Is é Fergal McGrath an Stiúrthóir Ionaid in Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh. As Tuaim ó dhúchas dó agus is céimí é de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá Feargal ag obair in earnáil an chultúir le 28 bliain anuas agus tá dlúthbhaint aige le fás agus forbairt roinnt comhlachtaí agus eagraíochtaí móra de chuid na hÉireann, ina measc Féile Ealaíon na Gaillimhe (1992-2002 lena n-áirítear Féile Ealaíon Baboró do Pháistí a bhunú in 1997), Compántas Amharclannaíochta an Druid (2002-2007), Amharclann Halla na Cathrach (2007-2010 agus 2013 go dáta) agus roimhe sin, rannóg phlandaí tí na hÉireann le Fyffes Plc (1985-1992). Ó 2010 go dtí 2013, bhí Fergal ina Stiúrthóir Bainistíochta le FMG Management agus chuir sé réimse de thacaí comhairleoireachta, bainistithe tionscadail agus forbartha gnó ar fáil d’earnálacha an chultúir, na turasóireachta agus na seirbhísí.
Tá Amharclann Halla na Cathrach ar an bpríomh-ionad tionóil taibh-ealaíon i nGaillimh; áit fháilteach i gcroí-lár ghníomhartha cultúir na Gaillimhe. Cuimsíonn ionaid tionóil Halla na Cathrach an príomh-halla 400 suíochán agus an Studio Space 52 suíochán ag Cearnóg Theach na Cúirte, mar aon leis an ionad ilchuspóireach atá in aice láimhe, an Dubhlann, mar a bhfuil spás le haghaidh 600 suíochán agus 800 duine ina seasamh. Bíonn siad ar oscailt seacht lá na seachtaine, 52 seachtain sa bhliain (seachas Lá Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin!) agus léirítear iontu gach bliain meascán fairsing d’amharclannaíocht, ceolchoirmeacha, ceoldrámaí, damhsa, scannáin, seónna grinn agus seónna teaghlaigh agus pobail. In 2019, chuimsigh clár Amharclann Halla na Cathrach 600+ taibhiú, léiriú agus imeacht lenar áiríodh saothar le 54 compántas amharclannaíochta/damhsa agus 27 eagraíocht phobail.
Cén t-imeacht/taispeántas ealaíne, a d’eagraigh tú féin, is mó ar bhain tú sásamh as?
DruidSynge – an chéad uair riamh a cuireadh canóin iomlán amharclannaíochta John Millington Synge ar an ardán. ‘Ceann de na héachtaí is mó riamh i stair amharclannaíochta na hÉireann’, mar a chuir The Irish Times síos air, léiríodh DruidSynge den chéad uair le linn Fhéile Ealaíon na Gaillimhe 2005, mar ar osclaíodh é ag Amharclann Halla na Cathrach i mí Iúil, sular léiríodh i mBaile Átha Cliath (Amharclann an Olympia) agus ag Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann é (Amharclann an Rí) agus gur cuireadh deireadh le rith 2005 le seachtain de thaibhithe iontacha ar Inis Meáin Árann i réimse d’ionaid lenar áiríodh taibhiú lasmuigh ag Dún Chonchúir (daingean mór ciorclach). Ba í Garry Hynes stiúrthóir DruidSyne agus bhí compántas de 19 n-aisteoir páirteach ann a roinn 43 ról eatarthu thar an repertoire de sé dhráma agus 8.5 uair an chloig d’amharclannaíocht. In 2006, d’imigh DruidSynge ar camchuairt chuig an Lincoln Centre Festival i Nua-Eabhrac agus an Guthrie Theatre in Minneapolis, agus ba é an chéad léiriú riamh sa tsaoráid nua acu é.
Cén t-ealaíontóir / eagraíocht ealaíon / institiúid ealaíne is mó a spreagann thú?
Tom Murphy, Drámadóir.
Céard é, dar leat, an dúshlán is mó duit i do ról (déan iarracht gan cúrsaí airgeadais a lua)?
Luchtanna féachana/éisteachta úra agus ilchineálacha a fhorbairt.
Céard é an chomhairle ghairmiúil ab fhearr a cuireadh ort riamh?
"Tarlaíonn ádh nuair a thagann dea-ullmhúchán agus deis le chéile" — Seneca
Conas a théann Amharclann Halla na Cathrach i bhfeidhm ar an bpobal áitiúil, dar leat?
Bíonn Amharclann Halla na Cathrach croí-lárnach i ngníomhaíocht chultúrtha na Gaillimhe, lena n-áirítear mórfhéilte na cathrach, amhail Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe, Fleadh Scannán na Gaillimhe, Cúirt, Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe, Féile Scannán SUBTITLE, Fleadh Scannán na nÓg, Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Babaró na Leanaí, Féile Grinn na Gaillimhe agus Féile Lár an Gheimhridh Music for Galway. Bíonn ról ríthábhachtach ag léirithe le heagraíochtaí de chuid na Gaillimhe féin amhail Druid, Decadent, Fregoli, Fibín, Branar, Brú, LJ Nee, Moonfish agus dreamanna eile nach iad i gclárú agus i rannpháirtíocht an ionaid. Agus, mar aon le go leor compántas agus ealaíontóirí idirnáisiúnta a thagann ar cuairt, is ábhar mórtais é don ionad saothair le héagsúlacht (idir ghairmiúil agus amaitéarach) de thaibhithe, compántais, cumainn agus eagraíochtaí ealaíne eile, ón gcathair agus ón gcontae, a bheith ar an gclár againn. Faigheann go leor daoine i nGaillimh a gcéad eispéireas den amharclannaíocht agus den rannpháirtíocht agus de thaibhiú poiblí sna hionaid tionóil de chuid Amharclann Halla na Cathrach. Mar sin de, táimid i gceartlár an aicsin! Gach lá, gach sheachtain, ag tabhairt ábhar sásaimh agus rud a bhféadann siad a bheith bródúil as do luchtanna féachana na Gaillimhe agus d’ealaíontóirí na Gaillimhe. I gcathair dar daonra de thart ar 80,000, is iondúil go mbíonn leibhéal freastail de bhreis agus 100,000 againn gach bliain, rud a dhearbhaíonn leibhéil arda rannpháirtíochta, úinéireachta agus tacaíochta.
Cé na bealaí, dar leat, a dtéann maoiniú na Comhairle Ealaíon i bhfeidhm ar obair Amharclann Halla na Cathrach?
Tá Amharclann Halla na Cathrach ar an ionad tionóil is gnóthaí a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh, agus is cuid ríthábhachtach den bhonneagar náisiúnta cultúrtha é le haghaidh léirithe camchuairte agus ceann de na príomhardáin le haghaidh amharclannaíochta sna réigiúin. Is é an misean atá againn ná eispéiris tharraingteacha agus deiseanna cumhachtaithe sna taibh-ealaíona a chruthú i nGaillimh. Féachaimid leis sin a dhéanamh trí dhul i gcion ar lucht féachana agus éisteachta leathan ilchineálach agus an lucht féachana sin a fhorbairt chun go gcuirfear clár fairsing uaillmhianach ardchaighdeáin d’imeachtaí amharclannaíochta agus ealaíon ina láthair i nGaillimh agus trí ardán agus timpeallacht thacúil a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon. Is amhlaidh nach bhféadfaimis é sin a dhéanamh gan tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.
Eolas teagmhála:
tht.ie
facebook.com/thtgalway
twitter.com/THTG
instagram.com/thtgalway