Is iad ár mbeartas agus ár bplean maidir leis na healaíona do leanaí agus daoine óga atá mar threoir don Chomhairle Ealaíon.
Agus ár mbeartas agus ár bplean á bhforbairt againn, chuamar i gcomhairle le leanaí agus daoine óga agus le páirtithe leasmhara gairmiúla. Bhaineamar úsáid freisin as taighde ábhartha maidir leis na healaíona agus rannpháirtíocht chultúrtha i measc leanaí agus daoine óga suas go dtí 13 bliana d’aois agus suas go dtí 17 mbliana d’aois, chomh maith le taighde a bhaineann le rannpháirtíocht daoine óga 16‑24 bliana d’aois sna healaíona.
Áirítear i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh (2016-2025) príomhchuspóir maidir le pleanáil agus soláthar do leanaí agus daoine óga.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le reachtaíocht, creatlacha beartais agus straitéisí náisiúnta a bhaineann le leanaí agus daoine óga ar fáil anseo.