Stiúrthóir Marie O'Byrne
Tá Marie O’Byrne ina Stiúrthóir ar Amharclann Hawk’s Well ó 2011 i leith. Roimhe sin bhí sí ina bainisteoir léiriúcháin ar Ionad Ceoil Éireannaigh glór ina baile dúchais in Inis, Co. an Chláir, mar a raibh freagracht uirthi freisin as cláir na n-ealaíon
traidisiúnta ar feadh roinnt blianta. D'oibrigh sí i róil léiriúcháin le féilte ar nós Fhéile Open House Bhéal Feirste, Éigse Cheatharlach agus Fhéile Ceoil Tíre Dhúlainn le himeacht na mblianta freisin. Tá céim ag Marie san Eolaíocht Ailtireachta,
agus máistreacht aici i dTeicneolaíocht an Cheoil agus i dTaibhiú Cheol Traidisiúnta na hÉireann. Léirigh sí go leor tionscadail mhórscála taibhithe le blianta beaga anuas ag an Hawk’s Well lena n-áirítear, The Second Coming, The Far Off Hills agus
Constance.
Is amharclann 340 suíochán í Amharclann Hawk's Well i Sligeach atá tiomnaithe do chlár éagsúil ealaíon agus cultúir a thaispeáint agus a chur chun cinn lena n-áirítear amharclannaíocht ghairmiúil agus amaitéarach chomh maith le
réimse leathan imeachtaí
agus ceardlanna ceoil, damhsa, grinn agus teaghlaigh. Osclaíodh an amharclann in 1982 agus ó shin i leith, is í an ‘spás folamh’ í do líon mór imeachtaí cultúrtha.
Maoiníonn an Chomhairle Ealaíon, an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Comhairle Contae Shligigh an amharclann gach bliain. Is mol tábhachtach sóisialta agus cultúrtha san Iarthuaisceart í agus tá sí tar éis tionscadail chomhair éagsúla a choimisiúnú agus
a léiriú le blianta beaga anuas le healaíontóirí áitiúla agus náisiúnta, lena n-áirítear: The Man in the Woman’s Shoes agus I Hear You and Rejoice le Mikel Murfi, The Second Coming le Fidget Feet agus Constance le Kellie
Hughes agus Michael Rooney le déanaí.
Conas a chuaigh géarchéim shláinte Covid-19 i bhfeidhm ar an ngnáthshaol laethúil san Ionad Ealaíon?
Tá athrú ó bhonn ar an saol laethúil san Ionad Ealaíon mar thoradh ar ghéarchéim shláinte Covid-19. Dúnadh na doirse ar an 12 Márta agus níor osclaíodh an foirgneamh arís don phobal go dtí Dé hAoine, 14 Lúnasa nuair a chuireamar ceolchoirm do lucht éisteachta
beag i láthair ina raibh an ceoltóir áitiúil dochreidte, Seamie O’Dowd, páirteach.
Ón dúnadh go dtí deireadh mhí an Mheithimh, ní raibh aon duine eile san fhoirgneamh seachas an bainisteoir teicneolaíochta agus mé féin agus mé ag déanamh seiceálacha sábháilteachta gach re seachtain cé go raibh an fhoireann bainistíochta go léir ag obair
ón mbaile ar feadh na tréimhse iomláine. Bhíomar i dteagmháil lena chéile go cianda i gcúinsí nárbh fhéidir a shamhlú roimhe sin agus bhíodh cruinnithe foirne Zoom againn go laethúil. Bhogamar chuig clár ar líne le linn na chéad chúpla mí den dianghlasáil,
choimisiúnaíomar ealaíontóirí áitiúla chun saothar nua a dhéanamh, chuireamar tús le tionscadail ar líne agus roinneamar léiriúcháin a chruthaíomar roimhe seo.
Ar an dea-uair, ó dheireadh mhí an Mheithimh, bhíomar in ann ealaíontóirí a thabhairt ar ais isteach san fhoirgneamh agus ó shin i leith d’éascaíomar réimse leathan cleachtaí, seisiúin forbartha tionscadail agus taifeadtaí beo. Mar sin bhí an fhoireann
cúlra réasúnta gnóthach le cúpla mí anuas, rud a bhí iontach. Ó thaobh na hoifige de, táimid fós ag feidhmiú go príomha ón mbaile cé go bhfuil sé beartaithe againn méid áirithe oibre a dhéanamh ar an láthair ó lár mhí Mheán Fómhair nuair a chríochnófar
na hoibreacha caipitil go léir a theastaíonn chun obair scartha laistigh den fhoirgneamh a éascú.
