Elliot Galvin Trio, IMC, 12 Points Festival, Meán Fómhair 2018.
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do litríocht agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt
Tá dlúthcheangal ag an gceol le bunchreat shochaí na hÉireann agus le gach gné den saol. Tá éagsúlacht mhór mhillteanach in Éirinn ó thaobh an cheoil de, idir cheol traidisiúnta, agus cheol clasaiceach, shnagcheol, cheol domhanda, rac-cheol agus phopcheol, agus saibhreas éagsúlachta de stíleanna nua-aimseartha.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt faoi roinnt tascanna criticiúla a bhaineann le ceol, is mian linn: a chinntiú go bhfuil fáil ar cheol ag gach duine, beag beann ar mhaoin, míchumas, tíreolaíocht, oideachas, aois nó taithí; ceannasaíocht a chur ar fáil i leith saincheisteanna móra náisiúnta a bhfuil tionchar acu ar cheol; cur le saothar eagraíochtaí eile atá tiomanta do thacú agus cur chun cinn an cheoil agus san obair atá ar siúl againn, tuiscint agus freagairt a bheith againn ar gach séanra ceoil faoi leith ina théarmaí féin.
I dtéarmaí praiticiúla, cuirimid tacaíocht ar fáil do réimse ealaíontóirí aonair (cumadóirí agus oirfideoirí), eagraíochtaí taibhléirithe, tionscnóirí agus féilte, chomh maith le roinnt eagraíochtaí acmhainne agus údaráis áitiúla a thacaíonn le forbairt agus taibhléiriú náisiúnta an cheoil.