Líonra Luathcheol na hÉireann
Is comhoibriú é Líonra Luathcheol na hÉireann (IEMN) a bunaíodh le déanaí idir féilte Luathcheoil na hÉireann: Luathcheol Luimnigh, Luathcheol Oirthear Chorcaí, Ceol Ársa na Gaillimhe, Féile Ceoil Bharócaigh Shligigh, Barócach Bhaile Átha Fhirdhia
agus Féile Sheanchláirsigh na hÉireann de chuid Scoil na gClairseac. Tá IEMN ag obair chun taibhiú ceoil ársa in Éirinn a thabhairt isteach i ré dhigiteach an 21ú haois agus chun aird a tharraingt ar cheoltóirí cheol ársa na hÉireann ar leibhéal Eorpach.
Tá sé mar aidhm ag an IEMN leathnú sna blianta atá romhainn, ag nascadh agus ag tacú le heagraíochtaí luathcheoil agus ensembles ar fud an oileáin. Chomh maith le comhroinnt fhlaithiúil an eolais, áirítear ar thionscnaimh IEMN: cúnamh le fógraíocht
dhigiteach ar na meáin shóisialta; comhoiliúint ar fhorbairt acmhainne, scileanna margaíochta agus meán; saineolas agus sainchomhairleoireacht a chomhroinnt; acmhainní daonna agus teicneolaíochta a roinnt.
www.earlymusic.ie
Comhaltaí bunaithe an Líonra: Luathcheol Luimnigh, Ceol Ársa na Gaillimhe, Luathcheol Oirthear Chorcaí
Comharchumann Fhéilte Ealaíon Iarthar Chorcaí
Ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair gach bliain, bíonn aon fhéile ealaíon déag ar siúl i mbailte, i sráidbhailte agus in oileáin an réigiúin. Cé go bhfuil siad éagsúil go leor, agus éagsúil ó thaobh méide agus stíle de, tá sainchúram ar leith ar na
féilte seo go léir: ealaíontóirí den chéad scoth a chur i láthair i suíomhanna pearsanta agus tacú le hobair ár bpobail ealaíonta áitiúil.
Baill na Féile: Féile Snagcheoil Bhéal an Dá Chab, Aonach Fidleacha Dhún na Séad, Féile Scéalaíochta Idirnáisiúnta Chléire, Féile Giotár Idirnáisiúnta Chloich na Coillte, Féile Amhránaíochta Dhrom Dhá Liag, Féile Scannán Fastnet, Máistrí an
Traidisiúin, Féile Ealaíon an Sciobairín, Féile Cheoil Aireagail Iarthar Chorcaí, Féile Fit-up Iarthar Chorcaí, Féile Liteartha Chorcaí Thiar)
Faisnéis teagmhála: declan@fiddlefair.com nó grace@westcorkmusic.ie
Cad é an spreagadh a bhí taobh thiar de na cuibhreannais a chur ar bun?
Wolodymyr Smishkewych, Féile Luathcheol na hÉireann: Ní rud nua é an smaoineamh maidir le grúpa stiúrthóirí nó líonra scaoilte do na sé fhéile luathcheoil ar fud na hÉireann, ach ba í paindéim COVID agus go sonrach, Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
na Comhairle Ealaíon, an chloch thadhaill chun an cuibhreannas a bhunú agus a sheoladh ar deireadh. Ós rud é go ritheann féilte luathcheoil ar phinginí ar fud na tíre, shíl na stiúrthóirí éagsúla go mbeadh sé ciallmhar dá bhféadfadh na féilte luathcheoil
uile ábhar a roinnt le chéile chomh maith le hacmhainní daonna ar mhaithe lenár leas go léir. Tá sé spreagtha ag an European Early Music Network (REMA), ach ar scála i bhfad níos lú agus ar scála náisiúnta, cé go bhfuil sé foirfe do mhéid na hÉireann,
agus tabharfaidh na comhfhórsaí níos mó cumhachta dúinn i réimse luathcheoil na hEorpa.
Declan McCarthy, Comharchumann Fhéilte Ealaíon Iarthar Chorcaí: Bunaíodh Comharchumann Fhéilte Ealaíon Iarthar Chorcaí chun Iarthar Chorcaí a chur ar taispeáint mar cheann scríbe den scoth le haghaidh féile ealaíon. Theastaigh uainn comhghuaillíocht
a bhunú a d'aithin an luach a imríonn gach ceann dár bhféilte i gcreatlach chultúrtha ár bpobail agus a thacódh lena chéile trí chomhoibriú, comhshaothar, malartú smaointe agus roinnt acmhainní.
Bhraith muid go bhféadfadh gach féile tairbhe ollmhór a bhaint as an gcomharchumann seo a bhunú; díríonn ár bhféilte go léir ar sheánraí éagsúla agus bíonn siad ar siúl ag amanna éagsúla den séasúr agus mar sin ní raibh aon ghné den iomaíocht ann riamh.
Go deimhin, is é a mhalairt atá i gceist sa mhéid is go gcreidimid go léir nach féidir ach go rachaidh ardchaighdeán na bhféilte ealaíon ar fud an réigiúin chun sochair do gach aon duine againn agus dúinn go léir i gcoitinne.
Conas a bhain baill na féile tairbhe as seo?
WS: Ar bhealaí éagsúla: bhí gach ceann de bhallfhéilte an IEMN in ann imeachtaí a thairiscint ar
Lá an Luathcheoil agus timpeall air agus infheictheacht idirnáisiúnta a mhéadú, agus roinneadh an trealamh agus an saineolas a úsáideadh chun na himeachtaí a éascú agus na físeáin a chruthú agus a chraoladh
go fial freisin. Malartaíodh comhairleacht theicniúil agus uaireanta an duine de na meáin shóisialta go fial. Máistir-ranganna ar líne ag baint úsáid as ceamaraí gréasáin IEMN, ceamaraí, trealamh fuaime-roinneadh iad seo go léir roinnte de mheon macánta
quid-pro-quo, rud a bhí indéanta mar gheall ar na naisc a thug an líonra. Táimid ag súil go mór le méadú ar imeachtaí agus ar thionscnaimh nua agus seisiúin oiliúna a mbeidh ár líonra ar fad ag baint leas astu go luath, agus tá sé fíor-spreagúil don
luathcheol sa tír seo.
DMcC: Tá an comharchumann ina thús ach bainfidh na ballfhéilte tairbhe as ar go leor bealaí. Feidhmeoidh an comharchumann mar chomhlacht chun comhoibriú a spreagadh idir na féilte ealaíon is fearr sa réigiún agus chun iad a fhorbairt, méadófar
feasacht ar na féilte seo, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, cruthófar líonra réigiúnach chun taithí agus saineolas a mhalartú, neartófar seasamh féilte cultúrtha ár réigiúin trí chomhshaothrú agus trí chomhoibriú, forbrófar ár n-acmhainneacht
i dtaca le bheith ag dul i bhfeidhm ar phobail agus luchtanna féachana nua agus éagsúla, cuirfidh sé ar ár gcumas dul i mbun comhghníomhaíochtaí margaíochta agus bolscaireachta agus cinnteoidh sé go leanfar de bheith ag tabhairt tacaíocht dár bpobal
ealaíne agus go gcuirfear ardáin ar fáil chun a gcuid oibre a chur ar taispeáint.
Go dtí an pointe seo, an raibh easpa comhoibrithe/cumarsáide idir féilte?
WS:Easpa comhoibrithe nó cumarsáide, b’fhéidir—de ghnáth, bheimis gnóthach lenár bhféilte féin agus nuair a bheimis saor, bheadh ár gcomhghleacaithe thar a bheith gnóthach lena léiriúcháin, mar sin bhí an chuma ar an scéal i gcónaí go mbeadh sé
deacair teach ar dheiseanna comhoibrithe. Ach tríd an socrú a chur ar bhonn foirmiúil agus muid féin a dhéanamh cuntasach as na naisc a choinneáil beo, táimid ag fáil amach go bhfuil líonra le leas gach duine.
DMcC: Bhí meas sláintiúil comharsanúil i gcónaí ag féilte ar a chéile agus chuir féilte den chineál céanna imeachtaí a chéile chun cinn ar na meáin shóisialta srl ach ní ar scála mór. Ní raibh aon phróiseas foirmiúil comhoibríoch ann i ndáiríre
go dtí gur thug Féile Ealaíon an Sciobairín cuireadh do na féilte eile ar fad ócáid a chur i láthair ag a n-eagrán comórtha 10 mbliana in 2009. D'éirigh go han-mhaith leis seo agus ba é an inspioráid a bhí ann chun an comharchumann a bhunú.
An gcuirtear béim ar thábhacht na gcuibhreannas mar gheall ar ghéarchéim sláinte COVID-19?