Is domhan iomlán nua é agus bhí sé deacair glacadh leis an athrú, ach caithfidh mé a rá, ba mhór an sásamh é an deis a bhí againn le cúpla seachtain anuas ceolchoirmeacha seachtainiúla a léiriú, cé go raibh dúshlán ag baint leis freisin agus thug sé an
inspioráid dúinn go léir a theastaíonn chun leanúint ar aghaidh leis an turas seo i dtreo an tsaoil nua seo.
Cad a cheapann tú faoi na rudaí a d’fhéadfadh Ionaid Ealaíon a dhéanamh maidir le ‘clárú digiteach’ sa todhchaí?
Caithfidh mé a admháil, cé gur thugamar faoi shaol an chláraithe dhigitigh le fonn agus flosc i mí an Mhárta seo caite, braithim go pearsanta nach ionann beag ná mór a bheith ag féachaint ar thaibhiú ar scáileán agus a bheith i láthair. Thug mé faoi deara
nach raibh an oiread sin spéise mé féin in imeachtaí ar líne le déanaí agus ansin mothaím ciontach láithreach nach bhfuilim an-tógtha leo toisc gur léir nach mbeidh an méid léirithe beo a bhí againn roimh an bpaindéim againn go ceann tamall fada.
Braithim ciontach freisin toisc nach féidir linn taibhithe beo a chur ar fáil ach do líon an-bheag daoine faoi láthair, braithim go bhfuil freagracht mhór orm rud a dhéanamh chun an teagmháil atá againn leis an bpobal a mhéadú agus is cosúil gurb
é an acmhainneacht dhigiteach an réiteach soiléir ar an scéal.
Mar sin ní mór dúinn bealach a fháil chun saol an taibhithe bheo agus an tarchuir dhigitigh a thabhairt le chéile ach táim ag streachailt go mór le conas is féidir sin a dhéanamh. Bheadh sé iontach dá mbeimis go léir in ann sruthanna beo ardchaighdeáin
dár dtaibhithe beo a roinnt mar is léir go bhfaigheann taibheoirí fuinneamh óna bheith ag idirghníomhú le lucht féachana, tá sin le feiceáil go soiléir ina gcuid taibhithe. Ach is deacair sin a chur in iúl trí cheamaraí i suíomh beo le lucht féachana
agus bíonn costas ard air ar go leor bealaí éagsúla.
Is eagal liom nach bhfuil freagra na ceiste sin agam i ndáiríre, ach a rá go gcreidim go láidir go bhfuilimidne mar earnáil athléimneach, seiftiúil agus samhlaíoch agus gur fhoghlaimíomar go leor scileanna i réimse an tarchuir dhigitigh le cúpla mí anuas
agus mar sin, éireoidh linn réiteach a fháil a oibreoidh go héasca agus a bheidh sásúil do gach duine... ach b’fhéidir go dtógfadh sé tamall orainn ár mbealach a dhéanamh chuig an bpointe deiridh sin sna míonna amach romhainn
Roimh an bpaindéim, an raibh ról ag ábhar digiteach i do chlár?
Ní fhéadfainn a rá go hionraic go raibh ról suntasach ag ábhar digiteach inár gclár roimh an bpaindéim. Bhí sé i gceist againn inár bplean straitéiseach 2019-21 fiosrú a dhéanamh air, faoin gcuspóir dar teideal tionchar áitiúil agus náisiúnta lena raibh
sé beartaithe againn ár n-ardáin le haghaidh an scaipthe a iniúchadh agus é mar aidhm againn straitéis a shainiú chun go mbeifí in ann taitneamh a bhaint as Hawk’s Well in áiteanna eile i bhfad ón bhfoirgneamh fisiceach faoi mhí Aibreáin 2021. Tá
sé ar cheann den líon beag réimsí sa phlean straitéiseach a rabhamar in ann dul chun cinn a dhéanamh ina thaobh le cúpla mí anuas!
Cén saghas ábhair dhigitigh a léirigh tú le linn na tréimhse sin?
Mar a luaigh mé thuas, thugamar le fonn agus flosc faoi shaol an chláraithe dhigitigh i mí an Mhárta seo caite, tráth a cheapamar, go saonta, go mbeimis ar ais ag oibriú mar is de ghnáth faoi mhí Iúil nó mar sin. Rinneamar sin mar gur cheapamar go raibh
sé tábhachtach droichid láidre a choinneáil lenár bpobal agus lenár n-ealaíontóirí áitiúla ag am a bhí an-éiginnteacht ann. Theastaigh uainn go géar deis a thabhairt d’ealaíontóirí leanúint ar aghaidh ag obair agus a gcaidrimh le lucht féachana a
chothú chomh maith.
