
Cad é Laureate na nÓg?
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg. Is é Leabhair Pháistí Éireann a dhéanann an tionscnamh a bhainistiú agus a sheachadadh ar son na Comhairle Ealaíon agus tá tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ón
Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Seachadann Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, an chéad léacht ar ‘dhofheictheacht’
Luachanna
Creideann an Chomhairle Ealaíon:
i gceart gach linbh litríocht a fhionnadh agus sásamh a bhaint aisti
in obair uaillmhianach agus ar ardchaighdeán do leanaí agus do dhaoine óga
i ngairmeacha táirgiúla agus tairbheacha do scríbhneoirí agus do mhaisitheoirí
sa tábhacht atá ann meas agus tacaíocht a thabhairt do gach guth agus cultúr atá in Éirinn an lae inniu
Cuspóir
Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil bua na ceirde aige/aici mar aon
le tiomantas iontach, déanann Laureate na nÓg litríocht do leanaí agus do dhaoine
óga a chur chun cinn agus a cheiliúradh. Fágann sin gur spreagadh mór atá sa
Laureate do scríbhneoirí, do mhaisitheoirí agus do léitheoirí óga.
Aidhmeanna:
Onóir a thabhairt do scríbhneoir nó maisitheoir den litríocht do leanaí agus do dhaoine óga i nGaeilge nó i mBéarla a bhfuil bua na ceirde aige/aici
Litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta
Leanaí, daoine óga agus a bpobail áitiúla a chur i dteagmháil leis an litríocht agus inspioráid a thabhairt dóibh
Glúnta nua scríbhneoirí agus maisitheoirí a spreagadh
Cúlra
Mar chuid den athbhreithniú meántréimhse a rinneadh in 2008 ar an gComhpháirtíocht ar son na nEalaíon, chuir an Chomhairle Ealaíon próiseas comhairliúcháin ar siúl ar mhaithe le fís, straitéis agus plean gníomhaíochta cuimsitheach le haghaidh litríocht
do leanaí a fhorbairt. Tar éis an chomhairliúcháin, beartaíodh beartas agus straitéis nua a chur le chéile. Rud a bhí lárnach sa bheartas agus sa straitéis nua sin laureate do leanaí a chur ar bun, ról a ceapadh chun litríocht do leanaí agus a
cion don saol cultúrtha a cheiliúradh.
Bunaíodh Laureate na nÓg in 2010. Ba í Siobhán Parkinson an té ar a bronnadh onóir chéad Laureate na nÓg in Éirinn uirthi. Ina diaidh, bronnadh an Laureate ar cheathrar eile – Niamh Sharkey, Eoin Colfer, PJ Lynch agus Sarah Crossan. Tháinig deireadh
le téarma an bhuaiteora dheireanaigh, Sarah, go déanach i mí Aibreáin. Chuir gach ceann de na buaiteoirí leis an gclár ina mbealaí féin, agus aithnítear Laureate mar an onóir is airde dá bhfuil ann in Éirinn do scríbhneoir nó maisitheoir na litríochta
leanaí. I mí na Bealtaine, ainmníodh Áine Ní Ghlinn mar an séú Laureate na nÓg. Tá sí i mbun a clár oibre faoi láthair.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi Laureate na nÓg ar an suíomh gréasáin: www.childrenslaureate.ie
Beathaisnéis
As Contae Thiobraid Árann ó dhúchas d’Áine. D’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta in RTÉ agus i Raidió na Gaeltachta, agus caitheann sí a cuid ama idir a bheith ag scríobh, ceardlanna i scríbhneoireacht chruthaitheach a chur ar fáil i scoileanna ar fud
na tíre agus ag tabhairt léachtaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go páirtaimseartha. Bhain a cuid leabhair Gradam Leabhar na Bliana Gradam Reics Carló amach trí huaire, an uair dheiridh in 2019 de bharr a húrscéil, Boscadán. In 2015, bhain
a húrscéal d’aosaigh óga Daideo an Gradam Onórach Ficsin ag Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann, chomh maith le Leabhar na Bliana Chumann Litearthachta na hÉireann.
Is iarchathaoirleach ar Ghradaim Leabhar na Bliana Leabhair
Pháistí Éireann í Áine agus throid sí go láidir ar son scríbhneoirí agus maisitheoirí Gaeilge. Tá sí ag obair san earnáil litríochta do leanaí i gcoitinne le blianta fada mar sheaimpín feiceálach, glórach agus tomhaiste leabhair a scríobhadh do leanaí
i nGaeilge. Roghnaíodh Áine mar dhuine de scór CAILÍNÍ DÁNA Leabhair Pháistí Éireann in 2018, tionscadal ina ndearnadh comóradh ar chailíní agus ar mhná láidre i litríocht do leanaí agus inar aibhsíodh ealaíontóirí ban na hÉireann a bhfuil saothar
den scoth cruthaithe acu.