Clinicí sceidealaithe in 2024
d’eagraíochtaí féile
Déanann an Chomhairle
Ealaíon clinicí faisnéise a sceidealú go rialta d’iarratasóirí féideartha
féilte agus clinicí tuairiscithe dóibh siúd a bhfuil maoiniú faighte acu. Seo
anois liosta na gclinicí a bheidh ar bun sa bhliain 2024. Déantar an liosta seo
a nuashonrú go rialta; mar sin, moltar an leathanach seo a sheiceáil d’aon
nuashonruithe. Cuirtear na clinicí ar fad ar fáil ar líne faoi láthair.
Má tá tuilleadh eolais ag
teastáil uait téigh i dteagmháil le do thoil le regina.oshea@artscouncil.ie
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2025,
Babhta 2 – Clinic Iarratais
(le haghaidh féilte a bheidh
ar siúl ó mhí Iúil go mí Nollag 2025)
Déardaoin, 7 Samhain, 11:30am
Is é cuspóir Scéim
Infheistíochta na bhFéilte 2025, Babhta 2, ná tacaíocht a chur ar fáil
d’fhéilte beaga/meánacha chun gníomhaíocht cláir féile a sheachadadh. Tá
an scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirme ealaíne
aonair a bheidh ar siúl sa dara leath de 2025 (Féilte a thosóidh idir
an 1 Iúil agus an 31 Nollaig 2025). Ba chóir d’iarratasóirí atá ag
filleadh ar an scéim chomh maith le hiarratasóirí nua freastal ar an gclinic
iarratais seo ina leagfar amach athruithe ar an bhfoirm iarratais agus ar an
treoir d’iarratasóirí. Beidh deis ann freisin do rannpháirtithe an chlinic
ceisteanna a chur.
Cláraigh anseo
Scéim Infheistíochta na bhFéilte –
Clinic Tuairiscithe
(d’Fhaighteoirí Dámhachtana
Bhabhta 1 2025 amháin)
Déardaoin, 5 Meán Fómhair 2024, 2.30pm
Tugtar cuireadh d’fhéilte a
bhfuil dámhachtain Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2025 (Babhta 1) faighte acu
freastal ar chlinic tuairiscithe. Tacóidh an seisiún praiticiúil seo le féilte
agus treoróidh sé iad maidir le conas an fhoirm tuairisce féilte 2025 a
chomhlánú, conas a dtuairisciú Ioncaim agus Caiteachais a dhéanamh, agus na
céimeanna a bhaineann le híocaíochtaí a sceidealú. Cuirfear an clinic seo ar
fáil ar líne níos déanaí d’eagraíochtaí féilte.
Ní gá d’fhéilte é a chur in
áirithe, cuirfear cuireadh uathoibríoch amach chuig faighteoirí dámhachtana ag
tabhairt cuireadh dóibh freastal ar líne.