Bhí an t-ádh dearg linn go raibh na hacmhainní agus na scileanna ag an bhfoireann le go mbeimis in ann sin a dhéanamh agus mar sin chuireamar cúpla tionscadal taibhithe agus rannpháirtíochta ar líne ar fáil lena n-áirítear:
-
Lockdown Songbirds Singalong – tionscadal a reáchtálamar i gcomhar le hIonad Ealaíon Ros Comáin ina ndearna Cathy Jordan seisiúin laethúla amhránaíochta ar líne ar feadh
60 lá i Márta, Aibreán agus Bealtaine.
-
Trad Tune at Lunch – choimisiúnaíomar an fidléir Oisín MacDiarmada chun fonn cheol traidisiúnta na hÉireann a sheinm agus a theagasc ar líne ar feadh 28 lá i mí Aibreáin.
-
Come Together: The Isolation Collective – tionscadal lenar choimisiúnaíomar deichniúr ealaíontóirí amharclannaíochta chun oibriú i gcomhar le deichniúr ealaíontóirí ceoil chun
deich saothar nua ar líne a chruthú.
-
Sing for the Hell of It – tionscadal córúil ar líne inar ghlac an gnáthphobal páirt i dtaifeadadh amhráin ar líne a chum ceoltóir áitiúil don chór.
-
The Bed – tionscadal taibhithe a cruthaíodh le Cairde Féile Ealaíon Chairde Shligigh inar tugadh le chéile na hamharclannóirí Sorcha Fox, Charmaine T Matonsi, Abigail (Ashley) Ramaabya, Amir Abualrob,
Wasekera-Sekerani, Nokwanda Siziba, Grace Moyo, Donal O'Kelly agus an file Rafeef Ziadah chun smaointe faoi easpa dídine, beatha, sábháilteacht, deoraíocht, príosúnacht, réaltacht an tsaoil sa Soláthar Díreach agus saoirse a iniúchadh. Maoiníodh
cuid den obair a rinneadh go dtí seo ar an tionscadal le maoiniú ón Scéim um Chuireadh chun Comhoibrithe de chuid na Comhairle Ealaíon i gcomhar le Seirbhís Ealaíon Shligigh agus léiríodh an chuid sin ar líne den chéad uair i mí Iúil.
-
Poem for the People – cúpla mí ó shin choimisiúnaíomar an scríbhneoir áitiúil Brian Leyden chun dán a scríobh faoi dhraíocht an taibhithe bheo agus thugamar cuireadh ansin do dhaoine áitiúla (taibheoirí,
baill den lucht féachana agus baill foirne) taifead a dhéanamh le haghaidh taibhiú ar líne.
D’oibríomar i gcomhar freisin le go leor ealaíontóirí áitiúla chun roinnt ceolchoirmeacha ar líne a thaifeadadh agus a chur i láthair le cúpla mí anuas lena n-áirítear; No Crows ag Windmill Studios i gcomhar le hIonad Ealaíon Shéamuis Mhic Aonghusa agus
dhá fhéile ar líne ó Phobal Féile Ceoltóirí Shligigh, i measc nithe eile. Chuireamar roinnt taifeadtaí i láthair freisin de thionscadail taibhithe a rinneadh cheana lena n-áirítear, The Second Coming agus roinnt imeachtaí a léiríomar le blianta
beaga anuas chun ealaíontóirí áitiúla a cheiliúradh.
Cad iad na buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann le tionscnaimh a chruthú nó saothair a chur i láthair ar an gcaoi sin?
Le linn na gcéad chúpla mí den dianghlasáil, creidim i ndáiríre go raibh an t-am ceart tagtha chun tionscnaimh ar líne a dhéanamh. Bhí daoine ag iarraidh dul i dteagmháil le cairde, lena dteaghlaigh agus lena bpobail ar bhealach ar bith arbh fhéidir leo,
agus creidim go cinnte gur fhéach siad i dtreo ábhar ar líne chun aird a bhaint ón saol deacair le linn na paindéime a bhí mórthimpeall orthu. Líon na hEalaíona an spás sin agus thug siad inspioráid do dhaoine.
Bhíomar mar chuid den ghluaiseacht sin agus dhíríomar ar chlár ar líne a thairiscint agus fuaireamar amach go raibh roinnt buntáistí móra ag baint le saothar a chur i láthair ar an mbealach sin. Buntáiste amháin is ea nach bhfuil aon teorainneacha spáis
ann agus mar sin, go bunúsach níl aon teorainn le lucht féachana an tsaothair. Is cuma faoin tíreolaíocht agus fuaireamar amach go tapa go raibh daoine ag féachaint ar ár gcuid oibre ó gach cearn den domhan, feiniméan nua dúinn! Ba chosúil go raibh
ag éirí linn níos mó daoine a mhealladh ná mar a rinneamar cheana agus is buntáiste ollmhór é sin a bhaineann le saothar a chur i láthair trí mheán ar líne.
