Dé Céadaoin 28 Aibreán 2021
Treoirlínte maidir le COVID-19 le haghaidh Daoine Óga, Leanaí agus an Oideachais
D’oibrigh an Chomhairle Ealaíon leis an Roinn Meán, Turasóireachta, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta chun treoir a fhorbairt do ghníomhaíochtaí ealaíon agus cultúir do leanaí agus do dhaoine óga. Beidh nuashonrú á dhéanamh ar an treoir seo i gcomhréir le bearta sláinte poiblí. Tá an treoir ar fáil anseo.
Dé Céadaoin 3 Nollaig 2020
Socruithe Mhí na Nollag agus Aimsir na Nollag
Dé Máirt an 17 Samhain 2020
Tuarascáil Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir foilsithe
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. fáilte inniu roimh fhoilsiú Is Breá a Bheith Beo, Tuarascáil Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir.
Glactar go forleathan leis gur mó a chuir tionchar COVID-19 isteach ar earnáil na nEalaíon/an Chultúir le hais aon earnáil eile, agus mairfidh an tionchar sin níos faide chomh maith. Cuireadh stop le beagnach gach beart in iomaí cuid den earnáil agus de réir cosúlachta fágfar iad go dtí an deireadh sula gcuirfear tús arís leo.
Tá a chuid oibre tugtha chun críche ag an Tascfhórsa anois agus tá an tuarascáil curtha ar aghaidh ag Cathaoirleach an Tascfhórsa, Clare Duignan Uasal, chuig an Aire. Thug an Rialtas an méid sin le fios níos luaithe inniu.
Áirítear ar mholtaí na tuarascála Is Breá a Bheith Beo:
- ioncam, cánachas agus bearta soláthair airgeadais;
- oideachas agus tacaíochtaí oiliúna;
- tacaíochtaí teicneolaíochta;
- tacaíochtaí ar mhaithe le meabhairshláinte;
- bearta coimirce sóisialaí;
- bearta cóipchirte.
Is féidir an tuarascáil ar fad a fháil anseo.
.