Dublin Youth Dance Theatre (Grianghraf: Domnick Walsh)
Tá Scéim Ensembles na nÓg ar cheann de roinnt deiseanna maoinithe arna dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon chun na healaíona in Éirinn a fhorbairt agus chun tacú leo. Is é príomhchuspóir na duaise seo tacú le grúpaí de dhaoine idir 10 bhliain agus 24 bliana d’aois chun obair uaillmhianach úrnua a chruthú in bhfoirm ealaíne ar bith (m.sh, sorcas, rince, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, téatar, litríocht, na físealaíona, nó comhcheangal ar bith eatarthu seo).
Ghlac daoine óga ó ensembles ar bronnadh maoiniú orthu in 2011 trí Scéim Ensembles na nÓg de chuid na Comhairle Ealaíon páirt i dtaispeántas agus imeacht líonraithe ar an 31 Márta 2012. Bhí Branching Out, a d’eagraigh tionscadal a fuair tacaíocht faoin scéim, ina óstach ar an imeacht seo sa Factory Performance Space i Sligeach i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon.