Life Worth Living
Ar an 17 Samhain 2020, chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. fáilte roimh fhoilsiú Life Worth Living, Tuarascáil an Tascfhórsa um Athshlánú Ealaíon agus Cultúir.
Glactar go forleathan leis gur mó a chuir tionchar COVID-19 isteach ar earnáil na nEalaíon/an Chultúir le hais aon earnáil eile, agus mairfidh an tionchar sin níos faide chomh maith. Cuireadh stop le beagnach gach beart in iomaí cuid den earnáil agus de réir cosúlachta fágfar iad go dtí an deireadh sula gcuirfear tús arís leo.
Tá roinnt moltaí déanta ag an Tascfhórsa chun go mbeidh sé ar chumas na hearnála seo teacht tríd seo go dtí go n-osclaítear arís í. Áirítear air seo, mar a bheidh an earnáil ábalta ealaíontóirí agus an lucht oibre cruthaitheacha, teicniúil, léirithe agus tacaíochta níos leithe a choimeád, chun go mbeidh imeachtaí ealaíon, cultúir agus siamsaíochta ar fáil a mbeidh lucht spéise in Éirinn agus cuairteoirí ó thar lear ábalta sult a bhaint astu nuair a bheidh cúrsaí níos fearr.
Áirítear ar mholtaí na tuarascála Is Breá a Bheith Beo:
- ioncam, cánachas agus bearta soláthair airgeadais;
- oideachas agus tacaíochtaí oiliúna;
- tacaíochtaí teicneolaíochta;
- tacaíochtaí ar mhaithe le meabhairshláinte;
- bearta coimirce sóisialaí;
- bearta cóipchirte.
Is féidir an tuarascáil a fheiceáil anseo. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin bhfógra maidir le foilsiú na tuarascála anseo.
Survive, Adapt, Renew
Survive, Adapt, Renew, tuarascáil ón nGrúpa Comhairleach speisialta a bunaíodh chun bealaí ina mbeidh earnáil na n-ealaíon in ann dul i ngleic le Géarchéim Covid-19 a shainaithint, a foilsíodh i Meitheamh 2020.
Déantar roinnt príomh-mholtaí sa tuairisc chun tacú leis na healaíona i rith ghéarchéim Covid-19, agus i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh orthu sin, gheall an Chomhairle Ealaíon an méid seo a leanas:
tús áite a thabhairt do mhaoiniú breise chun scéimeanna coimisiúnaithe a fheabhsú agus scéimeanna sparánachta agus scéimeanna forbartha gairmiúla a mhéadú.
go n-oibreoidh an Chomhairle le hearnáil na n-ealaíon chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an scaipeadh ar líne, le spásanna fisiciúla atá ann cheana féin a oiriúnú agus spásanna nua a fhiosrú.
go n-oibreoidh an Chomhairle chun iontaoibh an phobail chun freastal ar imeachtaí beo a thógáil an athuair.
Tá an tuarascáil ón nGrúpa Comhairleach ar fáil le híoslódáilanseo.
Tuarascáil EY ar Mheasúnacht Tionchair Fostaíochta agus Gheilleagraigh COVID-19 ar Earnáil na nEalaíon in Éirinn
I Meitheamh 2020, foilsíodh staidéar ar na tionchair gheilleagracha a bheidh ag COVID-19 ar earnáil na n-ealaíon in Éirinn, a choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon. I measc na dtorthaí a sonraíodh inti, léiríodh go beidh an cúlú eacnamaíocht in earnáil na n-ealaíon in 2020 idir -34.6% agus -42% i gcomparáid le -11% i ngeilleagar na hÉireann ar an iomlán. Tuartar go mbeidh costas idir €250 milliún agus €300 milliún le haghaidh OTI na hÉireann leis sin. Tá an tuarascáil iomlán le fáil anseo.
Foilsíodh nuashonrú ar an tuarascáil seo i Meán Fómhair 2020 agus léiríodh ann gur dóchúil go mbeidh an dífhostaíocht sna healaíona i bhfad níos airde an bhliain seo chugainn ná mar a bheidh sí sa chuid eile den gheilleagar, agus in éagmais plean comhordaithe seans go gcaillfear aon cheathrú de na poist ar fad sna healaíona faoi dheireadh 2021.
Dúirt an Chomhairle Ealaíon, agus nuashonrú de Mheasúnacht Tionchair Fostaíochta agus Gheilleagraigh a rinne an chuideachta sainchomhairleoireachta dhomhanda EY á fhoilsiú, go bhféadfadh na healaíona feidhmiú mar ‘réimse fórsa saoránaigh’ i rith na géarchéime agus gur cheart go mbeidís ag croílár straitéis téarnaimh na hÉireann. Is féidir an tuarascáil iomlán a íoslódáil anseo.
Na hEalaíona le linn na Dianghlasála - Taighde ar Mheon an Phobail
Rinne an gnólacht tacaíochta margaíochta Behaviour and Attitudes taighde thar ceann na Comhairle Ealaíon i dtús Mheitheamh 2020 chun meon an phobail a fháil amach maidir le freastal ar imeachtaí beo agus bearta maolaithe. Cumhdaíodh rannpháirtíocht i ngníomhaíocht ealaíon sa taighde freisin agus tuairimí maidir le bheith ag íoc ar na healaíona ar líne.
Is féidir an tuarascáil taighde a íoslódáil anseo.
Is féidir breathnú ar fhíseán de chur i láthair a rinne John O’Mahony ó Behaviours & Attitudes ar an taighde anseo.
Arts in lockdown research from Arts Council on Vimeo.