Tá fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., gur roghnaíodh an t-ealaíontóir Isabel Nolan, le Georgina Jackson agus The Douglas Hyde Gallery of Contemporary Art mar léiritheoir, chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag 61ú Biennale Ealaíne na Veinéise in 2026.
Tá Biennale na Veinéise ar cheann de na hardáin idirnáisiúnta is tábhachtaí do na hamharc-ealaíona, a mheallann os cionn leathmhilliún cuairteoir, ar a n-áirítear léiritheoirí idirnáisiúnta, lucht na ndánlann, criticeoirí ealaíne, agus ealaíontóirí. Roghnaíodh foireann ionadaíochta na hÉireann i ndiaidh próisis iomaíoch oscailte le moltóirí idirnáisiúnta.
Dúirt an tAire Martin:
“Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil le Isabel Nolan, Georgina Jackson agus The Douglas Hyde Gallery as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2026. Tá aitheantas ar Isabel Nolan mar ealaíontóir ar thús cadhnaíochta i gcleachtas amharc-ealaíon na hÉireann. Méadaítear feasacht ar earnáil láidir amharc-ealaíon na hÉireann trí rannpháirtíocht in Biennale Ealaíne na Veinéise; is pointe tábhachtach i ngairm ealaíontóra é. Déanann mo Roinn, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.”
Tá taispeántais an ealaíontóra Isabel Nolan fréamhaithe in ábhair mhóra: an chosmeolaíocht agus an stair dhomhain; an reiligiún agus an mhiotaseolaíocht; an bás agus an grá. Agus í ag obair sa dealbhóireacht, teicstílí, pictiúir, líníochtaí, an ghrianghrafadóireacht agus an scríbhneoireacht, tugann Nolan aghaidh ar cheisteanna faoi conas brí a chur sa domhain. Tá cumas iontach ag saothar s’aici dul i dteagmháil leis an phobal, agus iad ag iarraidh bealaí a aimsiú chun taitneamh a bhaint as an domhan chasta atá cruthaithe againn, nó fiú grá a bheith acu dó. In 2027, tiocfaidh an saothar seo ar ais go hÉirinn ar chamchuairt náisiúnta, arna tacú ag an Chomhairle Ealaíon, in ionaid éagsúla ar fud an oileáin.
Dúirt an t-ealaíontóir a roghnaíodh, Isabel Nolan:
“Is pribhléid mhór í ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i réimse ar bith den ghníomhaíocht chultúrtha. Is deis annamh í mo shaothar a bheith ar taispeáint in éineacht leis an iliomad ealaíontóirí eile; chomh maith leis an tseans chun dul i dteagmháil le pobail mhóra ansin, agus sa bhaile leis an chamchuairt náisiúnta. Cathair iontach í an Veinéis agus tá mé ar bís go bhfuil an t-ádh mór liom gur féidir liom an tionscadal uaillmhianach seo a thabhairt chun críche leis an léiritheoir Georgina Jackson ón Douglas Hyde agus an léiritheoir Cian O’Brien. Tá an cumas ait agus speisialta ag an ealaín cineálacha cumhachtacha pobal a chruthú agus a thástáil le heolas agus áilleacht chomhroinnte, is cuma cé chomh sealadach agus atá siad. Is stáitse é Biennale na Veinéise nach bhfuil a shárú ann.”
Dúirt an léiritheoir Georgina Jackson:
“Is duine de mhór-réaltaí amharc-ealaíona comhaimseartha na hÉireann í an t-ealaíontóir Isabel Nolan. Is ardán dochreidte é Biennale na Veinéise chun béim a leagan ar a saothar agus ar bheocht amharc-ealaíona comhaimseartha na hÉireann araon, agus chun ceangal a dhéanamh le pobail fhairsinge. Is fiontar cumhachtach é saothar Isabel a léiriú sa Veinéis; i measc na móitífeanna a thagann aníos go minic ina saothar tá áirsí, crainn solais thite, tonnta ag éirí tógtha agus grianta ag dul in éag – íomhánna a bheidh an-chumhachtach san Arsenale. Is mór an onóir agus ábhar scleondar dom a bheith in ann oibriú le Isabel, an léiritheoir Cian O’Brien, foireann The Douglas Hyde, Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon chun Éire sa Veinéis 2026 a chur chun críche, agus chun cur le hoidhreacht na pailliúin rathúla a tharla roimhe seo.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht