(Creidiúint Grianghrafadóireachta: Matt Foley)
Gearrbheathaisnéis:
Is Áth Cliathach atá ina taibheoir
rince agus déantóir í Zoë Ashe-Browne. Bronnadh céim de chuid an English
National Ballet School (Scoil Bhailé Náisiúnta Shasana) uirthi in 2009 agus tá
sí tar éis damhsa a dhéanamh le Bailé Náisiúnta na hÉireann, Bailé Náisiúnta
Shasana agus Bailé Ceoldrámaíochta Flanders (ar a dtugtaí an Bailé Ríoga
Flanders) agus bhí sí ina haoi-rinceoir le Company Eastman Sidi Larbi
Cherkaoui. Déanann a gairmréim léiriúcháin eolas dá cuid saothar
cóiréagrafaíochta, agus is féidir cleachtais chlasaiceacha, chomhaimseartha
agus ildisciplíneacha a fheiceáil sa mhéid a chruthaíonn sí. Chuir Zoë dhá
shaothar dá cuid i láthair le gairid ag an bhFéile What Next 2022 i Luimneach.
Cad a rinne tú le do Dhámhachtain Sparánachta?
Chuir an dámhachtain sparánachta an
t-am agus an spás ar fáil dom chun téacs gluaiseachta a chruthú in éineacht le
3 rinceoirí ar dtús agus 4 i ndiaidh tamall eile. Toisc go rabhamar i mbun
taighde agus forbartha le linn na paindéime, d’fhág mé páirtíocht damhsa agus
cóngaracht fhisiciúil ar lár, agus bhí mé ag obair le dhá lánúin ar dhá thaobh
de phasáistí samhalta. Mar gheall ar na paraiméadair seo, bhí orm díriú isteach
ar theanga na gluaiseachta don rinceoir aonair. Seo an réimse inar chuir mé le
mo chumas ealaíonta, a bhuí leis an sparánacht seo. Cuireadh an saothar
críochnaithe ar stáitse ag Féile Gent i Mí Mheán Fómhair 2020 agus leis an
mBailé Ceoldrámaíochta Flanders in Antuairp níos déanaí. Chonacthas an saothar
céanna in Éirinn ag an bhFéile What Next 2022 i Luimneach.
Cén chaoi a ndeachaigh Dámhachtain Sparánachta i
bhfeidhm ort mar ealaíontóir/ ó thaobh na gairme de?
Mar gheall ar an dámhachtain seo,
cuireadh am luachmhar ar fáil dom chun dul i dteagmháil le mo chleachtas ar
bhealach nach mbeadh indéanta seachas sin. Agus an deis agam bonneagar
gearrthéarmach a chruthú in éineacht le healaíontóirí i spás damhsa, tascanna,
téamacha agus conairí a fhiosrú mar chomharghrúpa, bhí mé in ann dul chun cinn
a dhéanamh ó thaobh an eolais a bhí agam cheana de.
Cuireann an tacaíocht an spás agus
an t-am ar fáil dom chun teagmháil a dhéanamh le mo chleachtas arís, agus mé i
mbun mo gairmréim léiriúcháin ag an am céanna. Mar a imíonn gach bliain,
forbraíonn an t-eolas fisiciúil atá agam agus ligeann na dámhachtainí
sparánachta a fhaighim agus mé ag rince dom an t-iarann a bhualadh nuair atá sé
dearg ó thaobh na cruthaitheachta de.
Conas a dhéanfá cur síos ar do phróiseas
cruthaitheacha?
Bíonn go leor do-thuarthachta i
gceist in ainneoin an ullmhúcháin a bhíonn á dhéanamh agam roimh an bpróiseas
cruthaitheachta. Má thugaim tascanna agus treoracha soiléire dom féin don lá,
is mó ná a mhalairt a thagann smaoineamh suimiúil ar an saol go nádúrtha sa
stiúideo. Ní tharlaíonn tada gan mhachnamh domsa.
Céard é, dar leat, an dúshlán is mó atá agat mar
ealaíontóir?
An iomarca machnaimh a dhéanamh maidir leis an obair.
Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort nuair a
bhí tú ag teacht chun cinn mar ealaíontóir?
Lean ort le do chuid saothair, ná bí éisealach agus tú
ag tosú amach. Ní dhéanfaidh smaoineamh an treabhadh duit, caithfear dul agus é
a chur i bhfeidhm.
Cad é an duine/rud faoi leith a chuaigh i bhfeidhm is
mó ar do chleachtas?
B’iomaí duine a chuaigh i bhfeidhm
orm, ar fháthanna éagsúla. Tá déantóirí ina measc a bhfuil físeanna dochreidte,
stíleanna cumarsáide iontacha agus fuinneamh stiúideo atá tógálach acu.
Ba iad na daoine a chuaigh i
bhfeidhm is mó orm go dtí seo ná Sidi Larbi Cherkaoui, Alain Platel, Bryan
Arias agus Crystal Pite.
Cad a dhéanfaidh tú anois?
Táim tar éis obair a chur i gcrích
mar stiúrthóir gluaiseachta ar scannán neamhspleách Éireannach (nach bhfuil
teideal aige go fóill), agus d’oibrigh mé le banna Éireannach ar fhíseán ceoil
dá gcuid a sheolfar níos déanaí i mbliana.
Tá mionsraith podchraoltaí nach mór
curtha i gcrích agam in éineacht le Makeshift Company. Fuair sé seo tacaíocht ó
Ghradam Markievicz 2021. Don phodchraoladh, chuir mé seisear cóiréagrafaithe
ban de chuid na hÉireann faoi agallamh maidir lena gcleachtais
chóiréagrafaíochta agus a gcuid saothair.
Ag obair le Bailé Ceoldrámaíochta
Flanders (mar rinceoir) chun dhá shaothar le Sidi Larbi Cherkaoui agus Pina
Bausch a léiriú den chéad uair.
Beidh mé ag freastal ar Fhéile
Avignon an samhradh seo, agus saothar de chuid an chóiréagrafaí Bheilgigh Jan
Martens á léiriú.