Is ionad ealaíon suaitheanta é The Dock in Iarthuaisceart na hÉireann a tháirgeann an ealaín, ceol agus amharclannaíocht chomhaimseartha is fearr. Tá trí spás dánlainne áille agus spás taibhléirithe an-phearsanta le fáil in The Dock. Cuireann sé clár
amharc-ealaíne, taibhithe, cónaitheachtaí agus ceardlanna ar fáil ó cheann ceann na bliana agus treisíonn oideachas ealaíon agus tionscadail for-rochtana leis a sholáthraíonn deiseanna do dhaoine de gach uile aois agus ag a bhfuil spéiseanna éagsúla
chun dul i ngleic leis na healaíona comhaimseartha. Is spás é The Dock le haghaidh grúpaí agus cleachtóirí ealaíon áitiúla chun casadh le chéile agus smaointe a fhorbairt. Feidhmíonn sé mar leabharlann, ach leabharlann do na healaíona.
Tá Sarah Searson ag oibriú ag leibhéal feidhmeach agus na hardbhainistíochta sna healaíona agus in earnáil an oideachais le breis agus 25 bliain anuas. Tá an tsuim atá aici in eagraíochtaí agus tionscadail ealaíon agus cultúrtha a chur chun cinn le feiceáil
ina gairm bheatha go dtí seo agus i measc na taithí sin atá aici stiúir sí eagraíochtaí maidir lena bhforbairt straitéiseach agus bhí sí freagrach as a mbainistíocht eagraíochtúil éifeachtach a chinntiú. Thosaigh Sarah in The Dock mar Phríomhfheidhmeannach
agus Stiúrthóir Cruthaitheach sa bhliain 2015, agus tá sí ag oibriú le cúig bliana anuas le struchtúr eagraíochtúil, caighdeán ealaíonta, eispéireas na gcuairteoirí agus na luchtanna féachana a fheabhsú mar aon le cumhacht agus cáil náisiúnta agus
idirnáisiúnta na heagraíochta a leathnú.
Conas a chuaigh géarchéim shláinte COVID-19 i bhfeidhm ar an ngnáthshaol laethúil san Ionad Ealaíon?
Táimid sa dara seachtain de na srianta leibhéal 5 anois agus é seo á scríobh agam agus ciallaíonn sé sin nach féidir le foirgnimh chultúrtha oscailt. Tá cláir ar líne á dhéanamh againn anois mar gheall ar na srianta nua seo. Baineann gnéithe dearfacha
agus dúshlánacha leis an gcineál cláraithe sin, mar táimid buartha faoi nasc a chóiméad leis an lucht féachana atá againn cheana féin agus faoi muid féin a choinneáil ábhartha dóibh ag an am seo. Táimid tógtha go bhfuilimid in ann dul i bhfeidhm ar
luchtanna féachana nua agus ár gcumhacht a leathnú freisin. Maidir le hathrú a bhainistiú, táimid ag táireadh imeachtaí a reáchtáiltear ar líne amháin agus bíonn an obair sin sách crua ó thaobh ama de agus ní mór go leor acmhainní a úsáid chuici.
Táimid ag foghlaim níos mó faoi gach ar féidir linn a dhéanamh agus faoin dóigh le hoibriú go héifeachtach. Táimid ag dul i dtaithí ar cad atá éifeachtach don spás ar líne, áit atá an-iomaíoch ar fad mar thoradh ar an bhflúirse ábhar atá ar fáil saor
in aisce. Mar is gnách, teastaíonn go leor oibre chun tacú le pobail shonracha agus chun dul i bhfeidhm orthu.
Bhí samhradh thar a bheith gnóthach againn, tráth ar éirigh linn an feistiú teicniúil inár n-amharclann a uasghrádú, bhíomar in ann taispeántas nua a shuiteáil agus ár ndánlanna a oscailt freisin. D’éirigh leis an iarratas a rinneamar ar Scéim Athnuachana
na mBailte agus na Sráidbhailte, chuireamar dlús faoi bhearta tríd an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus táimid ar tí spás sealadach cruinnithe poiblí a shuiteáil, rud a bhí orainn a chur ar ceal mar thoradh ar na hathruithe a rinneadh ar na leibhéil sábháilteachta.
Bhogamar ár dtaibhithe amach ón amharclann chuig clós margaidh clúdaithe chomh maith. D’éirigh go hiontach leis sin, díoladh na ticéid go léir, agus bhain ár bpobal an-taitneamh as. Bhí imeachtaí ceoil a bhí le reáchtáil ar dheiridh seachtaine i mí
Lúnasa ar an gclár chomh maith le scannáin ealaíne i mí Mheán Fómhair ach bhí orainn é a chur ar ceal sa tríú seachtain. Bhí an obair a theastaigh chun an clár sin a fhorbairt cosúil leis an obair a bhíonn i gceist chun féile a tháirgeadh. I measc
an ullmhúcháin a rinneamar, chruthaíomar pleananna bainistíochta imeachta, ráitis maidir le sábháilteacht, chuamar i gcomhairle leis an nGarda Síochána, leis an mbriogáid dóiteáin agus le páirtithe leasmhara san údarás áitiúil agus amach ón suíomh.
