Óiche Chultúir 2024
Conas a chaithfidh tú Oíche Chultúir i mbliana?
Tá Oíche Chultúir 19 mbliana ar an bhfód, is ócáid náisiúnta í ina gceiliúrtar gach dá gcuimsíonn saibhreas agus éagsúlacht an chultúir in Éirinn an lae inniu; ina nasctar daoine le himeachtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta agus ina n-osclaítear
cosáin i dtreo na rannpháirtíochta leanúnaí. Déantar an oíche, agus na hócáidí a bhaineann léi, a chur le chéile i gcomhar le húdaráis áitiúla agus cuid mhór eagraíochtaí agus daoine aonair fud fad an oileáin. I mbliana, tá sé mar aidhm ag Oíche Chultúir
a bheith níos ionchuimsithí, níos inrochtana agus níos éagsúla fós, agus an chuid is fearr de na healaíona traidisiúnta agus de na healaíona atá ag teacht chun cinn in Éirinn a thaispeáint ag an am céanna.
Conas a caithfidh tú Oíche Chultúir? Ar an Aoine 20 Meán Fómhair, leagfaidh an Chomhairle Ealaíon béim ar an iliomad bealaí ar féidir le daoine Oíche Chultúir a chaitheamh. An mbeidh tú ag dul amach i gcuideachta teaghlaigh nó cairde nó
ag fanacht sa bhaile agus ag baint sult as imeachtaí ar an teilifís nó ar an raidió? An bhfuil ionaid inrochtana á gcuardach agat? An bhfuil ócáidí mall san oíche á gcuardach agat? Ar mhaith leat freastal ar rang damhsa? An bhfuil rud nua uait, foirm
ealaíne nár bhfuair tú blaiseadh di cheana?
Chun cuidiú le Conas Oíche Chultúir a
Chaitheamh, cheap an Chomhairle Ealaíon cúigear ambasadóirí d’Oíche Chultúir. Beidh siad ag tabhairt moltaí agus ag cur ócáidí nua chun cinn go síoraí seasta ar a n-ardáin meán sóisialta féin agus ar fud bealaí digiteacha Oíche Chultúir. I measc na
n-ambasadóirí tá meascán d’ealaíontóirí agus cruthaitheoirí óga na hÉireann, cuid mhór díobh a bheidh ag taibhiú ar Oíche Chultúir.
Ina measc seo tá Stiofán Ó Fearail, amhránaí, cumadóir amhrán, ceoltóir agus duine de bhunaitheoirí an ghrúpa tíre chomhaimseartha dhátheangaigh Seo Linn; mórcheoltóir popcheoil SexyTadhg; rapálaí, cumadóir amhrán agus ceann de na hainmneacha
is iontaí i hip hap na hÉireann, Celaviedmai; agus an damhsóir traidisiúnta extraordinaire agus údar leabhar do pháistí Edwina Guckian.
Beidh na healaíontóirí seo in éineacht leis an scríbhneoir, podchraoltóir agus urlabhraí na hinbhuanaitheachta, Keelin
Moncrieff, ag scaipeadh na hoibre faoi Oíche Chultúir idir seo agus an 20 Meán Fómhair.
Is féidir leis an lucht féachana suíomh gréasáin Oíche Chultúir a sheiceáil le fáil amach faoi inrochtaineacht agus le fáil amach faoi na himeachtaí a mbeadh suim acu iontu, as measc na mílte imeacht SAOR IN AISCE a bheidh ar siúl i gceantair thuaithe
agus uirbeacha araon, i sráidbhailte, i mbailte móra agus i gcathracha go dtí deireanach san oíche.
Is é an chéad chéim lena fháil amach conas Oíche Chultúir a Chaitheamh ná dul chuig www.culturenight.ie.
Beidh Oíche Chultúir 2024 ag tógáil ar an rath a bhí uirthi anuraidh, inár ghlac 1.2 milliún duine páirt in 1,700 imeacht cultúrtha saor in aisce ar fud na tíre. Fágann sé sin gur deis cheart straitéiseach í chun lucht féachana a fhorbairt ar feadh na
bliana.
Baineann Oíche Chultúir leis na healaíona agus ár n-eisiúintí cultúrtha a scrúdú. Tá sí bunaithe ar oscailteacht, fionnachtain, ceiliúradh agus muintearas. Osclaítear doirse go déanach agus eagraítear imeachtaí speisialta, uathúla ag láithreacha rannpháirteacha,
ar líne agus craolta.
Tá gach gníomhaíocht SAOR IN AISCE.
Oíche Chultúir Dhéanach
Tá Oíche Chultúir Dhéanach ag filleadh le sraith imeachtaí a bheidh ar siúl níos moille san oíche ná mar a bhí i mblianta roimhe seo, mórán acu tar éis meán oíche. Cuirtear an tionscnamh i láthair a bhuí le tacaíocht bhreise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir,
Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi Thascfhórsa Gheilleagar na hOíche. I measc na mbuaicphointí ó chlár Oíche Chultúir Dhéanach na bliana seo tá: Hip Hap ar an Stáitse, imeacht chun ceiliúradh a dhéanamh ar na cúig ghné uile den chultúr
hip hap in ionaid tionóil ar fud Luimnigh agus beidh taispeántas amharclannaíochta allamuigh ar siúl le Fíbín Teo in An Croí Óir, Cathair na Gaillimhe ag an bPóirse Caoch. Cruthaíodh an togra seo mar fhreagairt ar shuim an phobail in imeachtaí déanacha
agus ar Thuairisc Thascfhórsa Gheilleagar na hOíche (Meán
Fómhair 2021).
Le haghaidh tuilleadh eolais: Oíche Chultúir Dhéanach 2024
Read Mór
Ag tógáil ar an gcomhoibriú rathúil le FSS, tá an tionscadal bronnta leabhar Read Mór ag filleadh i mbliana don tríú huair. I mbliana, tá an Chomhairle Ealaíon ag gabháil i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar Oíche Chultúir chun liosta
coimeádaithe de theidil ó údair Éireannacha agus údair lonnaithe in Éirinn a bhronnadh laistigh de gach príosún go náisiúnta. Arís eile, déanfaidh Read Mór cinnte go mbeidh níos mó daoine in ann sásamh a bhaint as Oíche Chultúir i níos mó áiteanna.
Chun na sonraí uile a fháil faoin tionscadal bronnta leabhar in 2024, féach Read Mór.
Todhchaí na hOíche Chultúir a Eolas
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon tuarascáil
athbhreithnithe fianaise, taighde agus comhairliúcháin le Janice McAdam, Annette Nugent agus Heather Maitland a fhoilsiú Informing the Future of Culture Night. Is í Oíche Chultúir an ócáid bhliantúil uile-oileáin a cheiliúrann cultúr, cruthaitheacht
agus na healaíona. Tá an tuarascáil mar bhuaic ar chlár fairsing taighde náisiúnta, a úsáideann sonraí suas go dtí 2020 chun éabhlóid na hOíche Chultúir a rianú, chun luach poiblí reatha agus féideartha na hOíche Chultúir a thuiscint agus a sholáthraíonn
tagarmharc agus moltaí maidir lena measúnú, fís agus seachadadh amach anseo.
Íoslódáil
an tuarascáil anseo (PDF, 6MB)
Le haghaidh Fiosruithe déan teagmháil le: Eimear.Kelleher@artscouncil.ie