WS: Tá COVID-19 tar éis go leor rudaí a thabhairt níos géire i bhfócas, agus ceann acu sin ná an méid a bhímid ag brath ar a chéile. Mar fhéilte, táimid mar bhaill d'éiceachóras náisiúnta cultúir, agus tá ár bhfo-éiceachórais féin againn freisin,
sa chás seo, an luathcheol. Rud amháin is féidir linn a dhéanamh níos fearr le líonra ná leas níos tapúla a bhaint as láidreachtaí, spéiseanna agus acmhainní éagsúla gach féile agus a muintire. Is am é freisin chun muid féin a fhorbairt ón taobh istigh
cé nach féidir linn imeachtaí a chur ar siúl, agus mar sin téann na hacmhainní i dtreo forbairt acmhainneachta, for-rochtain agus forbairt lucht éisteachta. Más féidir le roinnt féilte páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo, tá an coigilteas airgeadais
suntasach. Tá an rud céanna fíor maidir le hacmhainní fisiciúla, ábhair nó teicneolaíochta, atá an-chabhrach maidir le meáin ar líne nó craolta a chruthú, fuaim agus físeáin a thaifeadadh do cheolchoirmeacha, etc.
DMcC: Sa lá atá inniu ann, bíonn dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh cheana le sárú ag na féilte go léir chun a chinntiú go maireann siad. Tá go leor dár mbaill tar éis a bhféilte 2020 agus 2021 a athshamhlú cheana féin agus chuir siad imeachtaí
ar líne ar ardchaighdeán i láthair a lean ar aghaidh ag tacú lenár n-ealaíontóirí. Tá ár mbaill go léir tiomanta do leanúintar aghaidh ag iniúchadh modhanna nua cur i láthair chun ár maireachtáil a chinntiú agus creidimid go dtacóidh an comharchumann
nua seo le gach duine againn agus muid ag dul in oiriúint don saol nua mar atá. Cinnteoidh comhroinnt eolais agus faisnéise, agus roinnt ár n-acmhainní, gur féidir le gach féile aghaidh a thabhairt ar an todhchaí go muiníneach.
Cad a shamhlaíonn tú gur féidir leis na cuibhreannais a bhaint amach amach anseo (tar éis COVID-19)?
WS: Sprioc láithreach amháin do IEMN is ea páirt a ghlacadh in REMA, an European Early Music Network, rud a chiallódh go mbeadh sé de chumas againn ár ndeis labhartha a bheith againn in éineacht le baill eile REMA - féilte agus eagraíochtaí an-mhóra
a gcuireann a mbuiséid cuma bheag ar bhuiséid chomhcheangailte ár bhféilte. Ón mballraíocht seo, is féidir roinnt buntáistí tábhachtacha eile a bheith ann, mar shampla, páirt a ghlacadh sa tionscadal eeEmerging (Emerging European Ensembles). Thabharfadh
sé seo ensembles ceoil idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn go hÉirinn, áit a bhféadfadh siad leas a bhaint as ár líonra chun tionscadail chónaitheachta a fhorbairt inár bhféilte agus ionaid éagsúla, staidéar a dhéanamh le speisialtóirí sna Meánaoiseanna,
sa Renaissance, sa Bharócachas agus sa chleachtas léirithe Clasaiceach agus in ionstraimí stairiúla éagsúla. Taibhíonn ensembles cónaitheacha eeEmerging freisin ag ballfhéilte de chuid an líonra, agus thabharfadh sé seo insreabhadh de thaibheoirí
nua chun na tíre agus, ar a seal, spreagfaí i bhfad níos mó ceoltóirí anseo in Éirinn chun dul i mbun an luathcheoil.
DMcC:Creidimid gur féidir leis an gcomharchumann tairbhe ollmhór a bhaint as muid féin a mhargú mar ghrúpa amháin chun lucht féachana nua náisiúnta agus idirnáisiúnta a fháil. Samhlaímid todhchaí ina gcomhoibrímid chun eispéiris ealaíon ar ardchaighdeán
nua agus spreagúil a chruthú dár bpobal. Tá ardmheas ar na healaíona mar chuid lárnach de shaol cathartha an phobail seo agus mar chomhartha dár bhféiniúlacht réigiúnach. Tá súil againn go mbeidh ár gcomharchumann fíorluachmhar maidir le seasamh ár
réigiúin a daingniú mar phríomhcheann scríbe tuaithe in Éirinn le haghaidh féilte cultúrtha.