Bhí dhá shuíomh á mbainistiú againn freisin ar mhaithe le sábháilteacht ceoltóirí, foirne, an phobail agus teicneoirí ar conradh ó COVID. Tá roinnt imeachtaí ann a cuireadh siar suas le ceithre huaire agus a bhí orainn a chur ar ceal i ndeireadh thiar
thall. Maidir le clárú, bhí sé thar a bheith dúshlánach. Bhí orm cuid dár séasúr fómhair le haghaidh 2020 a chlárú suas le ceithre huaire. De ghnáth faoin am seo den bhliain, is é sin Deireadh Fómhair/Samhain, bheadh an clár taispeántas agus amharc-ealaíon
le haghaidh 2021 deimhnithe agus sceidealaithe agam, bheadh an clár taibhithe deimhnithe agus in áirithe go dtí mí an Mheithimh 2021 chomh maith. Ina ionad sin, tá athchlárú á dhéanamh agam ar mhí na Samhna agus mí na Nollag 2020.
Cad a cheapann tú faoi na rudaí a d’fhéadfadh Ionaid Ealaíon a dhéanamh maidir le “clárú digiteach” sa todhchaí?
Maidir le clár digiteach a fhorbairt, go háirithe i réimse an taibhithe, táim buartha faoi inléiteacht. Caithfimid díriú ar nasc fiúntach a choinneáil lenár luchtanna féachana agus lenár n-úsáideoirí ón bpobal. Caithfimid an chuma chéanna a bhí orainn
anseo in The Dock a choimeád mar aon leis an gceangal atá againn lenár mbaile agus lenár bpobal.
Ba cheart go mbainfeadh an obair a dhéanaimid le gach a bhfuil uathúil agus speisialta faoi The Dock más maith linn ár nasc leis na daoine ar oibríomar go dian ar a shon le 15 bliana anuas a choimeád. An dúshlán atá orainn ná é sin a dhéanamh ar mhodh
digiteach. Sílim go mbaineann go leor féidearthachtaí le bheith in ann ábhar digiteach a roinnt trí ionaid ealaíon atá ina mbaill d’aon líonra amháin. Beidh scileanna a bhaineann leis an gcoimeád agus leis an gclárú níos tábhachtaí de réir mar a phlúchfaidh
ábhar atá sách dona domhan digiteach na n-ealaíon.
Tá sé níos éasca luchtanna féachana a threorú i dtreo ábhair ardchaighdeáin trí fhoinsí iontaofa amhail ionaid ealaíon. Is beag tábhacht a bhaineann leis an réimse díoloifige a bhíodh againn, nó ar an tuiscint a bhí againn air go dtí seo, mar is mór an
t-athrú atá ar iompar daoine a théann i ngleic le hábhar ar líne le hais na ndaoine sin a théann i ngleic leis ar bhealach fisiciúil. Ó thaobh cúrsaí ionaid de, ní gá aon bhainistíocht tí a dhéanamh. Maidir le ról agus feidhm an díoloifige, baineann
sé le sonraí a bhainistiú agus a bhailiú anois agus le rannpháirtíocht ar líne a spreagadh. Tá gá ann go mbogfaimid ón smaoineamh an-tútach gur “ábhar” iad na healaíona a chuirtear i láthair ar líne, agus caithfimid súil níos géire a chaitheamh ar
an eispéireas ealaíne agus iarracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar an dóigh a gceanglóidh sé le pobail.
Roimh an bpaindéim, an raibh ról ag ábhar digiteach i do chlár?
Bhí, i réimse na n-amharc-ealaíon. Tá The Dock, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, ag táirgeadh cúig ghearrscannán in aghaidh na bliana inar taifeadadh ár gclár amharc-ealaíon. Bhí an-rath ar an tionscnamh go dtí seo i dtaobh luchtanna féachana ar fud
na hÉireann a mhealladh. D’fhorbraíomar podchraoltaí freisin a bhfuil nasc acu leis na hamharc-ealaíona agus bhí sé go hiontach go rabhamar in ann filleadh orthu siúd le linn na dtréimhsí dianghlasála.
Cén saghas ábhair dhigitigh nó ábhair a chloígh leis an scaradh sóisialta a léirigh sibh le linn na tréimhse sin?