Ach cur i láthair a dhéanamh ar líne, bhí ardán ríthábhachtach againn ionas go bhféadfaimid iarracht a dhéanamh ár gcaidrimh le healaíontóirí agus le lucht féachana a chothú nuair nach raibh taibhithe beo indéanta. Tugann féachaint ar líne leibhéal compoird
freisin do bhaill an lucht féachana atá in ann féachaint ar thaibhithe ó cibé áit is mian leo agus i gcompord a gcuid n-éadaí codlata más mian leo sin!
Ach is iomaí míbhuntáiste atá ann freisin. Bíonn sé deacair d’ealaíontóirí taibhiú a dhéanamh os comhair ceamara seachas lucht féachana beo. Tá an fuinneamh a fhaigheann tú ó lucht féachana in easnamh agus tá a fhios agam go raibh go leor ealaíontóirí
ag streachailt leis sin le cúpla mí anuas mar go gcuireann an fuinneamh sin go mór le taibhithe. Sílim gur féidir a rá freisin, mar bhall den lucht féachana, go bhfuil sé éasca gan a bheith an-dírithe agus tú ag féachaint ar thaibhithe ar líne. Mhill
mé seó amharclainne ar líne orm féin cúpla mí ó shin nuair a stop mé cúpla uair é chun glaonna teileafóin a thógáil agus chun mo dhinnéar a dhéanamh freisin.
Mar fhocal scoir, ní dóigh liom go bhféadfainn é a chur níos fearr ná mar a rinne Brian Leyden sa dán uaidh a choimisiúnaíomar le déanaí...
“...streaming content can never replace
The buzz and energy of the live performance space.
...With patrons all seated and the crew in place
Anything can happen in this magical space.
It’s a collective experience founded in trust,
It has, and will always, make live theatre a must.”
Ón méid atá ar bun agat ar líne, ar fhoghlaim tú aon rud is ceart nó nach ceart a dhéanamh agus an rachaidh sin i bhfeidhm ar an méid a dhéanfaidh tú amach anseo?
Le cúpla mí anuas d’oibríomar go crua chun cáilíocht an ábhair a d’fhoilsíomar ar líne a fheabhsú agus d’fhoghlaimíomar go leor ón bpróiseas a bhaineann le tionscadail ar líne a chruthú, rud a rachaidh i bhfeidhm ar an méid a dhéanfaimid amach anseo.
Ar cheann de na príomhrudaí a tháinig chun solais go han-luath bhí an t-am a thógann sé obair ar líne a chruthú... is cosúil nach féidir leat an iomarca ama a thabhairt duit féin riamh chun tionscadal a chruthú go sonrach don mheán sin. Cibé a dtarlaíonn
rudaí leis an teicneolaíocht nach bhfuil tú ag súil leo nó go gcliseann ar an ardán a d'úsáid tú go minic cheana ag an nóiméad deireanach – is cosúil nach bhfuil gach rud faoi do smacht leis an meán seo uaireanta agus mar sin, ní mór a bheith an-ullamh
agus am breise a thabhairt duit féin leis!
Féadann an cineál crua-earraí agus bogearraí atá agat difríocht mhór a dhéanamh maidir le saothar ar líne a chruthú. Caithfidh tú infheistíocht a dhéanamh sna táirgí is fearr is féidir leat chun an saol a dhéanamh beagáinín níos éasca duit. D’fhoghlaimíomar
freisin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach machnamh a dhéanamh ar a bhfuil á scannánú toisc go bhfeileann roinnt foirmeacha ealaíne níos fearr don chomhthéacs ar líne ná cinn eile.
Cé gur íocamar, ar ndóigh, na healaíontóirí go léir a bhí bainteach leis na taibhithe ar líne go léir a choimisiúnaíomar agus a léiríomar míonna anuas, rud amháin nár fhéachamar air go dtí seo, agus a cheapaim go gcaithfimid breathnú air amach anseo is
ea samhail ghnó don tarchur ar líne. Le cúpla mí anuas, bhí an oiread sin ábhar ar fáil saor in aisce ar líne agus bhí an chuma ar an scéal go bhféadfadh sé a bheith dúshlánach iarraidh ar dhaoine íoc as féachaint air ach is cúis imní dom an méid
a dhéanann sin d’ealaíontóirí mar is cinnte go ndéanann ábhar saor in aisce dochar don mhargadh. Is fadhb an-deacair le réiteach é ach ceann a cheapaim go gcaithfimid go léir féachaint uirthi ar mhaithe le gach duine a mbeidh baint acu le hobair ar
líne a chruthú sa todhchaí.
Eolas teagmhála:
Suíomh gréasáin: www.hawkswell.com
Na meáin shóisialta:
facebook.com/thehawkswelltheatre
twitter.com/HawksWellSligo
youtube.com/user/HawksWellTheatre
instagram.com/hawkswelltheatre