Tig leat iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain do Thionscadal.Is é cuspóir na dámhachtana sin tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh neamhspleácha uaillmhianacha ardchaighdeáin a dhéanann cur i láthair do lucht féachana nó do phobal go sonrach, nó a théann i mbun rannpháirtíochta leo. Tig leat níos mó eolais a fháil faoi sin anseo (http://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Thionscadal-sraidealaion-agus-seonna/)
Is ea. Cé nach gá go dtuilleann siad ioncam go leanúnach nó go heisiach óna gcleachtas ealaíon, ní mór do na hiarratasóirí iad féin a aithint agus a bheith aitheanta ag a bpiaraí mar ealaíontóirí gairmiúla atá i mbun cleachtaidh.
Ní féidir. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig Cultúr Éireann, an comhlacht náisiúnta a chuireann ealaíona na hÉireann chun cinn ar fud an domhain. Tá níos mó eolais faoi Chultúr Éireann agus faoi dheiseanna maoiniúcháin le fáil anseo (http://www.cultureireland.gov.ie/)
Tig leat iarratas a chur isteach ar an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna. I measc nithe eile, tá sé de chuspóir na Dámhachtana sin cur ar chumas ealaíontóirí taisteal thar lear chun a gcleachtas ealaíon a fhorbairt trí dheiseanna oiliúna aonuaire. Tá sonraí faoin Dámhachtain ar fáil anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Damhachtain-taistil-agus-oiliuna/