D’fhorbraíomar roinnt gníomhaíochtaí do dhaoine óga agus do theaghlaigh agus bhí an-tóir orthu. Ba thionscnamh a dearadh
chun cuidiú le daoine óga idir 14 agus 19 mbliana d’aois scileanna a fhorbairt a nascfaidís lena gceantar agus lena bpobal é Collective Producers. Tacaíonn sé le tuiscint níos leithne ar an gcultúr físiúil trí mheascán de scileanna amhail dearadh,
grianghrafadóireacht, dearadh grafach, priontáil, tarraingt agus múnlú 3T. Foilseoimid leabhar digiteach de na saothar sna seachtainí amach romhainn
Is tionscadal ar trí stáitse é 2Km, 3 Locations Art Project a forbraíodh le haghaidh lucht féachana níos leithne le linn phaindéim Covid. Postáladh ceardlanna / tionscadail / tascanna oscailte ar ardáin meán sóisialta The Dock le haghaidh daoine
óga agus daoine fásta le páirt a ghlacadh iontu. Is éard a bhí i gceist leis an tionscnamh an t-achar 2 km taobh lenár mbaile agus inar féidir linn aclaíocht a dhéanamh a fhiosrú mar aon leis an dóigh a ndéanaimid teagmháil lena chéile ag an am seo.
D’fhreagair an pobal le sceitseáil, tarraingt, péintéireacht, scríbhneoireacht, deachtú, taifeadadh fuaime, físeán agus grianghrafadóireacht.
Tionscadal Nature Nurture: D’fhreagair ní ba mhó ná 55 duine óg i dtrí chatagóir aoise, 7–9, 10–14 agus 15–18 mbliana d’aois, ar an téama Nature Nurture, agus smaoinigh siad ar áilleacht ár ndomhain nádúrtha. Chruthaigh The Doch spás taispeántais
fíorúil le haghaidh ealaíontóirí óga chun a saothair ealaíne a thaispeáint.
http://www.thedock.ie/exhibitions/nature-nurture-virtual-exhibition
In theatre we commissioned and produced a new work for audiences of six; Knock me Down. This was an immersive work that ran three times a day over two days.
We have commissioned new radio plays, and work for Facebook (thedock.ie/events/radioplay)
D’fhorbair The Dock sraith d’agallaimh le healaíontóirí, Speaking of Which; rinneadh iad a fhorbairt ó choimisiúin amharc-ealaíon. I measc na samplaí tá: Jackie McKenna,
Jamie Cross, Sinéad Ní Mhaonaigh, Gemma Browne, Eve O'Callaghan, Atoosa Pour Hosseini, Austin Ivers and
Anne Marie Healy.
Is féile ar líne nua é Whose Woods are These: A Festival of Trees a bhfuil
ceol nua a coimisiúnaíodh, agallaimh le healaíontóirí agus grúpaí léitheoireachta mar chuid de. Reáchtálfar an fhéile i mí na Nollag 2020.
Cad iad na buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann le tionscnaimh a chruthú nó saothair a chur i láthair ar an gcaoi sin
Tá tionchar níos leithne againn sa domhan anois agus táimid ag dul i gcion ar líon níos mó daoine. Is buntáiste é sin. Ní chuireann spás srian lenár n-obair. Mar sin féin, níl barúil againn faoi cháilíocht na rannpháirtíochta sin. Is míbhuntáiste soiléir
é an easpa gnéithe fisiciúla; baineann bacainní leis an eispéireas ar líne maidir le luchtanna féachana níos sine a mhealladh, agus cailltear amach ar an dlútheispéireas sóisialta a bhíodh á thairiscint againn. Táimid ag súil go mór le míonna an tsamhraidh
nuair a bheimid in ann saothair a chur i láthair allamuigh arís. Go ginearálta, táimid spreagtha ag na dúshláin a bhfuil orainn dul i ngleic leo, ach níl aon dabht go bhfuilimid beagán trína chéile ag an am céanna. Tá go leor oibre i gceist leis.
Táimid ag feidhmiú ar nós gur compántas beag táirgthe meán muid anois
Ón méid atá ar bun agat le linn na tréimhse seo, ar fhoghlaim tú aon rud is ceart nó nach ceart a dhéanamh agus an rachaidh sin i bhfeidhm ar an méid a dhéanfaidh tú amach anseo?
Ceapaim go mbaineann na rudaí is ceart nó nach ceart a dhéanamh leis an ionad tionóil ar leith féin. Táim ag foghlaim gur cheart dúinn smaoineamh faoi imeachtaí a reáchtáil le chéile ar an spás ar líne. D’fhéadfaí sraith imeachtaí ábhartha a chur ar an
margadh, amhail féilte beaga. Sílim go meallfadh sé sin luchtanna féachana nós mó.
Eolas teagmhála
www.thedock.ie | Facebook | Instagram | Twitter | YouTube | Vimeo