
Déardaoin, 9 Feabhra ar
3.15i.n.
Is é cuspóir na
Dámhachtana Coimisiún coimisiúnú saothair nua ó shaorealaíontóirí a éascú.
Tá an Dámhachtain
Coimisiún ar fáil sa Damhsa, Ceol, Ceoldrámaíocht, na hEalaíona Traidisiúnta,
Féilte agus Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas. Clúdóidh an clinic an próiseas
iarratais, cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana, agus an próiseas
measúnaithe. Tá an clinic seo oiriúnach d’fhéilte a bhfuil coimisiún á lorg
acu.
Is féidir teacht ar
shleamhnáin Chlinic Iarratais na Dámhachtana Coimisiún d’Fhéilte anseo
Maoiniú
Féile - Clinic Faisnéise
(na scéimeanna ar fad
atá ar fáil)
Déardaoin, 9 Feabhra ar
2i.n.
Tabharfar forbhreathnú
sa Chlinic Faisnéise maidir le Maoiniú Féile ar na scéimeanna reatha atá ar
fáil d’fhéilte sa bhliain 2023.
Beidh achoimre ghairid
ar chreat maoinithe na Comhairle Ealaíon san áireamh sa chlinic chomh maith le
réamhrá gairid faoi na scéimeanna seo a leanas ar féidir le féilte iarratas a
dhéanamh orthu mar iarratasóirí tosaigh.
Áireofar iad seo a
leanas ar na scéimeanna maoinithe a chlúdófar:
- Maoiniú Deontais do na hEalaíona
-
- Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
-
- Dámhachtain Coimisiún
-
- Scéim Infheistíochta na bhFéilte
-
- Gairm Oscailte*
-
- Maoiniú Straitéiseach
-
- Rannpháirtíocht san Ailtireacht
Is féidir teacht ar
shleamhnáin ón gClinic Iarratais maidir le Maoiniú Féile anseo